Foilseacháin Met Éireann

Ar an leathanach seo, is féidir leat teacht ar fhoilseacháin Met Éireann. Ina measc tá:

  • Achoimrí agus feasacháin aimsire
  • Foilseacháin chorparáideacha Met Éireann
  • Tuarascálacha eolaíochta agus teicniúla a d’fhoilsigh Met Éireann
  • Ailt phiarmheasúnaithe agus ábhar a d’fhoilsigh foireann Met Éireann

Tá roinnt d’fhoilseacháin Met Éireann ar fáil ar edepositIreland. Is féidir cuardach a dhéanamh ar ár mbailiúcháin leictreonacha de réir teidil, údair, dháta an fhoilsithe etc. anseo.

 

Foilseacháin acadúla le baill foirne Met Éireann

Ailt agus foilseacháin phiarmheasúnaithe le foireann Met Éireann, arna gcur in ord croineolaíoch. Tugtar naisc chuig an téacs iomlán, i gcás gur féidir é.

Leabhair arna bhfoilsú ag Met Éireann

Tagairtí bibleagrafaíochta le haghaidh rogha leabhar a d’fhoilsigh Met Éireann (Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann).

Foilseacháin faoin Aeráid

Foilsíonn Met Éireann sonraí clíomeolaíochta gach mí, séasúr agus bliain sna foilseacháin seo a leanas:

  • na hAchoimrí Aimsire sealadacha tráthúla le sonraí ó na 25 phríomhstáisiún clíomeolaíochta; agus
  • tráth a mbíonn na sonraí deiridh cáilíocht-rialaithe ar fáil ó bhreis is 600 stáisiún clíomeolaíochta, cuirtear Feasachán Aimsire. ar fáil in ionad na hachoimre

Déanann an Rannán Clíomeolaíochta agus Breathnóireachtaí iadsan a fhoilsiú.

Datasets

Seo bailiúchán de Tacar sonraí aeráide, arna dtáirgeadh ag an bhfoireann i gcomhar le taighdeoirí seachtracha.

Met Éireann Technical Note

Tá an tsraith Technical Note á foilsiú ó 1943 i leith. Cuimsíonn an tsraith seo ábhair a bhaineann le meitéareolaíocht le béim ar leith ar Éirinn agus ar obair leanúnach Met Éireann.

Met Éireann Climatological Note

Tá an tsraith Climatological Note á foilsiú ó 1972. Cuimsíonn an tsraith seo ábhair a bhaineann le clíomeolaíocht le béim ar leith ar Éirinn agus ar obair leanúnach Met Éireann. Déantar meáin chlíomeolaíochta a fhoilsiú mar chuid den tsraith seo.

Met Éireann Historical Note

Tá an tsraith Historical Note á foilsiú ó 1995. Ní eisítear an tsraith seo ar bhonn rialta. Déanann foireann Met Éireann eagráin a thiomsú. Díríonn an tsraith seo ar stair na meitéaroleaíochta, le béim ar leith ar stair na meitéareolaíochta in Éirinn.

Tuarascálacha Taighde faoi Athrú Aeráide

Cuireann eolaithe atá fostaithe le Met Éireann rogha foilseachán ar fáil faoin aeráid a meastar a bheidh ag Éirinn amach anseo. Foilsíonn siad na tuarascálacha sin i gcomhar le gréasáin taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Féach anseo.

Feasachán Agraimheitéareolaíochta

Foilsíodh an Feasachán Agraimheitéareolaíochta uair sa mhí ó Eanáir 1971 go dtí Nollaig 1990, tráth ar cónascadh é leis an bhFeasachán Míosúil Aimsire. Is éard a bhí ann ná foilseachán 3-8 leathanach a thug athbhreithniú gearr ar an aimsir gach mí, chomh maith le sonraí breathnadóireachta.

AGMET (Meitéareolaíocht Talmhaíochta)

Foilseacháin a bhaineann le Agricultural Meteorology agus AGMET (Joint Working Group on Applied Agricultural Meteorology)

Geophysical Publications

‘Geophysical Publications’

Breathnóireachtaí Maighnéadach

Maighnéadach.

Ráiteas na Gréine

Ráiteas na Gréine