CEISTEANNA COITIANTA
Information on using the new Met Éireann website and app
If you have any queries on using our new website and app please check the guide page first Help Page
Conas is féidir liom iarratas Saorála Faisnéise (FOI) a chur faoi bhráid Met Éireann?
Is féidir iarratais Saorála Faisnéise a chur chugainn trí láithreán gréasáin ár Ranna, mar atá thíos
Cad is stáisiún breathnadóireachta ann?
Tá Ceancheathrú Met Éireann lonnaithe ar Chnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9. Tá stáisiúin bhreathnadóíreachta sna háiteanna seo a leanas:
Cad iad na cineálacha éagsúla ionstraimí Meitéareolaíochta atá ann agus cad a thomhaiseann siad?
Ainéimiméadar: Tomhaiseann sé luas agus treo na gaoithe.
Baraiméadar: omhaiseann sé brú an atmaisféar.
Síleáilmhéadar: Tomhaiseann sé airde bhonn an chisil scamall.
Taismhéadar: Tomhaiseann sé taise an aeir.
Méadar Báistí: Tomhaiseann sé an méid frasaíochta.
Taifeadán Gréine: Tomhaiseann sé fad thaitneamh na gréine.
Scáthlán Stevenson: Bosca dronuilleogach adhmaid le lataí aerála ina bhfuil teirmiméadair bholgáin fhliucha agus thirime uasta agus íosta. Ar thaobh na láimhe deise tá teirmeagraf démhiotallach agus tá hidreagraf ar thaobh na láimhe clé.
Cad is brí leis na téarmaí aimsire seo go léir?
- Frithchioclón: Réigiún den atmaisféar ina bhfuil an brú ard i gcomparáid leis na réigiúin ina thimpeall ag an leibhéal céanna.
- Lagrach: Réigiún den atmaisféar in bhfuil an brú níos ísle ná na réigiúin ina thimpeall ag an leibhéal céanna. Malairt an fhrithchioclóin.
- Cioclón:Droch-stoirm thrópaiceach le brú atmaisféarach íseal ag a lár agus gaotha láidre ag séideadh ina thimpeall.
- Sruth na Murascaille: Feacht d’uisce te dromchla aigéin ag sreabhadh ó Mhurascaill Mheicsiceo i dtreo iarthuaisceart na hEorpa. Tá sé ar an ngné is mó a choinníonn an geimhreadh in Éirinn cuíosach bog.
- heicteaPascal: Aonad brú, coibhéiseach le Milleabar.
- Iseabar: Líne a cheanglaíonn pointí ar chomhbhrú.
- Isihiait: Líne a cheanglaíonn pointí leis an méid céanna frasaíochta le linn tréimhse shainithe.
- Isotach: Líne a cheanglaíonn pointí ar chomhluas gaoithe.
- Isiteirm: Line a cheanglaíonn pointí ar chomhtheocht aeir.
Cá bhfaighinn tuilleadh eolais ar staitisticí aimsire?
Téigh chuig Recent Weather chun aimsir an lae inné a fháil agus sonraí míosúla don bhliain go dtí seo.
Téigh chuig Climate section (meán 30 bliain) dóibh seo a leanas:
- Meánteochtaí Míosúla Aeir
- Méanteaochtaí uasta agus íosta Aeir
- Luasanna Gaoithe
- Báisteach, Grian, Brú agus meáin agus foircinn chlíomeolaíochta eile
Má tá tuilleadh eolais uait amhail tuairiscí aimsire, tuairimí na saineolaithe nó anailís shonrach, téigh i dteagmháil lenár Rannóg Aeráide agus Breathnadóireachtaí.
Féadfaidh táillí a bheith i bhfeidhm do sholáthar na nithe thuasluaite.
Cén difríocht atá idir aeráid agus aimsir?
Tagraíonn aeráid do thaifid fhadtéarmacha, do threochtaí agus do mheáin agus don méid a d’fhéadfá a bheith ag súil leis ó thaobh na haimsire de. Cinntear aeráid de ghnáth ach mionscrúdú a dhéanamh ar thosca aimsire thar thréimhse fhada ama. Is é atá i gceist le haimsir ná an t-eispéireas ó lá go lá – an rud atá ag tarlú i láthair na huaire.
Cad é an Scála Beaufort?
Chruthaigh an tAimiréal Francis Beaufort an Scála Beaufort sa bhliain 1805/06. Bealach atá ann láidreacht na gaoithe a thomhas de réir chuma na farraige (nó ar talamh, ó fhreagairt na gcrann don aimsir).
