Baoithe

Mura bhfuil sonraí baoi ar fáil le haghaidh tréimhse níos mó ná 24 uair, déantar na sonraí a uile a mharcáil le ‘n/a’. Sonraí M6 nach bhfuil ar taispeáint faoi láthair ar met.ie, tá tuarascálacha ar fáil ar Fhoras na Mara.

Tá na sonraí a bailíodh ó na baoithe Loingseoireachta IL1-4 mar chuid de staidéar píolótach idir Met Éireann agus Coimisinéirí Soilse na hÉireann. Tá caighdeán na sonraí a foilsíodh faoi thástáil i láthair na huaire mar chuid den staidéar píolótach.

Clíomeolaíocht na Mara

Tá graf de gach baoi ar fáil anseo lena dtaispeántar sonraí maidir le luas gaoithe meánach agus uasta, teocht an aeir, teocht na farraige agus airde tonn do gach mí ón tráth ar suiteáladh iad mar aon leis an gclíomeolaíocht don teirmiméadar mara ag Cionn Mhálanna.

Faigheann Met Éireann sonraí freisin ó bhaoi amach ó Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe le haghaidh úsáide inmheánaí amháin. Admhaímid go bhfuil an baoi seo mar chuid de thionscadal COMPASS ‘Network of Buoys’. Faigheann an tionscadal COMPASS tacaíocht ó Chlár INTERREG VA an Aontais Eorpaigh, arna bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB).