Cad a Dhéanaimid
Mar Sheirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, tá sé de chúram ar Met Éireann monatóireacht, anailís agus réamhaisnéis a dhéanamh ar aimsir agus ar aeráid na hÉireann.
Cad is Seirbhísí Aeráide ann?
Tá seirbhísí aeráide, a chuireann Met Éireann ar fáil, dírithe ar tháirgeadh agus ar sholáthar tráthúil sonraí ardchaighdeáin (sonraí breathnóireachta, sonraí greillithe, anailís eolaíoch, etc) agus táirgí do chinnteoirí. Chun tacú le sochaí na hÉireann i gcoitinne agus éascú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar mheastóireacht straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe d’Éirinn.
Tuairimí
Reáchtálann Met Éireann na córais bhreithnóireachta náisiúnta shionoptacha, aeráide agus bháistí. Tá an eolaíocht aeráide ar fad bunaithe ar shonraí breathnóireachta ardchaighdeáin. Reáchtálann Met Éireann an líonra náisiúnta breathnóireachta de réir na gCaighdeán Meitéareolaíochta Domhanda, déantar rialú cáilíochta ar na sonraí agus stóráiltear go slán sa chartlann náisiúnta aeráide iad.
Anailís
Tá na sonraí ar fáil chun anailís a dhéanamh orthu, a luaithe a bheidh rialú cáilíochta déanta orthu. Sainmhínítear leis an anailís sin aeráid na hÉireann, mar shampla, cuirtear Meánluachanna Fadtéarmacha ar fáil ar féidir breathnuithe reatha a chur i gcomparáid ina n-aghaidh. Gintear raon táirgí ó na sonraí anailísithe. Foilsítear ráitis le haghaidh gach míosa, gach séasúir agus gach bliana, gintear tacair sonraí ghreillithe maidir le báisteach agus teocht. Gintear táirgí sonracha, mar shampla, d’úsáideoirí sna hearnálacha talmhaíochta agus innealtóireachta.
Athanailís
Tá baint ag Met Éireann le samhaltú aeráide domhanda trína rannpháirtíocht i gcuibhreannas EC-Earth, agus le samhlacha domhanda a íos-scálú go leibhéal réigiúnach trí chomhpháirtíochtaí agus trí chomhoibriú le GCC, ollscoileanna agus Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (IÉRA). Tá athanailís ardtaifigh ar aeráid na hÉireann ó 1961, MÉRA, tugtha chun críche freisin.
Sonraí
Tá Met Éireann tiomanta do pholasaí Sonraí Oscailte, tá raon leathan sonraí ar fáil le híoslódáil faoi cheadúnas oscailte, ó bhreathnuithe go greillí go hathanailís. Tá an raon sonraí atá ar fáil ag leathnú go leanúnach agus tá uirlisí á bhforbairt chun rochtain níos fearr a chumasú amach anseo. Is féidir sonraí nach bhfuil ar fáil ar líne a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn go díreach.
Sonraí Agrai-Mheitéireolaíocha
Cliceáil ar an nasc le haghaidh Easnaimh Thaise Na Hithreach
Easnaimh Thaise na hIthreach, Galú, Imghalú Féideartha, Imghalú Iarbhír, agus Rith:
- Easnamh Thaise na hIthreach (ETI nó SMD) seo an méid báistí atá ag teastáil chun cion thaise na hithreach a thabhairt ar ais go toilleadh réimse.
- Toilleadh Réimse (ETI=0 nó SMD=0) an méid uisce atá ar chumas na hithreach a choinneáil i gcoinne domhantarraingte, .i. an t-uasmhéid uisce is féidir a chur ar phlanda i bpota gan uisce a shileadh. Léiríonn ETI diúltach farasbarr uisce, a bheidh á thaoscadh le himeacht ama trí insíothlúchán nó sreabhadh thar talamh nó sa dá mhodh.
- Sáithiúchán is baintear é seo amach nuair a bhíonn ETI = -10mm, .i. farasbarr uisce de 10mm. Tá ETI dearfach faoi bhun toilleadh réimse agus is féidir le báisteach insíothlú go dtí cumas an ETI. In ithir insíothlaithe bíonn gach piochán ithreach lán d’uisce, ach beidh uisce ag taoscadh amach as piocháin mhóra le fórsa na domhantarraingte.
