Tomhas Dhoimhneacht Optúil Aerasóil

Is scamall cáithníní soladacha nó leachta i ngás iadAersóiil atá chomh beag bídeach, go bhfanann siad san aer ar feadh laethanta, seachtainí nó fiú míonna. Ar shamplaí d’aerasóil tá: smúit, deannach, truailleáin aeir cáithníneacha agus deatach (Féach pictiúr d’Oileán Dhairbhre in aimsir smúitiúil)

Valentia – Aerosol

Bíonn go leor aerasóil ann ón nádúr, ag teacht ó bholcáin, ó stoirmeacha deannaigh, ó thinte foraoise agus ó thalamh féaraigh, ó fhásra beo agus ó cháitheadh farraige. Táirgeann gníomhaíochta daonna ar nós breoslaí iontaise a bheith á ndó, aerasóil eile. Déanann aerasóil antrapaigineacha suas thart ar 10 faoin gcéad de na méideanna aerasóil ar fad atá san atmaisféar. Ó laghad agus ó éadroime a bhíonn an cáithnín is ea is faide a fhanfaidh sé san atmaisféar agus titeann na cáithníní is mó go talamh in imeacht roinnt uaireanta an chloig de bharr domhantharraingt.

Tomhais Aerasóil agus úsáidí féideartha

Is tomhas ar an maolú ar radaíocht ghréine a thagann ó scaipeadh agus ó shú solais laistigh den cholún atmaisféarach é Doimhneacht Súl Aerasóil (AOD). Cosúlacht a mbaintear úsáid as go minic chun iarracht a dhéanamh le doimhneacht súl a fheiceáil is ea ceo. Samhlaigh go bhfuil tú istigh i gceo agus go gcuirtear rud díreach os do chomhair, ar féidir leat a fheiceáil go soiléir. Is náid an doimhneacht súl ceo atá idir tú féin, an breathnóir, agus an rud. Anois samhlaigh go bhfuil an rud seo ag imeacht amach uait, de réir mar atá, tá sé níos deacra é a fheiceáil. Méadaíonn an doimhneacht súl idir tú féin agus an rud nó go sroichfidh tú an pointe nach bhfuil tú in ann an rud a fheiceáil a thuilleadh.

Radaiméadar Scagaire Beaichte (tomhaiseann sé an AOD)

I mbeagán focal, á mhéid á mBíonn an doimhneacht súl, is é is mó a bhíonn ábhar crochta idir an breathnóir agus an rud (grian nó barr an atmaisféir) sa chaoi sin ní bheidh an oiread solais ag sroicheadh an bhreathnóra. Trína bheith ar an eolas go cinnte faoin AOD, is féidir le duine faisnéis a shocrú faoi chainníocht agus faoi mhéid aerasóil atá os do chionn.

Is féidir an t-eolas seo a úsáid i gcomhair cuid mhaith staidéir ar a bhfuil: monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí aerasóil nádúrtha agus antrapaigíneacha ar athrú aeráide, ag cur meastacháin ar fáil ar léargais i gcomhair satailítí nó chun luachanna ghal uisce atmaisféarach comhtháite a ghiniúint.

Is féidir luachanna laethúla do Dhairbhre a fheiceáil anseo PMODWRC (Physikalisch-Meteorologisches Observatorium Davos” (PMOD) World Radiation Centre (WRC) )