Cabhair don Suíomh & App

Fáilte go suíomh gréasáin nua Met Éireann. Den chéad uair riamh, beidh rochtain ar líne ag pobal na hÉireann ar réamhaisnéiseí 7 lá le haghaidh áit ar bith in Éirinn ar www.met.ie agus ar an aip nua dár gcuid.

Réamhrá

Tuigimid gur athrú é an suíomh gréasáin seo ón mbealach a d’oibrigh an seansuíomh gréasáin agus mar sin, ba mhaith linn treoir a thabhairt d’úsáideoirí maidir le conas réamhaisnéis na haimsire agus na gnéithe céanna nó coibhéiseacha ón seansuíomh gréasáin agus ón sean-aip a fháil, mar aon le fís agus íomhánna a chur ar fáil dóibh ina mínítear conas teacht orthu sin.

Tá ár leathanach baile deartha chun ár leathanaigh is mó tóir ón seansuíomh a áireamh ach anois, tá réamhaisnéis aimsire chuimsitheach oiriúnaithe ar fáil i ndáil le háit ar bith in Éirinn ach an luchóg a chliceáil! Is féidir é sin go léir a fheiceáil ar 3 bhealach dhifriúil – gach ceann díobh ar an leathanach céanna:

  • Léarscáil maidir le Radar Báistí/Réamhaisnéis na hAimsire
  • Réamhaisnéis Aimsire Mhionsonraithe ar ghraif i ndáil le hait ar leith, agus
  • Réamhaisnéis Náisiúnta agus Réigiúnach i scríbhinn

Is féidir físeán a chur ar siúl chun na gnéithe ar fad a fheiceáil….

(Is fearr an mód lánscáileáin a úsáid chun féachaint air – cliceáil ar an íocón lánscáileáin ag an mbun ar dheis den fhíseán)

is féidir  freisin an treoir i scríbhinn a leanúint anseo:

Léarscáil an Leathanaigh Baile: Réamhaisnéis Aimsire & Radar

Weather Map

 

 

 

 

 

 

Tosaigh ag an leathanach baile anois www.met.ie (ná úsáid leabharmharc ón seansuíomh gréasáin.)

Seans go n-iarrfaí ort ceadú don suíomh gréasáin do láthair féin a rochtain – lig dó é sin a dhéanamh le do thoil; ní úsáidfear an t-eolas sin ach chun réamhaisnéis aimsire áitiúil a chur ar fáil. Ní dhéanaimid an t-eolas sin a stóráil ná a sheoladh áit ar bith eile.

Ag barr an leathanaigh, i gcló gorm, leagtar amach an aimsir reatha ón stáisiún aimsire svuít-iomlán is cóngaraí don láthair sin.

Cuirtear ar fáil ar an Léarscáil Aimsire ag barr an leathanaigh baile (íomhá thuas) réamhaisnéisí atá coibhéiseach leis an Réamhaisnéis 3 uaire an chloig agus an Réamhaisnéis Gearr-Raoin (tá an dá cheann díobh sin imithe as feidhm anois) chomh maith leis an Réamhaisnéis 5 Lá a bhíodh ar an seansuíomh gréasáin. Ach anois, ní gá duit a bheith ag dul ó leathanach amháin go leathanach eile chun iad a fheiceáil.

Cuimsítear sa léarscáil na trí Léarscáil Aimsire seo a leanas:

  • Radar Báistí: ar fáil anois in eatraimh 5 nóiméad ag dul siar 90 nóiméad
  • Forléargas Aimsire: roghbhlúire tapa ónár réamhaisnéiseoirí maidir leis an gcineál aimsire atá le bheith ann sna cúig lá amach romhainn, ag meán lae agus ag meán oíche
  • Réamhaisnéisí mionsonraithe ríomhghinte ar a dtaispeántar Báisteach, Gaoth, Teocht agus Brú. Ritheann na réamhaisnéisí seo in eatraimh in aghaidh na huaire i ndáil leis an gcéad 2 lá eile, agus in eatraimh 3 huaire agus 6 huaire suas go 7 lá romhainn amach. Tugtar eochair eolais agus aonaid tiontúcháin thíos faoi gach ceann de na léarscáileanna.

Is é an Radar Báistí an léarscáil réamhshocraithe; léirítear ann an íomhá radair is déanaí ar dtús. Brúigh an cnaipe ‘Seinm’ chun an 90 nóiméad deireanach d’íomhánna báistí a fheiceáil. Seinneann an radar seo in eatraimh 5 nóiméad agus léirítear ann faisnéis bhreise ó thaobh na báistí a bhí ann le déanaí. Léirítear ar an radar seo freisin ná h áiteanna inar tharla buillí tintrí. Ar roghchlár na dTuairiscí Is Déanaí, tá teacht ar Radar Baistí ina léirítear an bháisteach in eatraimh 15 nóiméad thar tréimhse níos faide. Is é Open Street Maps a sholáthraíonn na léarscáileanna a úsáidtear ar ár suíomh gréasáin. Ar chúiseanna cóipchirt, ní féidir linn ainmneacha ná línte ar bith atá orthu a athrú.

Ar an taobh deas den léarscáil, is féidir léarscáileanna eile um réamhaisnéis aimsire a roghnú ach an ceann atá uait a chliceáil – Achoimre ar an Réamhaisnéis (siombailí), Réamhaisnéis Báistí (7 lá romhainn amach), Gaoth, Teocht nó Brú. Cliceáil anois ar an gcnaipe ‘Seinm’ ag bun gach léarscáile chun réamhaisnéis na haimsire a sheinm. Is féidir cliceáil áit ar bith ar an ambharra chun íomhánna ama eile a fheiceáil, nó is féidir é a tharraingt ar chlé agus ar dheis, agus ‘seinm’ a chliceáil ansin. Is i gcéimeanna uair an chloig a leagtar amach an chéad dá lá den réamhaisnéis, agus ansin athraíonn sí go heatraimh 3 huaire an chloig agus ar deireadh go heatraimh 6 huaire an chloig, agus é léirithe orthu an carnadh (báisteach) le linn na heatraimh sin nó an aimsir ar bhuille na huaire. Léirítear gach íomhá den aimsir atá tuartha don am sin; tugtar tuilleadh sonraí san eochair eolais thíos faoi gach léarscáil.

Is gné den léarscáil nua é gur féidir zúmáil isteach agus zúmáil amach ar na léarscáileanna uile (seachas an leárscáil ar a léirítear Brú) agus gur féidir iad a sheinm ag leibhéil eile zúmála. Is féidir é sin a dhéanamh ach cliceáil faoi dhó ar an léarscáil nó trí an cnaipí +/- ag an mbarr ar chlé a úsáid agus ansin, an luchóg a úsáid chun é a tharraingt chuig an láthair atá uait. Ligeann sé sin duit na híomhánna aimsire atá ag dul thar bráid os cionn na mbailte is cóngaraí duit a sheinm.

Tabhair do d’aire: ní dhéanann an léarscáil í féin a nuashonrú de réir mar a imíonn an t-am – ní mór don úsáideoir an leathanach a athnuachan chun na híomhánna aimsire is déanaí a fheiceáil.

Réamhaisnéis Láthairbhunaithe

Thíos faoin léarscáil, leagtar amach an réamhaisnéis ghrafach mhionsonraithe ‘iar-phróiseáilte’ 7 lá i ndáil le láthair cruinn.

Chun an réamhaisnéis seo a fháil le haghaidh láithreach, déan ceachtar den dá rud seo a leanas:

  • Cliceáil ar láthair ar leith ar an léarscáil, nó
  • Clóscríobh láthair isteach sa bhosca ‘Iontráil láthair’ ag an mbarr ar dheis agus cliceáil ar an moladh ceart.