- Galú an ráta cailliúna uisce ó dhromchla saor uisce amhail taiscumair, loch, linn, nó ithir insíothlaithe. Úsáidtear Plean Aicme A chun galú a thomhas inár. Is umar ciorclach é seo, le trastomhas 1.21m agus doimhneacht 0.25m, páirtlíonta le huisce agus feistithe ar fhráma a cheadaíonn aerchúrsaíocht shaor faoi. Bíonn breis uisce ag teastáil chun leibhéal socair a choinneáil.
- Imghalú an flosc iomlán uisce isteach san atmaisféar .i. suim an ghalaithe agus an trasghalaithe (flosc uisce trí stomata plandaí).
- Imghalú Féideartha (nó Tagartha) (IF nó PE) an flosc uisce faoi choinníollacha neamhtheorainneacha uisce ithreach. Úsáidtear lísiméadar chun an ráta féideartha imghalaithe ó fhéar a thomhas. Tá sé comhdhéanta de cheithre umar suncáilte, gach ceann timpeall 0.25 mc in achar agus 0.75m i ndoimhneacht. Bíonn an dromchla ithreach i ngach umar ag leibhéal na timpeallachta. Coinnítear clúdach féir ar na humair. Déantar Imghalú Féideartha Tomhaiste a thaifeadadh ag Caisleán Bhaile Sheonach i gCo. Loch Garman agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Úsáidtear foirmle Fao Penman-Monteith in Met Éireann chun an tImghalú Féideartha (Tagartha) a ríomh, ag baint úsáide as na sonraí meitéareolaíochta a thaifeadtar inár Stáisiúin Shionoptacha.
- Imghalú Iarbhír: (II nó AE):an flosc uisce iarbhír a tharlaíonn. Bíonn sé seo teoranta ag méid na taise atá ar fáil san ithir. Baintear meastacháin den Imghalú iarbhír as luachanna ríofa an Imghalaithe Féideartha agus na rátaí ETI reatha.
Samhail Easnamh Thaise na hIthreach
Samhail hibrideach ETI* atá forbartha chun na difríochtaí idir réimis draenála idir cineálacha difriúla ithreach in Éirinn a mhíniú. Déantar trí aicme draenála ithreach a shainmhíniú, dea-dhraenáilte, meándraenáilte agus lagdhraenáilte, mar seo a leanas:
- Draenáil an tsuim uisce a chailltear as an ithir dhromchlach trí shíothlú nó trí shreabhach thar talamh. Braitheann sé ar chumas draenála na hithreach.
- Dea-dhraenáilte: Ní bhíonn an ithir sáithithe riamh, fanann sí ag toilleadh réimse fiú ar laethanta atá an-fhliuch sa gheimhreadh. ETI íosta = náid. Nuair a bhíonn ETI > 0mm bíonn IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm.
- Meándraenáilte: D’fhéadfadh a bheith sáithithe ar laethanta fliucha geimhridh, ach filleann ar Chumas Ceantair ar an gcéad lá tirim. Íosmhéid ETI = lúide 10mm. Nuair a bhíonn ETI >0 bíonn II níos lú ná IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm.
- Lagdhraenáilte: Sáithithe ar laethanta fliucha geimhridh, farasbarr uisce draenáilte ag rátaí an-mhall, timpeall 0.5mm sa lá. Íosmhéid ETI = lúide 10mm. Nuair a bhíonn ETI > 10mm bíonn II níos lú ná IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm
Tá Easnaimh Taise Laethúla Ithreach agus IF agus II ríofa ar fáil do thrí aicme éagsúla draenáil ithreach inár Stáisiúin Shionoptacha. Déantar easnaimh agus farasbairr taise a ríomh ó dhifríochtaí idir báisteach agus imghalú iarbhír. Meastar farasbairr thaise na hithreach a bheith bainte amach ag draenáil agus rith dromchla thar am.
Ríomh Imghalú Féideartha (Tagartha)
Déantar an tImghalú Féideartha, ET0 a ríomh de réir Chothromóid FAO Penman-Monteith (Allen et al., 1998) do bharr tagartha féir ag airde sílte de 0.12m:

nuair is é ET0 an t-imghalú féideartha (mm d-1),
is é Rn an ghlanradaíocht ag dromchla an bhairr (MJ m-2 d-1),
is é G dlús flosc na talún (MJ m-2 d-1),
is é T teocht an aeir ag airde 2 m (°C),
is é u2 luach na gaoithe ag airde 2m (m s-1),
is é es agusea is iad es agus ea an brú gaile sáithithe agus an brú gaile iarbhír, faoi seach (kPa),
is é Δ fána chuar an bhrú galaithe (kPa °C-1),
agus is é γ an tairiseach síciméadrach (kPa °C-1).
Ríomh Easnamh Thaise na hIthreach
Déantar Easnamh Thaise na hIthreach a ríomh mar seo a leanas:
![]()
nuair is iad SMDt agus SMDt-1 na SMD ar lá t agus lá t-1 faoi seach (mm),
Is é Rain an fhrasaíocht laethúil (mm d-1),
Is é ETa an t-imghalú iarbhír laethúil (mm d-1),
Is é Drain an tsuim uisce atá á dhraenáil go laethúil ag síothlú agus/nó sreabhadh thar talamh (mm d-1)
Imghalú Iarbhír
déantar Easnamh Thaise na hIthreach criticiúil a shainmhíniú do gach aicme draenála ithreach, SMDc, Nuair a bhíonn an ETI reatha níos lú ná an luach criticiúil seo ní bhíonn riospráid á theorannú ag taise agus bíonn Imghalú Iarbhír cothrom le hImghalú Féideartha:
Nuair a bhíonn SMD <= SMDc
![]()
Nuair a bhíonn an SMD reatha níos mó ná an luach criticiúil seo, ní bhíonn an taise atá ar fáil gan teorannú níos mó; dá thoradh sin, bíonn Imghalú Iarbhír níos lú ná an tImghalú Féideartha. Sa chás seo glactar leis go bhfuil an II ag laghdú go líneach go náid agus an ETI ag druidim le huasluach teoiriciúil, SMDmax.
Nuair atá > SMDc
![]()
Bíonn luach SMDc d’ithreacha dea-dhraenáilte agus meándraenáilte cothrom le náid, agus 10mm d’ithreacha lagdhraenáilte. Is é 100mm luach SMDmax don trí aicme ithreach.
Draenáil
Glactar leis nach dtarlaíonn draenáil trí shíothlú nó sreabhadh thar talamh ach nuair a sháraíonn an taise ithreach an toilleadh réimse (SMD < zero).
- Ithreacha Dea-dhraenáilte: Fanann siad seo ag toilleadh réimse fiú ar laethanta an-fhliuch agus ní bhíonn siad sáithithe riamh, draenáiltear an t-uisce uile atá os cionn toilleadh réimse láithreach.
- Ithreacha Meándraenáilt: Iompraíonn siad seo farasbairr uisce ar laethanta fliucha ach filleann siad ar thoilleadh réimse ar an gcéad lá tirim eile. Is ionann é seo agus uasráta draenála os cionn 10mm sa lá.
- Ithreacha lagdhraenáilte: Iompraíonn siad seo farasbarr uisce ar feadh roinnt laethanta, bíonn uisce ag draenáil ag uasráta de 0.5mm sa lá, nuair a bhíonn SMD ag -10, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn SMD > zero.
Is í an Draenáil Éifeachtúil an tsuim iomlán draenála, .i.. trí shíothlú agus sreabhadh thar talamh.
*Tagairtí
- Allen, R.G., Pereira, L.S., Raes, D. and Smith, M. 1998. Imghalú Barr. Treoirlínte maidir le riachtanais uisce barraí a ríomh. Páipéar uisciúcháin agus draenála EBT 227 leathanach 56, 227 pages.
- R.P.O.Schulte, J.Diamond, K.Finkele, N.M.Holden and A.J.Brereton 2005. Ag Tuar Dálaí Taise Ithreach Féarthailte na hÉireann. Irisleabhar Taighde Talmhaíochta na hÉireann 44:95-110.
Réamhaisneisí Dlíthiúla
Is féidir iarrataisí a dhéanamh anois le haighaidh tuairscí aimsire dlíthúil ar an tairseach seo a leanas.
Charges for the supply of climatological information
The following charges for the supply of climatological data and reports apply from Jan 2017 until further notice:
1. Basic Data
Historical climate data sets are now freely available on our website. Applications for free access to climate data not available on our website may be made under the Information on the Environment Regulations (AIE), turnaround time is usually two to four weeks.
| Data automatically sent on a daily basis: | €250 + vat per year |
|---|---|
| Data automatically sent on a weekly basis: | €210 + vat per year |
| Data automatically sent on a monthly basis: | €150 + vat per year |
An overall minimum charge of €45 + vat applies for urgent requests i.e. supplied within three working days.
