Eolas faoi Leabharlann Met Éireann

Tráth ar bunaíodh an tSeirbhís Mheitéareolaíochta sa bhliain 1936 fuair an tseirbhís bailiúchán beag de leabhair theicniúla agus de thaifid aimsire le hoidhreacht. Rinne an bailiúchán sin, maille le bailiúchán de leabhair a bhain le meitéareolaíocht luath, a d’fhág R. H. Scott le huacht chuig Réadlann Dhairbhre i 1916, suas bunús Leabharlann Met Éireann. Sa lá atá inniu ann is í an Leabharlann an stórlann lárnach d’fhoilseacháin a bhaineann le meitéareolaíocht in Éirinn.

An Bailiúchán

Na príomhábhair a chlúdaítear sa bhailiúchán ná Meitéareolaíocht, Clíomeolaíocht, Athrú Aeráide, Fisic an Atmaisféir agus Teicneolaíocht Faisnéise. Áirítear sa bhailiúchán

  • Leabhair
  • Irisí
  • Foilseacháin Met Éireann
  • OTuarascálacha Eagraíochtúla (e.g. WMO, Seirbhísí Náisiúnta Meitéareolaíochta, ECMWF)
  • Saothair Thagartha
  • Tráchtais
  • Imeachtaí Comhdhála
  • Bailiúcháin Speisialta

Rochtain & Iasachta

Ní thugann ár leabharlann ábhar amach ar iasacht, mar sin ní bhíonn cead ag an bpobal míreanna leabharlainne a bhreith leo abhaile, ach bíonn fáilte roimh dhaoine teacht isteach agus breathnú tríd an mbailiúchán ar a gcaoithiúlacht. Féadfaidh gach duine a thagann ar cuairt ár gcatalóg a chuardach chun teacht ar leabhair, tuarascálacha nó lámhscríbhinní, agus bíonn cead acu ár n-áiseanna fótachóipeála a úsáid nó scanadh digiteach a dhéanamh (ach feidhmiú de réir na srianta a bhaineann le dlí cóipchirt)

Rialacháin Cóipchirt

Cloíonn Leabharlann Met Éireann le reachtaíocht chóipchirt agus an tAcht bainteach ó 2000. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí..
Ní ceadmhach ach alt nó caibidil amháin a chóipeáil as ábhar foilsithe – bíodh sin ina iris nó ina leabhar.
Is ar mhaithe le staidéar príobháideach agus chun críocha neamhthráchtála amháin a chuireann an leabharlann an áis thaighde ar fáil.
Iarrfar ort dearbhú cóipchirt a shíniú d’aon ábhar a chuirfidh an leabharlann ar fáil duit.

Sonraí Teagmhála

Tá an leabharlann lonnaithe i gCeanncheathrú Met Éireann, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 agus ní bhíonn cead isteach ag an bpobal ach amháin má tá coinne déanta acu roimh ré. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo: