Geomaighnéadas

Is é an cuspóir atá ag faireachlann geomaighnéadach ná taifeadadh a dhéanamh go leanúnach, agus thar fadtréimhse ar na hathruithe ama ar an veicteoir réimse maighnéadaigh agus dearbh-chaighdeán cruinn na dtomhas a choinneáil. Táthar ag tógáil dearbh-bhreathnóireachta maighnéadacha ag Faireachlann Dhairbhre ó 1888 agus táthar ag déanamh taifeadadh leanúnach ar na hathruithe ar réimse maighnéadach an domhain ó 1953. Le linn os cionn110 bliain breathnóireachta, 1897-2014, tá an t-athrú ar an diallas ó -22° thiar go -5° thiar feicthe againn.

Saintréithe

Is féidir le veicteoir tríthoiseach réimse maighnéadach an Domhain a léiriú ag aon láthair (féach an fhigiúr):

Léiriúchán veicteora

Dlús: Is minic go dtomhaistear dlús an réimse i ngauss (G), ach go hiondúil tuairiscítear é i nanaiteisle (nT), 1G = 100,000 nT. De ghnáth tagann laghdú ar an dlús ó na poil go dtí an meánchiorcal, mar a thaispeánann Múnla Maighnéadach an Domhain 2010. Tarlaíonn íos-dhlús os cionn Mheiriceá Theas agus tarlaíonn uas-dhlús os cionn tuaisceart Cheanada, os cionn na Sibéire, agus os cionn chósta na hAtartaice ó dheas den Astráil.

Claonadh: Tugann uillinn ar féidir leis glacadh le luachanna idir -90° (thuas) go 90° (thíos) an claonadh. Bíonn aghaidh an réimse síos sa leathsféar thuaidh. Tá sé síos díreach ag an bPol Maighnéadach Thuaidh agus bíonn sé ag rothlú suas de réir mar a bhíonn an domhanleithead ag laghdú nó go mbíonn sé comhthrománach (0°) ag an meánchiorcal maighnéadach. Leanann sé ag rothlú suas nó go mbeidh sé díreach ag an bPol Maighnéadach Theas.

Diallas: Sainmhínítear Diallas mar an uillinn idir thuaidh maighnéadach agus an fíor-thuaidh. Tá diallas dearfach i leith diall soir den réimse maidir leis an fíor-thuaidh.

Éagsúlacht Gheografach: Comhbhaill de réimse maighnéadach an Domhain ag an dromchla ó Mhúnla Maighnéadach an Domhain do 2010.

Gníomhaíochtaí eile

Baintear úsáid as sonraí shuirbhé maighnéadach chun nuashonrú a dhéanamh ar línte comhionanna diallas ar na mapaí eitlíochta a chuireann Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) amach.

Cuirtear luachanna diallas maighnéadacha do phointí thagartha IAA ar fáil go bliantúil.
Déantar suirbhé agus calabrú ar chiorcail calabrúcháin compáis ag aerfoirt.

Déantar calabrú ar na ciorcail go rialta don Aerchór agus anois is arís d’eitleoirí príobháideacha.

Cuirtear sonraí ar fáil do chomhlachtaí priobháideacha agus d’fhorais taighde ach iad a iarraidh.

Bíonn gá le sonraí maighnéadacha scaití nuair a táthar ag scrúdú cliseadh cumhachta agus deacrachtaí a bhaineann le teileachumarsáid.