Tá dhá rannóg in Ionad Réamhaisnéise Met Éireann:
- Réamhaisnéis Ghinearálta, atá freagrach as réamhaisnéisí cruinne agus rabhaidh os cionn na talún agus na farraige a ghiniúint agus a chur ar fáil don phobal agus d’úsáideoirí eile;
- Réamhaisnéis Eitlíochta, a chuireann réamhaisnéisí agus rabhaidh ar fáil don ghnó eitlíochta i leith an aerspáis os cionn na hÉireann, i bhformáid ar leith ar nós Réamhaisnéisí Aeradróim Críochfoirt (TAFeanna), SIGMETeanna, etc
Réamhaisnéis Ghinearálta
Oibríonn an oifig réamhaisnéise 24/7; bíonn foireann ann gach lá agus oíche i rith na bliana. Nuair a thagann réamhaisnéiseoir i mbun dualgais faigheann siad faisnéisiú ar an aimsir ar dtús óna gcomhghleacaí atá ag fágáil maidir leis an staid reatha, an réamhaisnéis, aon rabhaidh atá i bhfeidhm nó go gcaithfear iad a chur amach go luath agus aon fholáireamh eile ar chóir a bheith aireach faoi. Baineann na réamhaisnéiseoirí úsáid ansin as cairteanna cruachóipe, sonraí mhúnla ríomhaire, radar agus íomhánna satailíte, tuairiscí aimsire agus faisnéis eile chun réamhaisnéis a chur ar fáil.
Cuireann taithí in iúl don mheitéareolaí cén múnla ríomhaire is fearr a oibríonn i staideanna oibre difriúla. Tá feabhas an-mhór tagtha ar mhúnlaí ríomhaire le blianta gairide ach ní bhíonn siad ceart i gcónaí, mar shampla uaireanta d’fhéadfadh íomhánna satailíte córas aimsire beag atá ag forbairt san Atlantach nach bhfuil pioctha suas ag an múnla ríomhaire a léiriú. Tarraingíonn formhór na réamhaisnéiseoirí roinnt cairteacha le lámh chun díriú ar a bhfuil na breathnóireachta ag rá linn, agus bítear ag déanamh monatóireachta agus nuashonrú seasta ar an réamhaisneis tríd an lá.
Tá múnlaí ríomhaire Hirlam agus HARMONIE ináirithe ar na múnlaí réamhaisnéise a úsáidtear i gcomhair threoir réamhaisnéise ghearr-raoine agus an ECMWF (Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin) i gcomhair réamhaisnéisí suas go 10 lá roimh ré. I gcomhar le sonraí an mhúnla ríomhaire, scrúdóidh an réamhaisnéiseoir faisnéis dhóthúil le feiceáil cé chomh hiontaofa ar dócha a bheidh an réamhaisnéis agus chun na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis a thomhas.
Cuirtear sonraí an mhúnla ríomhaire ar fáil trí stáisiún oibre chóras aimsire infheicthe IBL, uirlis léirshamhlaithe atá curtha in oiriúint do riachtanais laethúla an réamhaisnéiseora agus a thugann rochtain ar pharaiméadair aimsire dhifriúla ag leibhéil éagsúla san atmaisféar; gach a dteastódh ó réamhaisnéiseoir a bheadh i mbun dualgais.
Cuirtear an réamhaisnéis in iúl don phobal ar cheithre bhealach. Seoltar scripteanna réamhaisnéise aimsire chuig raidió agus teilifís RTÉ, chuig stáisiúin raidió náisiúnta eile, chuig stáisiúin raidió áitiúla ar fud na tíre agus chuig nuachtáin roghnaithe agus seoltar grafaic aimsire chuig teilifís RTÉ agus ar líne. Cuirtear réamhaisnéis na limistéar farraige ar fáil 4 huaire sa lá/san oíche. Cuirtear réamhaisnéis ar fáil faoi dhó sa lá i gcomhair na”lochanna intíre” chun tacú le himeachtaí fóillíochta ar lochanna ar nós Loch Deirgeirt agus Loch Rí. Bíonn an réamhaisnéiseoir a bhíonn i mbun dualgais ag craoladh beo ar Raidió One RTÉ ó stúideo raidió Met Éireann féin, ag craoladh réamhaisnéisí do thalamh agus do mhuir tar éis nuacht na maidine ag a sé a chlog, díreach roimh an 8am ar Morning Ireland, le linn an “Ronan Collins Show” ag thart ar a 12:50pm, díreach roimh 6pm ar Drivetime, agus ag cúig nóiméad roimh mheánoíche.