Fórsa | Cur síos achomhair | Sonraíochtaí d’úsáid ar talamh | Luas Gaoithe ag 10m os cionn Leibhéal na Talún | ||
---|---|---|---|---|---|
Knots | m/s | km/h | |||
0 | Ciúin | Éiríonn gal go hingearach | < 1 | < 0.3 | < 1 |
1 | Aer éadrom | Taispeánann gal treo na gaoithe ach ní thaispeánann eití treoracha gaoithe treo na gaoithe | 1 – 3 | 0.3 – 1.5 | 1 – 5 |
2 | Séideán éadrom | Gaoth le brath ar an aghaidh, duilleoga ag siosarnach, bogann an ghaoth gnáth-eití treoracha gaoithe | 4 – 6 | 1.6 – 3.3 | 6 – 11 |
3 | Séideán bog | Duilleoga agus craobhóga ag bogadh de shíor, síneann an ghaoth brat éadrom | 7 – 10 | 3.4 – 5.4 | 12 – 19 |
4 | Séideán measartha | Ardaíonn deannach agus páipéar scaoilte, bogtar craobhacha beaga | 11 – 16 | 5.5 – 7.9 | 20 – 28 |
5 | Séideán fionnuar | Tosaíonn crainn bheaga atá faoi dhuilliúr ag luascadh, cruthaítear círíní toinne ar uiscí intíre | 17 – 21 | 8.0 – 10.7 | 29 – 38 |
6 | Séideán láidir | Craobhacha móra ag gluaiseacht, feadaíl le cloisteáil ó shreangáin teileagraif, deacair scáth báistí a úsáid | 22 – 27 | 10.8 – 13.8 | 39 – 49 |
7 | Neas-ghála | Crainn iomlána ag gluaiseacht, deacair siúl i gcoinne na gaoithe | 28 – 33 | 13.9 – 17.1 | 50 – 61 |
8 | Gála | Briseann craobhóga de na crainn, tríd is tríd an-deacair siúl i gcoinne na gaoithe | 34 – 40 | 17.2 – 20.7 | 62 – 74 |
9 | Gála láidir | Roinnt damáiste struchtúrach déanta (crocaí simléir agus sclátaí bainte) | 41 – 47 | 20.8 – 24.4 | 75 – 88 |
10 | Stoirm | Is annamh a tharlaíonn seo intíre, crainn bainte ó fhréamh, damáiste suntasach struchtúrach | 48 – 55 | 24.5 – 28.4 | 89 – 102 |
11 | Stoirm fhíochmhar | Is annamh a tharlaíonn seo, de ghnáth bíonn damáiste forleathan ann dá bharr | 56 – 63 | 28.5 – 32.6 | 103 – 117 |
12 | Hairicín | – | 64 > | 32.7 > | 117 > |
Cén chaoi a dtomhaistear gaoth?
Treo
Tagraítear do threo na gaoithe de réir phointí an chompáis óna bhfuil an ghaoth ag séideadh, mar shampla aduaidh, aneas, aniar aneas. Tagann gaoth anoir ón oirthear. Go minic cuirtear síos ar ghaotha de réir athrú ar threo na gaoithe. Uaireanta bíonn gaoth aduaidh ag bogadh (veering) soir. Deirtear go bhfuil gaoth ag aistriú tuathal nuair atá sí ag dul ar ais ar a threo mórthimpeall an chompáis (tuathalach). I gcás gaoth a athraíonn treo (veer) deirtear go bhfuil sí ag gluaiseacht ar deiseal. Déantar treo na gaoithe a thomhas ag baint úsáide as eite gaoithe agus is féidir an treo a thaifeadadh ar ghaothrós ach cearnóg a dhathú, a chomhfhreagraíonn don treo óna bhfuil sí ag séideadh.
Gaoth
Baintear úsáid as ainéimiméadar nó as gaothaire chun luas na gaoithe a mheas i gciliméadair nó i mílte san uair. Bogann cupáin an ainéimiméadair de réir luas na gaoithe.
Úsáidtear Scála Beaufort chun láidreacht na gaoithe a thomhas BREATHNAIGH AR SCALA BEAUFORT
Ba chóir ionstraimí gaoithe a choinneáil in áit nach bhfuil cóngarach do bhallaí, do chlaí agus do sconsaí, mar go gcuirfeadh a leithéid isteach ar an léamh agus bheadh sé deacair treo na gaoithe a dhéanamh amach.
Cad is féidir leat a rá liom faoi thuairiscí aimsire?
Taifeadtar na léamha gach uair inár stáisiúin aimsire go léir. Treo agus luas na gaoithe, teochtaí bolgán fliuch agus tirim óna dtomhaistear taise, brú agus claonadh an atmaisféar, méideanna scamall agus airde na scamall, feicseanacht, aimsir láithreach nó a bhí ann le huair an chloig anuas agus aimsir a tharla le trí huaire anuas.
