Saotharlann

Is de bharr clár Faire Atmaisféarach Domhanda Eagraíocht Mheitéareolaíochta an Domhain atá Saotharlann Chomhshaoil Met Éireann ann. Déanann GAW monatóireacht ar staid an chomhshaoil Domhanda le tagairt speisialta dá chomhdhéanamh. Bailíonn Met Éireann samplaí laethúla aeir agus báistí ó Fhaireachlann Dhairbhre.

Déantar anailís ar na samplaí sin ansin i leith iain neamhorgánacha coitianta. Déantar anailís ar shamplaí laethúla aeir agus báistí ó láithreacha EPA freisin. Cuirtear na torthaí chuig GAW agus chuig Clár Monatóireachta agus Measúnaithe na hEorpa (EMEP). Déanaimid comhoibriú le clár monatóireachta aeir Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag Ceann Mhása freisin.

Cuireadh tús le sampláil bháistí i nDairbhre i 1957 ar bhonn míosúil agus athraíodh go dtí sampláil laethúil i 1980. Cuireadh tús le sampláil mhíosúil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Béal an Mhuirthead, Biorra, Ros Láir, Cionn Mhálanna agus Cluain Eois i 1958. Cuireadh an tSionainn leis i1961. Tá Béal an Mhuirthead, Cluain Eois agus Cionn Mhálana ag cur isteach samplacha míosúla i gcónaí.

Cuireadh tús le hanailís a úsáideann tuaslagán ionsúcháin nochtaithe ar feadh míosa i 1961/62. B’iad na stáisiúin a ghlac páirt ann ná Dairbhre, Béal an Mhuirthead, Biorra, Ros Láir, Cionn Mhálanna agus Aerfort na Sionainne. Cuireadh Aerfort Bhaile Átha Cliath, Cluain Eois agus Aerfort Chorcaí leo sna 1970í. Cuireadh deireadh le sampláil mhíosúil aeir ag gach stáisiún faoi 1992.

Cuireadh tús le sampláil laethúil aeir ag baint úsáide as scagairí i bhFaireachlann Dhairbhre i bhFeabhra, 1980. B’iad SO4_S, SO2_S na comhbhaill a tomhaisíodh. Tosaíodh ar thomhais NO2_N i bhFeabhra, 1982. Cuireadh NO3_N agus Caitiain leis an sampláil scagaire in Eanáir 2004.

Tá sonraí ó na cláir samplála sin ar fad le fáil ach iad a iarraidh.