Rannóg Sheirbhísí Eitlíochta

Tá seirbhísí a chur ar fáil do riachtanais eitlíochta faoi rialúcháin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ar cheann de na tascanna is tábhachtaí atá ag Met Éireann. Tá cuid mhór dár n-acmhainní dírithe ar an tasc seo, agus faighimid sciar comhfhreagrach dár mbuiséad ar ais ar bhonn chostas a fháil ar ais trí tháillí bealaí.

Is í an phríomh aidhm atá ag Rannóg Sheirbhíse Eitlíochta Met Éireann (ASD) ná soláthar faisnéise aimsire a bhaineann le heitlíocht oibriúcháin a shocrú nó a chur ar fáil.

Bíonn na seirbhísí meitéareolaíochta sin rialaithe ag caighdeáin ICAO, agus freisin ag Rialúcháin Aerspás Eorpach Aonair.

Seirbhísí Eitlíochta

Ar phríomh-thomhaltóirí sheirbhísí ASD tá Aerlínte, Rialú Aerthráchta, agus Údaráis Aerfoirt, seirbhísí Cuardaigh agus Tarrthála agus eitlíocht ghinearálta.

Caithfidh ASD cothabháil ‘fhaire mheitéareolaíochta’ thar aerspás na hÉireann a chinntiú faoi dhualgais ICAO chun fógra a thabhairt ar tharluithe a bheadh guaiseach d’eitlíocht. Bheadh sé i gceist leis seo go mbeadh foirne breathnóireachta le taithí ag déanamh breathnóireachta ag aerfoirt agus ag aeradróim. Taispeánann an íomhá seo a leanas an t-aerspás ar a gcoinníonn Met Éireann faire aimsire ina leith; Réigiún Faisnéise Eitilte na hÉireann (FIR).

Flight Information Region :Éireann (FIR)

Táirgí Eitlíochta

Eisíonn réamhaisneoirí eitlíochta roinnt táirgí réamhaisnéise go tréimhsiúil:

Réamhaisnéis Aeradróim Críochphoirt (TAF)

Ináirithe ar seo tá faisnéis aimsire d’aerpháirceanna i bhfoirméad cóid achomair agus tugann sé an ghaoth, an gnáth fheicseanacht, aimsir shuntasach, scamaill agus aon athrú suntasach a mbeadh súil leis ó thaobh na haimsire san áireamh

Tuairisc Aimsire Rodúcháin Eitlíochta Chríochphoirt Meitéareolaíochta (METAR)

Ináirithe ar seo tá sonraí ar theocht, drúchtphointe, gaoth, frasaíocht, faisnéis scamaill, feicseanacht agus brú

Cairt Aimsir Shuntasach (SIG WX)

Léiríonn na táirgí grafacha sin a chruthaíonn an réamhfhaisnéiseoir Eitlíochta na réimsí faoina mbíonn an imní meitéareolaíochta is mó. Tugann an mapa grianghraf ar fhrontaí agus ar réimsí aimsire. Baineann an chairt le gach aimsir faoi 10,000 troigh agus tá sé roinnte i réimsí. Léiríonn sé mionsonraí ar fheicseanacht, ar aimsir, ar scamaill, ar oighriú agus ar shuaiteacht

Faisnéis Mheitéareolaíocht Shuntasach (SIGMET)

Is comhairleach aimsire é SIGMET ina bhfuil faisnéis meitéareolaíochta maidir le sábháilteacht aerárthaí uile. Clúdaíonn an chomhairleach eachtraí ar nós stoirmeacha toirní, suaiteacht dhian, oighear dhian, tonnta diana ollmhóra, agus luaithreamhán bulcánach mar shampla.

Réamhaisnéisí speisialaithe d’Aerfoirt na hÉireann

Cuireann Met Éireann réamhaisnéisí laethúla mionsonraithe ar fáil freisin do chuid de na haerfoirt in Éirinn. Cuireann na réamhaisnéisí sin níos mó sonraí ar fáil chomh maith le fráma ama níos faide maidir le baol oighrithe, baol sneachta etc

Sheirbhísí Eitlíochta

Chomh maith leis na seirbhísí rialaithe, déanann ASD soláthar/socrú chun táirgí saincheaptha a chur ar fáil chun cabhrú tuilleadh leis an bpobal eitlíochta ina chuid próiseas oibriúcháin agus cinnteoireachta. Tá an ASD creidiúnaithe ar chaighdeán Chórais Bhainistíochta Cáilíochta ISO

Is féidir le heitleoirí mionteagaisc eitlíochta a fháil ó Réamhaisnéiseoirí Eitlíochta Met Éireann trí ghlaoch ar 1570 234 234. Bíonn uaschostas de €2.40/sa nóiméad ar ghlaonna. Braitheann an ráta a ghearrtar ar an soláthróir seirbhíse teileafóin ach ní féidir leis a bheith níos mó ná €2.40/sa nóiméad.

Cuireann Met Éireann seirbhís Féin Mhiontheagaisc Met (MSB)atá bunaithe ar líonra ar fáil saor in aisce tríd an ASD chun sonraí eitlíochta (Tuairiscí Aimsire Rodúcháin Eitlíochta Críochphoirt Meitéareolaíochta METARanna agus Réamhaisnéis Aeradróim Críochphoirt TAFanna etc) a sholáthar do phíolótaí agus do chustaiméirí eitlíochta (https://briefing.met.ie/).

Cuirtear Seirbhísí Meitéareolaíochta do na Fórsaí Cosanta agus traenáil mheitéareolaíochta ar fáil ag Aeradróm Mhic Easmainn.

Tá Met Éireann ag tabhairt faoi na córais breathnóireachta eitlíochta a uasghrádú trí thionscadal ar a dtugtar Tionscadal Nuachóirithe agus Uathoibrithe Eitlíochta (“AMAP”).

Déanfaidh an tionscadal nuachóiriú ar líonra breathnóireachta dhromchla eitlíochta Met Éireann, agus déanfaidh sé uathoibriú ar bhreathnóireacht dhromchla eitlíochta, ach amháin do Bhaile Átha Cliath. Is é an riachtanas le breathnóireacht shábháilte agus éifeachtach a chur ar fáil chun gach caighdeán de chuid na hEagraíochta Sibhialta Eitlíochta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh atá ag tiomáint na sprice seo.

Déan Teagmháil Linn

Tá an ASD bunaithe ag Aerfort na Sionainne ach tá oifigí aici in Aerfoirt Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Chnoc Mhuire chomh maith le hAeradróm Mhic Easmainn.

Chun cuntas úsáideora a bheith agat déan teagmháil le do thoil leis na Seirbhísí Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne tríd an Rannóg Eitlíochta ar an Fhoirm Teagmhála nó de rogha ar sin ar Teil. 061 712950 (Idirn. +353 61 712950)