Réadlann Dhairbhre

Valentia Observatory Site

Is cuid de Met Éireann, Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, í Réadlann Dhairbhre. Tá sí suite ciliméadair amháin ó Chathair Saidhbhín, ar inbhear abhainn Feartha. Déanann an Réadlann tomhais mheitéareolaíochta aimsire dhromchla agus aeir íochtaraigh, chomh maith le raon gníomhaíochtaí eolaíochta eile – ina measc monatóireacht ózóin, geomaighnéadaigh, seismeolaíocht, radaíocht na gréine agus monatóireacht ar an gcomhshaol. Tugtar Réadlann Dhairbhre ar an réadlann mar gurbh ar Oileán Dhairbhre a bunaíodh í.

Téann gaol an oileáin le meitéareolaíocht siar chomh fada leis an mbliain 1860, nuair a rinne an tAimiréal FitzRoy, a bhí i gceannas an Choiste Mheitéareolaíochta (na Breataine) de chuid an Bhoird Trádála, socruithe go seolfaí breathnadóireachtaí meitéareolaíochta rialta, trí mheán teileagraif, ó 15 stáisiún ar talamh sa Bhreatain agus in Éirinn. Roghnaíodh Dairbhre le bheith ar cheann de na stáisiúin sin mar go raibh nasc teileagrafach ag an oileán le Londain chun seirbhísiú a dhéanamh ar an gcábla trasatlantach. Aithníodh láithreach bonn an tábhacht a bhain le Dairbhre mar shuíomh le breathnadóireachtaí meitéareolaíochta a dhéanamh, agus é suite i gconair na gcóras aimsire ag teacht isteach ón Atlantach. Sa bhliain 1865 bheartaigh rialtas na Breataine réadlanna a bhunú ina raibh ionstraimí féintomhaiste, ag seacht suíomh, Dairbhre san áireamh.  Bhí na sé cinn eile sna forais eolaíochta seo a leanas: Réadlann Kew, Institiúid Pholaiteicnic Falmouth, Coláiste Stonyhurst, Réadlann Ard Mhacha, an Réadlann ag Ollscoil Ghlaschú, agus an Réadlann ag Ollscoil  Aberdeen. Chuir an Coiste Meitéareolaíochta Réadlann Dhairbhre ar bun, is iad a chuir maoiniú agus foireann ar fáil di freisin. Bunaíodh an Réadlann i dteach a bhí ar cíos ó Ridire Chiarraí ag Ionad Ioncaim Oileán Dhairbhre i mí Lúnasa 1868.

Ar na hionstraimí taifeadúcháin a suiteáladh bhí Baragraf agus Teirmeagraf Fótagrafach Adie agus Ainéamagraf Robinson Beckley. Cuireadh Taifeadán Báistí Beckley ar fáil don Réadlann sa bhliain 1869 agus Taifeadán Gréine Campbell-Stokes sa bhliain 1879. Tá na hionstraimí seo ar taispeáint in iarsmalann na Réadlainne. Lean an Réadlann ag feidhmiú ar an oileán go dtí mí an Mhárta 1892, agus ansin aistríodh í chuig an suíomh ina bhfuil sí faoi láthair.

Tugadh Teach Westwood ar phríomhfhoirgneamh na Réadlainne agus thóg an Captaen Needham é sa bhliain 1866. Ba é Needham ionadaí áitiúil Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa cheantar agus bhí sealúchais mhóra talún ag an gColáiste sa limistéar seo.  Lean Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ag soláthar foirne don Réadlann go dtí mí na Nollag 1936 nuair a cuireadh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann ar bun.

Reáchtáil Oifig Meitéareolaíochta na Breataine an Réadlann do Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann ar bhonn gníomhaireachta go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 1937, nuair a oileadh foireann don tseirbhís nua. Aistríodh roinnt mhaith den fhoireann a bhí fostaithe ag Oifig Meitéareolaíochta an Breataine chuig Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann.

Ó cuireadh ar bun Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, cuireadh go mór le clár oibre na Réadlainne agus bhíodh an Réadlann i gcónaí trealmhaithe leis an trealamh agus an ionstraimíocht is nuálaí ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá clú agus cáil ar an Réadlann i measc an phobail eolaíochta. Ní hé amháin go gcomhlíonann an Réadlann a ról náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh de Met Éireann ach tá sí i mbun tionscadal le forais eolaíochta eile in Éirinn agus thar lear.

Cuireadh deireadh le breathnadóireacht láimhe ag an stáisiún aimsire i Réadlann Dhairbhre ar an 1ú Aibreán 2012. Tá stáisiún uathoibríoch lonnaithe san ionad céanna ón 2ú Aibreán 2012.