Feasacháin Aimsire Teilifíse

Cé gur ó stiúideo laistigh d’oifig réamhaisnéise Met Éireann i nGlas Naíon a chraoltar feasacháin aimsire raidió, ullmhaítear na feasacháin aimsire teilifíse, a chuirtear ar fáil i gcomhar leis an gcraoltóir stáit, RTÉ, in oifig aimsire atá feistithe go speisialta laistigh d’fhoirgneamh Montrose RTÉ, agus déantar iad a sheachadadh ó stiúideo aimsire tiomnaithe in aice láimhe.

Is meán sofheicthe é an teilifís, agus caithfidh an réamhaisnéiseoir roinnt mhaith ama a thabhairt don ullmhúchán ar na cairteacha a úsáidtear leis an réamhaisnéis a léiriú. Tá an bogearra ríomhaire a úsáidtear chun na cairteacha sin a ullmhú thar a bheith speisialaithe comhlacht ón Iorua a d’fhorbair é agus tógann sé sonraí aimsire ó mhúnlaí ríomhaire Met Éireann agus aistríonn sé iad isteach i raon cairteacha grafacha, ó na cinn thraidisiúnta ag taispeáint frontaí le réimsí ardbhrú agus lagbhrú, go beochaintí den bháisteach a bhfuil súil léi, go siombail aimsire, nó cairteacha teochta chomhrianta daite.

Caithfidh an réamhaisneoir na cairteacha is fearr a inseoidh “scéal na haimsire” – a athraíonn ó lá go lá, a roghnú. Ullmhaíonn sí nó sé na cairteacha ansin, ag coigeartú na faisnéise a fuarthas ón ríomhaire ag brath ar an léargas agus an taithí atá acu, agus ullmhaíonn siad cairteacha freisin atá bunaithe ar íomhánna satailíte agus radair. Is í an aidhm ní hamháin míniú a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú dár n-aimsir, ach cén fáth a dtarlóidh sé, agus an bealach a bhfuil baint ag taithí na haimsire atá ann le gluaiseachtaí na gcóras mhóra aimsire san atmaisféar.

De réir mar atá feasacháin aimsire ag breathnú níos faide agus níos faide chun cinn, caithfidh an réamhaisnéiseoir an neamhchinnteacht a bhaineann leis an réamhaisnéis a léiriú; Ag brath ar ailíniú na gcóras brú is féidir le réamhaisnéiseoirí muinín ard a bheith acu i dteacht chun cinn na haimsire, nó uaireanta, gan mórán muiníne. Tá sé tábhachtach na leibhéil mhuiníne sin a chur in iúl don lucht féachana.

Go hiondúil maireann feasacháin aimsire teilifíse dhá nóiméad agus is féidir idir 15 agus 20 cairt a thaispeáint i rith an ama sin, agus caithfear gach ceann a ullmhú agus a sheiceáil roimh dhul ar an aer. Tá an fhoireann aimsire teilifíse déanta suas as réamhaisnéiseoirí Met Éireann agus láithreoirí RTÉ féin, agus ullmhaíonn siad agus déanann siad seachadadh ar suas le deich bhfeasachán aimsire gach lá. Díríonn go leor de na feasacháin sin ar aimsir na hÉireann, ach tugann roinnt feasachán forbhreathnú ar an aimsir ar fud na hEorpa agus tugann cuid eile radharc domhanda.