Is rannán líne é Met Éireann den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta. Cliceáil ar an íomhá thíos chun an Ráiteas Straitéise is déanaí dá chuid a fheiceáil.
Plean Straitéiseach Met Éireann 2024-2034
Ár bhFís
Réidh le hAthrú – Éire a ullmhú le haghaidh na n-athruithe ar an aimsir agus ar an aeráid
Ár Spriocanna
Sprioc 1 Tacaíocht a thabhairt do chinnteoireacht ilghuaiseach, bunaithe ar thionchar le haghaidh teagmhais aimsire agus tuilte.
Sprioc 2 Seirbhísí aeráide atá dírithe ar an úsáideoir a sholáthar chun tacú le freagairt náisiúnta agus le teacht aniar i leith tionchair an athraithe aeráide.
Sprioc 3 Guth éifeachtach údarásach agus ceannaireacht straitéiseach a sholáthar maidir leis an aimsir agus an aeráid in Éirinn.
Sprioc 4 Barr feabhais agus nuálaíocht eolaíochta a fheabhsú chun na seirbhísí is iontaofa a sholáthar don tsochaí agus chun tacú le timpeallacht fiontraíochta le haghaidh seirbhísí aimsire, tuilte agus aeráide.
Sprioc 5 Ár dteicneolaíocht agus ár mbonneagar eolaíocht-bhunaithe a mhéadú chun soláthar seirbhísí aimsire, tuilte agus aeráide den chaighdeán is airde a chumasú.
Sprioc 6 Sainfhórsa oibre gairmiúil agus ardoilte a choinneáil agus a mhéadú agus inbhuanaitheacht a chur i gcroílár na mbealaí a n-oibrímid.
Straitéis Taighde & Nuálaíochta Met Éireann 2026-2034
Spriocanna
Sprioc 1 Sármhaitheas agus Tallann Taighde Aimsire–Tuilte–Aeráide a Mhéadú
Sprioc 2 Taighde a Thiomáint chuig Seachadadh Oibríochtaí & Nuálaíochta
Sprioc 3 Luach, Tionchar & Fianaise T&N a Chur Chun Cinn le haghaidh Beartais
Sprioc 4 Comhpháirtíochtaí Taighde & Nuálaíochta a Dhianú
Creat Riachtanas Taighde & Nuálaíochta
Téama 1 Eolaíocht Chóras an Domhain, Samhaltú & Réamhaisnéis
Téama 2 Seirbhísí Bunaithe ar Thionchar & Tacaíocht Chinntí
Téama 3 Aeráid, Athléimneacht & Riosca Fadtéarmach
Téama 4 Breathnóireachtaí, Braiteadh den Chéad Ghlúin Eile & Bonneagar Digiteach
Téama 5 Intleacht Shaorga & Teicneolaíochtaí Ardleibhéil
Téama 6 Cumarsáid, Iompar & Rannpháirtíocht Shóisialta
Téama 7 Córas, Modhanna Idir-Disciplíneacha & Rialachas





