Tá aeróga a bhraitheann tintreach i bhFaireachlann Dhairbhre atá mar chuid de líonra idirnáisiúnta a riarann Oifig Met na RA. Cuireann brath tintrí faisnéis ar fáil do réamhaisnéiseoirí ar ghluaiseachtaí stoirme chomh maith le treoir a thabhairt chun rabhaidh a thabhairt don phobal, d’Aerfoirt, do BSL agus mar sin.
Brath tintrí i nDairbhre
Is córas é córas stoirmeacha toirní ATDNET a dhear an Oifig Met ar dtús chun sonraí láithreachta tintrí a chur ar fáil le cruinneas láithreachta ainmniúil de thart ar 2km nó níos fearr don RA.
Déanann líonra uasghrádaithe nua ADT, a tugadh chun críche in 2007 seachadadh ar éifeachtúlacht bhraite d’os cionn 90% agus cruinneas láithreachta de níos lú ná 3km do limistéar na RA/Iarthar na hEorpa.
Tháinig Faireachlann Dhairbhre isteach sa líonra in 2007; lig sé seo le tréchur méadaithe ar chomhartha atmaisféarach raidió braite nó SFERICeanna 100,000 scal de réir na huaire, leis na rátaí go hiondúil idir 10,000 agus 60,000 ag brath ar an am den lá san Eoraip.
An bealach a n-oibríonn sé
Nuair a bhuaileann buille tintrí, cruthaítear cuisle fuinnimh leictreamhaighnéadach a théann i ngach treo, agus feictear cuid de mar an scal gheal solais a bhaineann go hiondúil le tintreach. Cuireann an chuisle seo astaíochtaí amach freisin ag minicíochtaí atá lasmuigh dár raon súl.
Braitheann córas ADT na cuislí sin ag minicíocht (10-14 kHz) ar a dtugtar VLF (Minicíocht An-iseal) – minicíocht atá i bhfad níos ísle ná gnáth-radathonnta. Tugtar ‘sfericeanna’ ó ‘atmospherics’ (aerthormáin) ar na cuislí ag an minicíocht seo.
Tá na tonnta sin in ann taisteal achair fhada, suas le 10.000 km mar tá siad frithchaite idir dromchla an Domhain agus sraith san atmaisféar uachtair ar a dtugtar an t-ianasféar, ar bhealach cosúil le solas a bheadh ag taisteal laistigh de chábla snáthoptaice.
Tá braiteoir amháin (féach an fhigiúr) in ann “sferic” a chloistear go hiondúil mar chnagarnach ar mhiniciochtaí ísle ar sean raidiónna a bhrath.
Tá gá le roinnt braiteoirí chun a ríomh cá as a dtáinig an “sferic”. Tá 10 go 12 braiteoir ag ATDnet d’Iarthar na hEorpa agus níos mó ar fud an domhain. Déantar anailís ar thonnchruthanna agus seoltar iad chuig an lár-stáisiún rialúcháin ag Ceanncheathrú Oifig Met na RA ach é sin a iarraidh.
Bíonn gá le calabrú ama cruinn chun láthair ‘sferic’ a bhrath. Ós rud é go dtaistlíonn “sferic” an-ghar do luas solais, tá an difríocht ama idir braiteoirí atá i bhfad uainn an-bheag, gan comhuainiú cruinn, bheadh na ríomhanna a rinneadh chun na buillí a aimsiú dodhéanta. Cuirtear tonnchruthanna ó stáisiúin sheachtracha i gcomhchoibhneas chun difríochtaí ama a mheas. Tugtar ADT (Difríocht Ama Rochtana) ar an difríocht san am a thógann sé ar “sferic” braiteoir amháin a shroicheadh seachas braiteoir eile.
Baintear úsáid as na Difríochtaí Ama Rochtana ansin chun láthair tintrí a ríomh trí mhodh atriallaigh (Féach Figiúr). Má bhreacann tú ATD de gach braiteoir ar an mapa céanna i gcoibhneas an bhraiteora tagartha, is é an áit a dtéann na cuair trasna ar a chéile láthair na stoirme tintrí.