Glao ar Ollúnacht Taighde 2023 (Dúnta)

Met Éireann Research Professorship Call 2023

SPRIOCDHÁTA SÍNTE – Dé hAoine an 24 Márta 2023 ar 17:00

Tá Glao ar Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide 2023 de chuid Met Éireann dírithe ar acmhainn tallainne náisiúnta, straitéiseach agus cheannródaíoch ar fud an domhain a fhorbairt agus ar chomhpháirtíochtaí a chruthú inar féidir le Met Éireann tacaíocht a fháil ó shaineolas chun seirbhísí aimsire agus aeráide a sheachadadh.

Tugtar cuireadh d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann (IAÉnna) iarratais a chur isteach ar mhaoiniú faoi Ghlao ar Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide 2023 de chuid Met Éireann agus tar éis próisis iomaíoch, lena n-áirítear piarmheasúnú idirnáisiúnta, roghnóidh Met Éireann IAÉ rathúil amháin chun post ceannaireachta acadúil sinsearach amháin nua sa bhreis a chruthú.

Is é IAÉ rathúil féin a dhéanfaidh an próiseas measúnaithe chun a chinneadh cé a ghlacfaidh an post nua a bronnadh ar IAÉ faoi Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann, trí úsáid a bhaint as a phróisis earcaíochta agus ceapacháin féin ionas go mbeidh an post faoi réir na gcaighdeán ard céanna le haon cheapachán IAÉ ar an leibhéal is sinsearaí san institiúid.

Ní cheapfar ach iarratasóirí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu, i.e. iad siúd a chomhlíonann gnáthrialacha an chomórtais le haghaidh ceapacháin ar an leibhéal is sinsearaí laistigh d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann, i.e. ar leibhéal Ollúnachta in institiúidí Chumann Ollscoileanna Éireann / ar leibhéal léachtóra shinsearaigh 3 san earnáil teicneolaíochta ardoideachais (nó níos airde).

Beifear ag súil go dtabharfaidh na daoine ceaptha ar éirigh leo 90% dá gcuid ama ar a laghad do sheachadadh a gclár taighde beartaithe, agus beifear ag súil go mbeidh an tríú cuid de ag obair go dlúth le Met Éireann.

Tugtar cuireadh do na IAÉnna post Ollúnachta Taighde Aimsire agus Aeráide de chuid Met Éireann a mholadh a thagann le cuspóirí straitéiseacha Met Éireann. Beidh an post dírithe ar eolaíocht ríomhaireachtúil, IS agus meaisínfhoghlaim a chur i bhfeidhm ar raon ábhar lena n-áirítear samhaltú tuair uimhriúil aimsire le haghaidh seirbhísí bunaithe ar thionchar ilghuaiseach, samhaltú aeráide, seirbhísí aeráide agus feidhmeanna meitéareolaíochta, aeráideolaíochta agus hidreolaíochta ginearálta eile.

Beifear ag súil go léireoidh an tOllamh Taighde Aimsire agus Aeráide de chuid Met Éireann an tionchar is leithne is féidir ar an tsochaí agus luach a gcuid taighde trí chomhchruthú, trí chomhoibriú agus trí fhor-rochtain go sonrach.

Cuirfear maoiniú ar fáil ar an leibhéal cuí do gach post, ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana, agus d’fhéadfadh go mbeidh sé in-athnuaite ar feadh 5 bliana eile, agus ina dhiaidh sin ní mór do IAÉ iad a ionchorprú i mbuiséad pá IAÉ.

Tá buiséad €1m in aghaidh na bliana tugtha chun tuarastal an phoist agus soláthar d’fhoireann taighdeoirí, mic léinn iarchéime agus ranníocaíocht do chostais taighde a chlúdach.

Nuair a shíníonn Ceann na hInstitiúide (e.g. Uachtarán, Propast, etc.) an t-iarratas léiríonn sé sin go nglactar leis an dámhachtain agus go bhfuil tiomantas ann chun an tacaíocht riachtanach a sholáthar do na poist. Caithfidh gach iarratas a bheith sínithe ag Ceann na hInstitiúide.

Agus iarratas á chur isteach aige, measfar gur ghlac IAÉ leis na coinníollacha atá leagtha amach i ndoiciméad Téarmaí agus Coinníollacha Ghlao ar Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide 2023 de chuid Met Éireann agus le haon soiléirithe ina dhiaidh sin ó Met Éireann maidir le Glao ar Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide 2023 de chuid Met Éireann agus gur aontaigh sé a bheith faoi cheangal acu.

Dátaí


  • Glao ar cheisteanna iarratais chuig IAÉnna – Dé Máirtan 24 Eanáir 2023
  • Spriocdháta le haghaidh iarratas – Dé hAoine an 24 Márta 2023 ar 17:00
  • Cuirfear cosc leis an gcóras go huathoibríoch ar iarratas a chur isteach tar éis an spriocdháta..
  • Fógairt an toraidh – R2/R3 2023

Ardán tíolactha


Bain úsáid as ardán deontais Met Éireann le do thoil chun d’iarratas a chur isteach de réir na dtreoracha atá ann: https://meteireann.smartsimple.ie.

Téarmaí agus Coinníollacha


Léigh ár dTéarmaí & ár gCoinníollacha le do thoil sula gcuirfidh tú iarratas isteach.

Próiseas achomhairc


Tá próiseas achomhairc Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fail anseo .

Cód iompair na n-athbhreithneoirí


Tá cód iompair athbhreithneoirí Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fail anseo .

Tacaíocht


Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le hOifig Maoinithe Taighde Met Éireann trí ríomhphost a sheoladh chuig researchfunding@met.ie, le do thoil.