Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Réamhaisnéis Limistéar na Farraige

Réamhaisnéis do Limistéar na Farraige

Cuimsíonn an Réamhaisnéis do Limistéar na Farraige a eisíonn Met Éireann Uiscí Cósta na hÉireann ag síneadh amach 30 muirmhíle, agus cuimsíonn sí freisin limistéar Mhuir Éireann arna léiriú ar an léarscáil.

Marine Map

Tá na bunghnéithe seo a leanas sa Réamhaisnéis do Limistéar na Farraige a eisíonn Met Éireann:

An Staid Mheitéareolaíochta nó Ghinearálta

Cur síos ar an staid mheitéareolaíochta ar fud na hÉireann ag an am luaite agus sna córais uisce in aice na hÉireann, mar shampla, lagraigh, frithchioclóin nó tul-umair, a bhfuiltear ag ceapadh go mbeidh tionchar acu ar na limistéir réamhaisnéise sa 24 uair ina dhiaidh sin. Seo a leanas cur síos ar roinnt de na téarmaí in úsáid anseo:-

  • Ar tí tarlú: laistigh de 6 huaire
  • Gan rómhoill: idir 6 agus 12 uair
  • Níos déanaí: idir 12 agus 24 uair

Seo a leanas cur síos ar luas ghluaiseacht an bhrú agus na dtul-chóras:-

  • Go mall: suas le 15 mhuirmhíle
  • Go seasta: 15 go 25 muirmhíle
  • Cuíosach gasta: 25 go 35 muirmhíle
  • Go gasta: 35 go 45 muirmhíle
  • An-ghasta: níos mó ná 45 muirmhíle.

Tagann an réamhaisnéis ghinearálta ina dhiaidh le sonraí maidir le gaoth, aimsir agus feicseanacht d’uiscí cósta uile Mhuir Éireann.

Gaoth:

Tugtar láidreacht na gaoithe i dtéarmaí Fórsa Beaufort agus tugtar treo na gaoithe ag baint úsáide as compás le 16 phointe

Aimsir:

Seo a leanas roinnt téarmaí a úsáidtear i dtuairiscí Réamhaisnéise agus cósta:-

  • Breá: Lá tirim grianmhar d’fhormhór. Glan tar éis thitim na hoíche.
  • Measartha: Sealanna tirime maithe gréine (le scamaill ag leibhéal níos lú ná 3 – 5 okta de scamaill mheánacha nó ísle nó 6 – 8 okta de scamaill arda).
  • Scamallach: 6 – 8 okta de scamaill ísle nó mheánacha.
  • Ceobhrán: Feicseanacht srianta ag braoiníní uisce.
  • Smúiteán: Feicseanacht srianta ag deannach nó gal.

Tá téarmaí eile amhail báiteach nó cloichshneachta ina dtéarmaí féinmhínitheacha.

Feicseanacht:

Ciallaíonn cur síos ar fheicseanacht seo a leanas:-

  • Go maith: níos mó ná 5 mhuirmhíle (9km)
  • Measartha: 2 – 5 mm (4 – 9 km)
  • Go holc: 0.5 to 2 mm (4km)
  • Ceo: níos lú ná 0.5 mm (1,000m)

Rabhadh suaille:

Nuair atáthar ag tuar airde suaille níos mó ná 4 mhéadar.

Ionchas:

Tugtar ionchas achomair don tréimhse 24 uair a chuimsíonn an réamhaisnéis.

Tuarascálacha Cósta

(ó na stáisiúin seo a leanas):

Cionn Mhálanna
Aerfort Bhaile Átha Cliath
Rinn an Róistigh Uathoibríoch
Dairbhre
Béal an Mhuirthead
Baoi M1
Baoi M2
Baoi M3
Baoi M4
Baoi M5
Baoi M6

Áirítear sna tuarascálacha cósta na nithe seo a leanas::
(a) treo na gaoithe ar chompás le 16 phointe agus luas i muirmhílte
(b) aimsir
(c) feicseanacht i muirmhílte agus i ndeichiú de sin,
(d) brú in heicteapascail (milleabair)
(e) claonadh an bhrú, a chuireann síos ar an athrú brú le 3 huaire anuas, de réir an scála seo:

  • 0.0 – 0.4hPa = seasta
  • 0.5 – 1.9hPa = ag éirí/titim go mall
  • 2.0 – 3.4 hPa = ag éirí/titim
  • 3.5 – 5.9 hPa = ag éirí nó ag titim go gasta
  • 6.0hPa or greater = ag éirí nó ag titim an-ghasta

Turais Mhara

Airde Tonn / Riocht na Mara
Is ionann airde na dtonn agus an fad ingearach idir an tul toinne agus an log a tháinig roimhe nó a thiocfaidh ina dhiaidh. Déanann an tábla thíos
cur síos ar an gcóras tonn atá bainteach le raon airdí Suntasacha Tonn.
Sainítear an airde shuntasach mar mheán-airde an triain is airde de na tonnta. (Tá sé an-ghar do luach airde na dtonn nuair a dhéantar tomhais súl ar airde
na dtonn.)