Cuirtear amach “réamhaisnéis oighir bóthair” gach lá chuig na húdaráis áitiúla agus na conraitheoirí cothabhála mótarbhealaigh, ag tabhairt tuair ar an dealraitheacht go mbeadh (nó nach mbeadh) staideanna oighir ann le linn na hoíche dár gcionn agus na dóigheanna do na 5 lá le teacht. Cabhraíonn sé sin leis na húdaráis sin le socrú ar gá dóibh salann nó grean a chur ar na bóithre chun sábháilteacht tiománaí a chinntiú. Cabhraíonn sé leo freisin a mheas cé mhéad salainn a bheadh ag teastáil uathu go luath, nó an mbeadh orthu céachtaí sneachta a ullmhú dá mba rud é go raibh bagairt frasaíochta geimhridh ann.
Custaiméirí eile a fhaigheann réamhaisnéisí speisialaithe is ea an BSL, an Farmer’s Journal, Amazon, agus Teagasc. Is minic gur fearr le roinnt custaiméirí ar nós bainisteoirí ráschúrsaí, lucht eagraithe rásaíocht cholúr, feirmeoirí nó iad sin a bhíonn ag pleanáil imeachta amuigh faoin spéir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an réamhaisnéiseoir i gcomhair comhairle.
Le roinnt blianta bíonn rabhaidh dian-aimsire a chuirtear amach in Éirinn dathchódaithe ag brath ar dhéine; rangaithe mar bhui, oráiste nó dearg ag brath ar cé chomh dian is a cheaptar a bheidh an aimsir. Tá comhscéim i bhfearas chomh maith le hOifig Met na RA le stoirmeacha a ainmniú a bhfuil seans maith go mbeidh tionchar mór acu ar mhórchríocha na hÉireann agus na Breataine. Scaiptear rabhaidh ar an bpobal i gcoitinne agus ar na meáin, ach freisin ar údaráis áitiúla agus seirbhísí éigeandála, a chaithfidh réamhchúram a dhéanamh ar nós droichid a dhúnadh le linn gaotha arda, nó chun foirgnimh a aslonnú i gceantair a bhfuil baol tuilte iontu nuair a bhíonn leibhéal aibhneacha ard agus nuair a bhíonn súil le báisteach throm.
Caitheann an réamhaisnéiseoir go leor ama ag déileáil le custaiméirí, leis na meáin agus le húdaráis áitiúla ar an bhfón le linn drochaimsire chun nuashonrú a thabhairt ar an staid, agus freisin chun agallaimh raidió agus teilifíse a thabhairt maidir leis an eachtra atá i gceist.
Réamhaisnéis Eitlíochta
Ar nós na Réamhaisnéise Ginearálta, oibríonn deasc na Réamhaisnéise Eitlíochta 24/7; Bíonn foireann ag obair ann de lá agus d’oíche i rith na bliana, ag cur réamhaisnéisí agus rabhaidh ar fáil d’aerárthaí a bhíonn ag eitilt in aerspás na hÉireann agus chuig aerfoirt na hÉireann. Tá Met Éireann ar an t-aon eagraíocht in Éirinn atá deimhnithe chun táirgí réamhaisnéise eitlíochta mar sin a chur amach leis an gcuspóir fhoriomlán le sábháilteacht agus éifeachtúlacht eitlíochta a chinntiú in aerspás na hÉireann.
Tá caighdeáin agus rialúcháin ar leith ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a chaithfidh Met Éireann a leanacht nuair atá siad ag táirgeadh agus ag cur amach réamhaisnéisí agus rabhaidh don eitlíocht. Cuireann meitéareolaithe réamhaisnéisí ar leith ar fáil ar a dtugtar Réamhaisnéisí Eitlíochta Críochfoirt (TAFanna) do na príomh aerfoirt in Éirinn, agus do roinnt aerfoirt réigiúnacha freisin. Cuirtear TAFanna 24 uair a chloig a bhíonn nuashonraithe ceithre huaire sa lá ar fáil d’aerfoirt idirnáisiúnta na Sionainne, Bhaile Átha Cliath, Chnoc Mhuire (Iarthar Éireann) agus Chorcaí. Cuirtear réamhaisnéis gearrtéarmach a bhíonn dírithe ar choinníollacha tuirlingthe, ar a dtugtar TREND, ar fáil gach tríocha nóiméad do gach ceann de na haerfoirt sin, a thugann ráiteas ar aon athruithe suntasacha san aimsir a mbeadh súil leo thar an dá uair ina dhiaidh sin. Cuirtear TAFeanna ar fáil freisin d’aerfoirt Shligigh, Dhún na nGall, Chiarraí, Phort Láirge agus d’Aeradróm Mhic Easmainn ag eatraimh rialta; Tá fócas níos giorra acu sin de 9 n-uaire chun cinn. Tá luas agus treo na gaoithe, cineál frasaíochta, léargas, méid scamaill agus airde scamaill ináirithe ar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil le TAF.
Cuirtear amach rabhaidh áitiúla d’aeradróim nuair atá baol ann go mbeidh coinníollacha aimsire ann a d’fhéadfadh cur isteach ar oibríochtaí ar nós gaotha láidre, stoirmeacha toirní, sioc nó sneachta. Cuireann réamhaisnéiseoirí eitlíochta réamhaisnéisí leathnaithe ar fáil freisin d’Aerfort Bhaile Átha Cliath a leathnaíonn amach go 4 nó 5 de laethanta agus a chuireann béim ar riosca ceo, báisteach throm, tras-ghaotha, sneachta agus sioc, rud a chuireann ar chumas an aerfoirt agus ar oibríochtaí aerlíne pleanáil dá réir.
Sampla de Réamhaisnéis Aeradróim Chríochfoirt (TAF) d’Aerfort na Sionainne
TAF EINN 261100Z 2612/2712 25019KT 9999 SCT025
TEMPO 2614/2619 25020G34KT
PROB40 TEMPO 2614/2619 7000 SHRA SCT020CB
BECMG 2618/2620 24013KT
TEMPO 2702/2712 7000 SHRA BKN012 SCT020CB
BECMG 2710/2712 25018G30KT=
Cuireann Met Éireann rabhaidh amach ar tharluithe meitéareolaíochta shuntasacha freisin a d’fhéadfadh bualadh leat ag eitilt laistigh d’aerspás na hÉireann. SIGMETeanna a thugtar ar na rabhaidh sin agus cuireann siad in iúl nó tugann siad réamhaisnéis ar an seans go mbeidh contúirtí ann d’eitlíocht ar nós dian-shuaiteacht, dian-oighriú, stoirmeacha toirní, tonnta móra arda agus luaithreamhán bolcánach. Cuireann réamhaisnéiseoirí eitlíochta réamhaisnéisí speisialaithe ar fáil, scríofa agus i bhfocail, do Chuardach agus Tarrtháil agus don Aerchór agus tugann siad faisnéisiú i bhfocail do phíolótaí Eitlíochta Ginearálta agus d’oibritheoirí balún más gá.
Sampla de Sigmet a cuireadh amach i dtaobh stoirmeacha toirní
EISN SHANNON FIR/UIR EMBD TS FCST WI N5100 W01130
N5220 W01130 – N5220 W00530 – N5100 W00800 – N5100 W01130
TOP FL400 MOV N AT 20KT INTSF=
Sampla de Chairt Aimsire Suntasach ar Leibhéal Íseal
Cuireann meitéareolaithe Cairt Aimsire Suntasach ar Leibhéal Íseal amach gach 6 huaire an chloig freisin. Téann an táirge chomh hard le 10,000 troigh agus tá grafaic ar a bhfuil Éire, an RA agus ceantair máguaird ináirithe air roinnte i gceantair atá bunaithe ar an aimsir a bhfuil súil léi.
Baintear úsáid as téacs ansin chun mionsonrú a thabhairt ar an aimsir, ar a n-áirítear cineál aimsire, léargas, méideanna agus airde scamaill chomh maith le haird a thabhairt ar riosca oighrithe agus suaiteachta.
Sonraí satailíte
Faigheann Met Éireann sonraí ó satailítí geochobhsaí agus ó satailítí ó phol go pol. Bíonn satailít geochobhsaí ag fithisiú an domhain díreach os cionn an mheánchiorcail agus ciallaíonn sé seo go bhfanann sí i suíomh seasta maidir le dromchla an Domhain, thart ar 36,000km os cionn na talún. Tá cainéil speictreacha difriúla saitílíte ar fáil a chuireann ar a gcumas scrúdú níos géire a chur ar iompar chórais aimsire trí íomhánna infheicthe nó infridhearg ó na cainéil sin, ina gceann is a gceann nó mar theaglaim.
Tomhaiseann íomhá infheicthe satailíte an solas gréine a bhíonn á fhrithchaitheamh ag dromchla an Domhain agus ag na scamaill. Frithchaitheann scamaill agus sneachta go leor gréine agus bíonn siad geal; Súnn na haigéin suas an solas ar fad beagnach atá ag teacht isteach agus bíonn siad dorcha; bíonn frithchaiteacht athraitheach (go teicniúil, albedos) ag scamaill tanaí agus ísle agus ag talamh agus bíonn dealramh imireacha athraitheacha liath orthu. Tomhaiseann na híomhánna infridhearg teocht (nó loinnir) an dromchla agus na scamaill. Léiríonn imireacha éadroma teochtaí ísle agus imireacha dorcha teochtaí arda. Baintear úsáid as íomhánna gal uisce chun anailís a dhéanamh ar láithreacht agus ar ghluaiseacht ghal uisce (ar thaise é sa chéim gháis) i leibhéil uachtair agus leibhéil láir na hatamaisféire
Is é atá in íomhá sataiíte ó phol go pol ná ceann trína dtéann satailít os cionn nó beagnach os cionn dhá phol an domhain i gcúrsa gach fithise nó imrothlaithe. Mar sin tá claonadh 90 céim (nó an-ghar dó) don dromchla aici (sé sin, nuair atá sí ag dul díreach os a cionn, cé nach mbíonn ach fiar-amharc ag satailítí geochobhsaí ar Éirinn óna bhfithis os cionn an mhéanchiorcail). Déanann na satailítí sin a bhíonn ag fithisiú ó phol go pol scanadh ar chuideanna difriúla den domhan i ngach “pasáil” satailíte agus mar sin caithfidh an réamhaisnéiseoirí fanacht nó go mbeidh ceann acu cóngarach don Eoraip sula bhfaighidh siad íomhá. Tá an fhithis i bhfad níos ísle ná mar atá do na satailítí geochobhsaí, idir 700 agus 800 km ar airde, agus mar thoradh tá toradh agus soiléireacht na n-íomhánna i bhfad níos fearr.
Is féidir táirgí eile a fháil ó shatailítí (ag baint úsáide as teaglama íomhánna ó chainéil speictreacha dhifriula, féach thíos) chun cabhrú le réamhaisnéiseoir feiceáil cén sórt scamaill nó ceo fiú a bhfuil tionchar aige ar réigiúin difriúla. Tá seans maith go gcuirfear feabhas ar raon agus ar úsáideacht na dtáirgí sin sna blianta atá ag teacht.
Radar
Baintear úsáid as radar aimsire chun frasaíocht a aimsiú (báisteach go hiondúil in Éirinn), a gluaiseacht a ríomh, a déine a mheas, agus réamhaisnéis a thabhairt ar cén áit a bhfuil an fhrasaíocht ag gluaiseacht agus cé chomh trom gur dócha go mbeidh sí. Tá radair oibríochta ag Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus na Sionainne agus tá suiteáil de chuid Oifig Met na RA in aice le Béal Feirste.
Clúdach radair ilchodach ó radair ar fud na hÉireann agus na Breataine, a thugann pictiúr níos iomláine. Tá an cumas ag Met Éireann chun íomhánna radair a bheochan rud atá an-úsáideach i réamhaisnéisiú gearr-raoin. Uaireanta d’fhéadfadh stríoca a theacht ar íomhánna Radair. Is trasnaíocht ó Líonra Achair Áitiúil Raidió (RLAN) is cúis leis na stríoca sin.