Taispeánann léarscáileanna Innéacs UV d’Éirinn an réamhaisnéis uasta leibhéal UV faoi spéir shoiléir nó scamallach i rith an lae a léirítear. Tá an finscéal Innéacs UV agus an chairt Comhairle thíos. Tá Innéacs UV DWD don Eoraip ar fáil anseo.
Innéacs UV agus Comhairle
Radaíocht Ultraivialait
Céard é Ultraivialait?
Is cineál fuinnimh é radaíocht ultraivialait (UV) a tháirgeann an ghrian agus foinsí saorga, cosúil le leapacha gréine agus stuatháthairí.
Tá radaíocht UV déanta de ghathanna UVA, UVB agus UVC. Sroicheann gach ga UVA agus beagnach gach ga UVB dromchla an domhain. Ionsúnn an ciseal ózóin gach ga UVC agus ní shroicheann siad dromchla an domhain.
Is féidir leat solas na gréine a fheiceáil agus teas na gréine a mhothú. Ach ní féidir leat gathanna UV na gréine a fheiceáil ná a mhothú. Is féidir le UV go díreach ón ngrian dul i bhfeidhm ar an duine. Chomh maith leis sin, is féidir é a fhrithchaitheamh ó dhromchlaí difriúla agus a scaipeadh trí cháithníní aeir.
Céard iad na rioscaí a bhaineann le UV?
Is iad gathanna ultraivialait (UVA agus UVB) ón ngrian agus ó leapacha gréine an phríomhchúis atá le hailse chraicinn. D’fhéadfadh glacadh iomarcach UV a bhí mar bhonn le dó gréine, griandathú, aosú réamhaibí agus damáiste don tsúil.
Nuair a ghlacann craiceann agus súile le UV, déantar damáiste do DNA, damáiste nach n-éiríonn le corp an duine a dheisiú i gceart go minic. Forbraíonn glacadh leantach UV sa chraiceann de réir a chéile agus déanann sé damáiste do do chraiceann agus d’fhéadfadh go mbeadh sé mar bhonn le hailse chraicinn.
Cé atá i mbaol ó ailse chraicinn?
Tá níos mó seans ann go bhfaighidh daoine le craiceann geal ailse chraicinn. Tá ‘craiceann Ceilteach’ ag breis is 75% dár ndaonra rud a chiallaíonn go mbíonn neart breicní le feiceáil ar an gcraiceann agus go ndónn sé go héasca. Ní éiríonn linn griandathú a fháil go héasca, nó ar chor ar bith agus tá an riosca is airde againn chomh fada is a bhaineann le hailse chraicinn a fháil. D’fhéadfadh duine ar bith, beag beann ar an gcineál craicinn atá aige/aici, ailse chraicinn a fháil.
Bíonn oibrithe a oibríonn amuigh faoin aer ag glacadh le leibhéal méadaithe gathanna UV nuair a bhíonn siad ag obair amuigh faoin aer, rud a chuireann leis an mbaol go bhfaighidh siad ailse chraicinn. D’fhéadfadh go mbeadh daoine a oibríonn amuigh faoi aer ag déileáil le idir 2-3 uair níos mó gathanna UV ná daoine a bhíonn ag obair faoi dhíon.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le conas is féidir le fostóirí agus le fostaithe oibriú le chéile, chun iad a chosaint ó UV ina n-ionaid oibre féach ar https://www.hse.ie/sunsmart
Céard é an t-innéacs UV?
Is táscaire maith é an t-innéacs UV den uair lena mbaineann an chontúirt is mó leis an ngrian. Tomhaiseann an t-innéacs gathanna UV na gréine ionas go mbeidh a fhios agat conas agus cathain do chraiceann a chosaint nuair a bhíonn tú amuigh faoin aer. Dá airde an t-innéacs UV, is ea is airde an riosca go ndéanfar damáiste don chraiceann agus don tsúil.
Bíonn gathanna UV ag an leibhéal is airde i lár an lae i gcónaí, go hiondúil idir 11:00am-3:00pm, idir Aibreán agus Meán Fómhair.
Nuair a bhíonn an t-innéacs UV cothrom le 3 nó níos airde ní mór duit do chraiceann a chosaint, agus 5 S SunSmart Éire na Sláinte a leanúint. Is féidir leat réamhaisnéis an innéacs UV i do cheantar féin a sheiceáil anseo.
Braitheann an t-innéacs UV ar cá bhfuil tú ar domhan, am den bhliain, am den lá, clúdach scamall, airde agus dromchlaí mórthimpeall ort. Ní bhíonn na gathanna UV ag an leibhéal is airde nuair atá an aimsir ag an teocht is airde.
Conas a bheith SunSmart::
Cosain do chraiceann agus do shúile ó radaíocht ultraivialaite ón ngrian
Lean 5 S SunSmart Éire na Sláinte idir Aibreán agus Meán Fómhair:
For more information on skin cancer prevention visit https://www.hse.ie/sunsmart
Ultraviolet radiation (UV) is a component of sunlight. The Global Solar UV index is a scale that was developed by the World Health Organisation which measures the UV radiation level at the surface of the Earth, and gives an indication of the potential for skin damage. The graph above shows the current UV Index level as measured at Valentia Observatory Co. Kerry (time is UTC). Further information below.
Data from the Valentia UV Index may be intermittent.
The latest visible Satellite image is the black and white version of the satellite image available here
The UV Index level for your location is included in each of our Regional Weather Forecasts during summer months.
Further Information
- The UV index forecast for Ireland is sourced by Deutscher Wetterdienst and is included in our regional forecasts all year round, but be aware it can only be an average for any one day over the entire country. The clear/sunny sky peak UVI index is reduced by cloud cover.
- For example when the sky is cloud free (sunny) everywhere in Ireland then the UVI for Ireland is high (7.5) in June/July between 11am and 4pm. If it is cloudy everywhere then the UVI is low to moderate (3 to 4).
- Often however the cloud is variable from place to place and from time to time in Ireland and due to wind chill it can often feel cool in summer. Nonetheless a 20 minutes sunny interval can produce sunburn.
- Further details on Ozone Monitoring and the Brewer spectrophotometer is here