2. Analysed Data
Analysed data/reports are prepared and issued by different meteorological grades and charged for at the appropriate hourly/daily rates (detailed below).
An overall minimum charge of €45 + vat applies.
3. Weather Reports
Weather reports are prepared and issued by different meteorological grades and charged for at the appropriate hourly rate. Legal reports are produced by a Meteorologist. Customers requesting priority treatment are charged 50% extra. The minimum charge for a weather report is the hourly rate for the relevant grade.
The following charges apply:
Rátaí uaire:
| Oifigeach Meitéareolaíochta: | €55 + 23% VAT (€12.65) = €67.65 |
|---|---|
| Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach: | €65 + 23% VAT (€14.95) = €79.95 |
| Príomhoifigeach Meitéareolaíochta / Meitéareolaí: | €90 + 23% VAT (€20.70) = €110.70 |
| Meitéareolaí Sinsearach: | €110 + 23% VAT (€25.30) = €135.30 |
Rátaí laethúla
| Oifigeach Meitéareolaíochta: | €385 + 23% VAT (€88.55) = €473.55 |
|---|---|
| Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach: | €455 + 23% VAT (€104.65) = €559.65 |
| Príomhoifigeach Meitéareolaíochta / Meitéareolaí: | €630 + 23% VAT (€144.90) = €774.90 |
| Meitéareolaí Sinsearach: | €770 + 23% VAT (€177.10) = €947.10 |
In cases where daily rates are appropriate, such as court attendance or site survey, travel and subsistence charges also apply. The minimum charge is for half a day. A standby charge of 50% of the daily rate applies where staff may be required to be available to be called to attend court.
Note: Finance Act 2010 and Value Added Tax
In accordance with Section 117 of the Finance Act 2010, from 1st July 2010 public bodies engaged in VAT-able activities will be obliged to register and account for VAT. Accordingly from 1st July 2010, invoices issued by Met Éireann for climatological data and services delivered after that date will include VAT at the higher rate.
Public Works Contract Data
Teagmhais Aimsire i gConarthaí d’Oibreacha Poiblí
Glacadh le cur chuige oibiachtúil agus intomhaiste maidir lena meastar a bheith ina theagmhas aimsire a d’fhéadfadh teagmhas moillaga bheith mar thoradh air, i.e. am breise faighte ag an gconraitheoir. Bíonn teagmhas moillaga ann nuair a sháraíonn teagmhas aimsire an luach tairsí sonraithe (90ú peircintíl) in aon mhí áirithe.
Is ionann teagmhais aimsire agus:
- Líon na laethanta in aghaidh na míosa le méid báistí > 10mm.
- Líon na laethanta in aghaidh na míosa le meán-uaslais gaoithe 10-nóim >=15m/s.
- Líon na laethanta in aghaidh na míosa le híosteocht < 0 céim C.
Sonraí Míosúla
Tá na teagmhais aimsire dár stáisiúin Shionoptacha ar fáil anseo, roghnaigh an stáisiún agus cliceáil an nasc ag bun an leathanaigh.
Cuir isteach an Fhoirm Ordaithe ar líne, le do thoil, má tá sonraí ó stáisiúin eile ag teastáil uait, agus tá táille i gceist. Cuireann doiciméad na Roinne Airgeadais síos ar conas mar a ríomhtar teagmhais aimsire agus ar na sonraí stairiúla a úsáidtear chun teidlíocht a chinntiú maidir le fadú ama. Tá luachanna tairsí (90ú peircintíl) sonraithe sa doiciméad seo.
Is é an 90ú peircintíl an luach is ísle le 90% de na sonraí samplacha níos lú ná nó cothrom leis. Úsáideadh gach cuid de na sonraí a bhí ar fáil do gach stáisiún ina ríomh. Níor úsáideadh stáisiún dá mba rud nach raibh 10 mbliana de shonraí ar a laghad ar fáil ó na 12 bhliain atá díreach caite, le gach mí féilire san áireamh.
Tréimhse Athfhillte Báistí
A new rainfall return period application has been developed to replace the form based email service.
Déan teagmháil linn ag enq@met.ie le do thoil, má bhíonn aon fhadhb agat.
Eangacha Báistí agus Teochta Míosúla
Tá Eangacha Báistí agus Teochta Míosúla ar fáil anseo
Meáin Aeráide thar 30 Bliain
Tá an leathanach maidir le Meáin Aeráide thar 30 Bliain ar fáil anseo