Déantar na léamha a chódú agus a iontráil ar an Ríomhaire Pearsanta áit a ndéantar rialú cáilíochta orthu agus déantar iad a tharchur trí mhóideim chuig Glas Naíon i mBaile Átha Cliath.
An féidir leat réamhaisnéis aimsire a scríobh dom le haghaidh timpiste gluaisteáin?
Caithfidh duine dár meitéareolaithe inár n-oifig Fiosruithe Clíomeolaíochta tuairisc dhlíthiúil nó éileamh árachais nó a leithéid chéanna a scríobh. Is féidir sampla de thuairisc mar seo a fheiceáil anseo agus tá liosta dár dtáillí don tseirbhís seo ar fáil anseo.
Cad iad na cineálacha gairmeacha atá ar fáil le Met Éireann?
Tá dhá ghrád iontrála ag Met Éireann:
- Meitéarolaí
- Oifigeach Meitéareolaíochta
Cén sórt oibre a dhéanann Meitéareolaí?
Baineann obair an Mheitéareolaí le measúnú agus anailís a dhéanamh ar eolas faoin aimsir. I measc na ndualgas a bhíonn ar an Meitéareolaí tá iniúchadh agus taighde ar thréithe fisiceacha na ndlíthe a rialaíonn gluaiseacht an aeir, brú, agus athruithe teochta d’fhonn a fháil amach cad a chúisíonn tosca atmaisféaracha éagsúla. I measc na ndualgas eile tá achoimriú ar shonraí aimsire d’fhonn léarscáileanna aimsire a ullmhú agus réamhaisnéis a thabhairt maidir le hathruithe ar an aimsir.
Cén sórt oibre a dhéanann an tOifigeach Meitéareolaíochta?
Déanann an tOifigeach Meitéareolaíochta na bundualgais theicniúla sa tSeirbhís Meitéareolaíochta. Ina measc tá breathnadóireachtaí aimsire, cúram agus cothabháil na hionstraimíochta agus na n-áiseanna cumarsáide, oibríochtaí ríomhairí agus ríomhchlárú.
An féidir liom m’intéirneacht nó mo shocrúchán mic léinn a dhéanamh le Met Éireann?
Is oth linn a rá nach féidir linn glacadh le haon mhic léinn faoi láthair ar shocrúcháin oibre.
Cad a chiallaíonn na siombailí uile aimsire?
Seo liosta de na siombailí aimsire a úsáideann Met Éireann agus a gcur síos.
Lá |
Oíche |
Cur síos |
![]() |
![]() |
Grian/spéir glan |
![]() |
![]() |
Beagánín scamallach |
![]() |
![]() |
Scamallach |
![]() |
![]() |
Ceathanna báisteach éadrom |
![]() |
![]() |
Ceathanna |
![]() |
![]() |
Ceathanna báisteach trom |
![]() |
![]() |
Ceathanna báisteach agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna flichshneachta |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta |
![]() |
![]() |
Báisteach le scamall íseal |
![]() |
![]() |
Báisteach |
![]() |
![]() |
Báisteach trom |
![]() |
![]() |
Báisteach trom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Flichshneachta |
![]() |
![]() |
Sneachta |
![]() |
![]() |
Sneachta agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceo/ceo reoite |
![]() |
![]() |
Ceathanna flichshneachta agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta agus toirneach |
![]() |
![]() |
Báisteach agus toirneach |
![]() |
![]() |
Flichshneachta agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna báisteach eadrom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna báisteach trom agus toirneach ? |
![]() |
![]() |
Ceathanna flichshneachta éadrom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna flichshneachta trom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta éadrom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta trom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Báisteach éadrom agus toirneach nó tintreach |
![]() |
![]() |
Flichshneachta éadrom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Flichshneachta trom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Sneachta éadrom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Sneachta trom agus toirneach |
![]() |
![]() |
Ceathanna éadrom flichshneachta |
![]() |
![]() |
Ceathanna flichshneachta trom/báistí reoite |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta éadrom |
![]() |
![]() |
Ceathanna sneachta trom |
![]() |
![]() |
flichshneachta éadrom |
![]() |
![]() |
Flichshneachta trom |
![]() |
![]() |
Sneachta éadrom |
![]() |
![]() |
Sneachta trom |
![]() |
![]() |
Ceathanna clocha sneachta éadrom |
![]() |
![]() |
Ceathanna clocha sneachta trom |
Notá: Tá cuid de na siombailí úsaidí faoi dhó, le haghaidh imeachtaí aimsire den chineál céanna.