Riocht na Mara (Tuairisciúil) Airde Shuntasach Tonn (i méadair)
Socair 0 – 0.1
Réidh (Tonnáin)(Wavelets) 0.1 – 0.5
Bog 0.5 -1.25
Meánach 1.25 – 2.5
Garbh 2.5 – 4.0
An-Gharbh 4.0 – 6.0
Ard 6.0 – 9.0
An-Ard 9.0 – 14.0
Feiniméanach Os cionn 14.0

Beidh airdí ag tonnta aonair sa tonnsraith a rachaidh os cionn na hairde suntasaí. Beidh an airde na toinne is airde thart ar dhá oiread na hairde suntasaí.

Rabhaidh faoi Ghála

  • Eisíonn Met Éireann rabhaidh faoi ghála d’uiscí cósta na hÉireann, a meastar iad a bheith ag síneadh amach 30 míle ón imeallbhord agus Muir Éireann nó cuid di.
  • Déantar rabhaidh faoi ghálaí a eisiúint má réamh-mheastar go mbeidh gaotha ann ag Fórsa 8 ar Scála Beaufort.
  • Déantar Rabhaidh faoi Ghála Láidir a eisiúint má réamh-mheastar go mbeidh gaotha ann a shroichfidh Fórsa 9 ar Scála Beaufort nó séideáin mhinice ag ar a laghad 52 muirmhíle.
  • Eisítear Rabhaidh faoi ghaotha ag an bhFórsa Stoirme má réamh-mheastar go sroichfear Fórsa 10 ar Scála Beaufort nó séideáin mhinice ag ar a laghad 61 muirmhíle.
  • Eisítear Rabhaidh faoi Fhórsa Stoirme Fíochmhar má réamh-mheastar go sroichfear Fórsa 11 ar Scála Beaufort nó séideáin mhinice ag ar a laghad 69 muirmhíle.
  • Eisítear Rabhaidh faoi Fhórsa Hairicín má réamh-mheastar go sáróidh na gaotha 64 muirmhíle.

Rabhaidh do Bháid Bheaga

Eisítear Rabhaidh do Bháid Bheaga má réamh-mheastar go sroichfear Fórsa 6 ar Scála Beaufort (íos. 22 muirmhíle) nó suas le 10 muirmhíle amach ón gcósta.

Réamhaisnéisí Limistéar na Farraige ar fáil do na Meáin agus ar bhonn Tráchtála

Déantar Réamhaisnéisí Limistéar na Farraige a eisiúint agus a chraoladh beo ó Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta Met Éireann ar RTÉ Raidió 1. Cuirtear aon rabhadh faoi ghála san áireamh san fheasachán nuachta gach uair ar RTÉ Raidió.

Stáisiúin Raidió Ghardaí Chósta na hÉireann.

Craolann Stáisiúin Raidió GCÉ fógra roimh ré de réamhaisnéisí aimsire ar Marine VHF Radio Ch16 agus ansin craolann siad an réamhaisnéis ar an gcainéal feidhmiúil ainmnithe cuí ar Raidió VHF. Déantar Réamhaisnéisí Limistéar na Farraige a chraoladh gach 3 huaire ag 0103 am áitiúil.

i.e. seo a leanas na hamanna craolacháin:- 0103, 0403, 0703, 1003, 1303, 1606, 1903, 2203 am áitiúil .
Bíonn fógra ar Marine VHF Ch16 sula ndéantar Rabhadh faoi Ghála a chraoladh. Déantar iad a chraoladh a luaithe is a fhaightear iad agus déantar iad a athchraoladh arís ag an gcéad am is cóngaraí eile astu seo a leanas:- 0033, 0633, 1233 agus 1833 am áitiúil.

Gréasán

Is féidir an Réamhaisnéis is déanaí do Limistéar na Farraige, Rabhaidh do Bháid Bheaga agus Rabhaidh faoi Ghalaí (más ann dóibh) a fháil ar an suíomh seo..

You are here: