Meitéareolaíocht Talmhaíochta

Tá sé mar phríomh sprioc ag an Aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta a bhunaigh Met Éireann i 1965, cabhair a thabhairt chun go mbainfidh talmhaíocht na hÉireann úsáid níos fearr as faisnéis meitéareolaíochta.

Baineann sé amach é sin ar cheithre bhealach:

1. Trí thacaíocht dhíreach a thabhairt d’fheirmeoirí

Trí oibriú le rannóga eile laistigh de Met Éireann, tacaíonn an t-Aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta le táirgí agus seirbhísí ar féidir le feirmeoirí rochtain dhíreach a fháil orthu. Ináirithe orthu sin tá na breathnóireachta is déanaí (m.sh. teochtaí ithreach, iomláin bháistí & radaíocht ghréine), mapaí easnaimh thaise ithreach, rabhadh dúchana, réamhaisnéisí feirmeoireachta laethúla chomh maith leis an réamhaisnéis sheachtainiúil ar an teilifís.

2.Trí thacú le comhairleoirí talmhaíochta

Cuirtear táirgí agraimheitéareolaíocha speisialaithe ar fáil do ghníomhaireachtaí rialtais chun cabhrú le córais náisiúnta tacaíochta cinnteoireachta. I measc na samplaí tá innéacsanna rabhaidh a chur ar fáil don tSeirbhís Foraoiseachta, réamhaisnéis dhéine i leith uisce a chur ar fáil don Ghrúpa Comhairliúcháin Náisiúnta ar Leith Uisce agus cumais mhúnla scaipthe chun cabhrú leis an Roinn Talmhaíochta in amanna a mbíonn ráig den ghalar crúibe is béil ann.

3.Trí thaighde chomhoibríoch

Bíonn an t-aonad gafa go seasta le tionscadail thaighde agraimheitéareolaíocha le heagraíochtaí eile rialtais (go mór mór le Teagasc) agus le hollscoileanna. I measc na réimsí taighde faoi láthair tá fás féir, dúchan agus imghalú.

4.Trí chabhrú le grúpa AGMET

Is eagraíocht dheonach í AGMET, leis an teideal iomlán ‘Comhghrúpa Oibre ar Mheitéareolaiocht Thalmhaíochta Fheidhmeach’ atá déanta suas de chomhaltaí ar ghairmithe iad den chuid is mó agus atá ag obair i ndisciplíní agraimheitéareolaíocha in Éirinn. Oibríonn AGMET mar mhol don phobal seo trí bheith ag rith comhdhálacha, ag foilsiú leabhar agus ag spreagadh comhoibrithe. Tugann Aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta Met Éireann an Grúpa AGMET le chéile go traidisiúnta.

 

Eolas faoi Sonraí Agrai-Mheitéireolaíocha, le Easnaimh Thaise na hIthreach, Galú, Imghalú Féideartha, Imghalú Iarbhír, agus Rith anseo