Is éard atá in WOW-IE ná Suíomh Gréasáin Faisnéisí Aimsire Met Éireann agus is cuid den ghréasán domhanda WOW d’fhaisnéisí aimsire sluafhoinsithe é.

Léiríonn WOW-IE faisnéisí aimsire fíorama ó fhoinsí éagsúla. Ní dhéanann WOW ceartú ná athbhreithniú ar shonraí, mar sin, tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn luachanna áirithe mícheart nó sonraí in easnamh, fiú ó stáisiúin oifigiúla. Féach: Séanadh WOW. Chun réamhaisnéisí aimsire agus rabhaidh aimsire a fháil agus sonraí a bhfuil rialú caighdeáin déanta orthu a fháil freisin, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin oifigiúil Met Éireann: www.met.ie