Tuar Uimhriúil Aimsire (Tua) Oibríochtúil In Met Éireann

Baineann Met Éireann feidhm faoi láthair as samhail TUA HARMONIE-AROME.

Úsáideann an chumraíocht oibríochtúil córas 40h1 de HARMONIE-AROME ar an bhfearann a thaispeántar thíos, ina bhfuil 1000 x 900 pointe eangaí go cothrománach ar taifeach 2.5 km, agus 6 leibhéal go hingearach.

Déantar tuar 54 uair an chloig a tháirgeadh ceithre huaire sa lá, ag 00Z, 06Z, 12Z agus 18Z.

Gníomhaíonn an príomhthuar seo, chomh maith, mar an mball rialaithe do Chóras Tuair Ensemble Réigiúnach na hÉireann (IREPS). Dhá uair sa lá, déantar tuartha breise suaite ag 00Z agus 12Z a fhad le 36 uair an chloig, a chuireann ensemble 11 bhall ar fáil chun tuar gearr-raoin a dhéanamh.