Brú an Atmaisféir

Tá brú an atmaisféir ina pharaiméadar tábhachtach chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcóras aeráide, mar go bhfuil pátrúin mhórscála chúrsaíochta an atmaisféir faoi thionchair difríochtaí san aerbhrú. Bíonn treo na haershreibhe, os cionn an chisil a dtéann an chúltarraingt fhrithchuimilteach i bhfeidhm air, nach mór comhthreomhar leis na hiseabair – línte a cheanglaíonn pointí leis an mbrú céanna. Cóngarach don dromchla, mar thoradh ar fhrithchuimilt séideann gaotha trasna na n-iseabar ó ardbhrú go lagbhrú ag uillinn atá ag brath ar ghairbhe an dromchla agus de ghnáth tá seo ionann le tuairim is 25 céim. Mar sin tugann léarscáileanna ar a dtaispeántar meánbhrú an atmaisféir léiriú ginearálta ar an aershreabh ardcheannasach thar an tír.

Is minic a chúisíonn gluaiseacht agus forbairt na gcóras brú atá ann sa tír athruithe i bhfad níos mó ó uair go huair i mbrú an atmaisféir ná na cinn a tharlaíonn mar thoradh ar chomhathrú laethúil. Tarlaíonn ardú nó titim brú de 10hPa nó níos mó i dtrí huaire an chloig nuair a thagann lagraigh bhorracha cóngarach don tír nó os cionn na tíre. Tharla cúpla uair gur taifeadadh ardú nó titim de 20hPa nó níos mó i dtrí huaire an chloig.

Meánbhrú séasúrach mheánleibhéal na mara

Léiríonn an brú an comhathrú séasúrach

Léiríonn an brú an comhathrú séasúrach

Léiríonn an brú an comhathrú séasúrach. Tarlaíonn na brúghrádáin is laige san earrach agus sa samhradh, le grádán Thuaidh go Theas níos sainithe san fhómhar agus sa gheimhreadh tráth a mbíonn na brúnna níos ísle de ghnáth.

Tomhais

Déantar brú an atmaisféir a thomhas ag stáisiúin shionoptacha aimsire . Roimhe seo rinneadh brú a thomhas trí úsáid a bhaint as baraiméadar mearcair, agus b’ionann brú an aeir agus airde an mhearcair tacaithe ag an atmaisféar san fheadán folmhaithe, agus bhí baragraf anaróideach ann chun tacú leis an léamh seo, ar a raibh graf leanúnach de bhrú an aeir. Le blianta beaga anuas, toisc chruinneas na dtorthaí sna stáisiúin uathoibríocha, tá baraiméadair anaróideacha á n-úsáid in ionad na mbaraiméadar mearcair. Sna baraiméadair seo tá cill fholmhaithe, a mhéadaíonn nó a chrapann de réir mar a athraíonn an brú. Ag stáisiúin uathoibríocha aimsire, bíonn na torthaí ón mbaraiméadar anaróideach ar fáil i bhformáid dhigiteach.

Baragraf

Baragraf

Is éard is brú aeir ag pointe áirithe ann ná an fórsa in aghaidh an aonaid achair a chuireann meáchan an aeir os a chionn air. Ciallaíonn seo go n-athraíonn brú an aeir go mór le hairde, ag laghdú de réir mar a théitear in airde. Chun gur féidir comparáid a dhéanamh idir na tomhais ag áiteanna éagsúla, déantar gach léamh brú a thiontú chuig brú mheánleibhéal na mara. Ciallaíonn seo gur gá airde gach stáisiúin a dhéanann brú a thomhas a bheith ar eolas go beacht. Is é an pascal (Pa) an t-aonad brú, mar gurb é seo an t-aonad is lú brú, i gcleachtas meitéareolaíochta úsáidtear an hectopascal (hPa) (1hPa=100Pa). Déantar línte a bhfuil an brú céanna acu a tharraingt ar léarscáil aimsire agus tugtar iseabair orthu. Ní hé amháin gur athróg thábhachtach aeráide é an brú, ach is athróg thábhachtach é a chuireann síos ar chomhathrú san aimsir laethúil agus i réamhaisnéis agus samhaltú aimsire.

Amshraitheanna agus Treochtaí - Réadlann Dhairbhre

Amshraitheanna agus Treochtaí – Réadlann Dhairbhre

Amshraitheanna agus Treochtaí: Athraíonn brú go suntasach de réir ghluaiseacht agus fhorbairt na mórchóras brú, agus tarlaíonn comhathruithe séasúracha freisin agus comhathruithe laethúla níos lú. Níl mórán athraithe le feiceáil sa mheánsraith brú bliantúil, le hinathraitheacht níos mó sna sraitheanna uasta agus íosta, go háirithe na luachanna íosta mar thoradh ar mhinicíocht na gcioclón meán-domhanleithid.