Granradaíocht

Tugtar grianradaíocht ar an bhfuinneamh a thagann ón ngrian i bhfoirm radaíocht leictreamaighnéadach ultravialaite, infheicthe, infridhearg. Tá an cineál seo radaíochta á thomhas ag Met Éireann ó bhí 1954 ann tráth ar suiteáladh an chéad phireanaiméadar ag Réadlann Dhairbhre. Faoi láthair, déantar breathnóireachtaí grianradaíochta ag seacht gcinn de stáisiúin mheitéareolaíochta agus ag roinnt Ollscoileanna agus institiúidí taighde eile.

Cén fáth a ndéantar Grianradaíocht a thomhas?

Déanann Met Éireann grianradaíocht a thomhas mar chuid dá chlár breathnóidreachta, clár a chuimsíonn an iliomad gnéithe éagsúla, agus déantar na sonraí a chur sa bhunachar clíomeolaíochta. Baintear leas as na torthaí sin san agraimeitéareolaíocht sa mhéid go bhfuil dlúthbhaint ag fás plandaí, aibiú, tosca triomúcháin agus barra-thorthúlacht leis an méid fuinnimh ón ngrian.

Cur síos achomhair ar a bhfuil i gceist le Grianradaíocht

Mar a luadh thuas, is téarma é grianradaíocht a chuireann síos ar an radaíocht infheicthe nó neas-infheicthe (ultravialait agus neas-infridhearg) a astaítear ón ngrian. Cuirtear síos ar réigiúin éagsúla den ghrianspeictream trí úsáid a bhaint as raon na dtonnfhad laistigh den raon leathan de 0.20 go 4.0 µm (miocrón).  Tugtar radaíocht talún ar radaíocht infridhearg a scaoiltear ón atmaisféar.

Léirítear san fhíor seo an speictream grianradaíochta do sholas díreach ag barr atmaisféar na Cruinne (mar a chuireann an líne bhuí in iúl) agus ar leibhéal na farraige (an limistéar dearg). Déanann an ghrian solas a tháirgeadh agus tá dáileadh an tsolais sin mar an gcéanna le dáileadh a bheadh ag dúchorp 5525 K (5250 °C), agus is ionann sin agus thart ar theocht na gréine. Fad a ghabhann solas tríd an atmaisféar, déanann gáis a bhfuil bandaí ionsúite ar leith acu roinnt de a ionsú. Déantar solas breise a athleithdháileadh trí scaipeadh Raleigh, atá freagrach as dath gorm an atmaisféir.

I dTábla thíos tá cur síos ar chomhchodanna na grianradaíochta agus na radaíochta domhanda, chomh maith le raon a dtonnfhad:

Ultraviolet Visible Near-Infrared Infrared
Wavelength 0.2 μ – 0.39 μ 0.39 μ – 0.78 μ 0.78 μ – 4.00 μ 4.00 μ – 100.0 μ