Clár Taighde Aimsire agus Aeráide

Eolaíocht ag Freastal ar an tSochaí

Déanann Met Éireann — Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, a chothaíonn an Stát faoi Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta — monatóireacht, anailís agus réamhaisnéis ar aimsir agus ar aeráid na hÉireann. Déanaimid amhlaidh chun seirbhísí den scoth a bhaineann leis an aimsir, leis an aeráid agus le tuilte a chur ar fáil do chinnteoirí in Éirinn, d’fhonn saolta agus maoin a chosaint agus chun leas níos leithne na sochaí agus an gheilleagair a chur chun cinn.

Is cuid dhílis de straitéis Met Éireann é maoiniú taighde agus tá sé lárnach do Chlár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann.

Cuireann Clár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann bonn taca faoin saineolas agus faoin eolas is gá chun cumais náisiúnta réamhaisnéise a sholáthar agus a fheabhsú go leanúnach i réimsí na haimsire, na haeráide agus na hidreolaíochta, agus chun a chinntiú — go háirithe i gcomhthéacs na haeráide — go soláthraíonn torthaí taighde an fhianaise agus na huirlisí is gá chun eolas a thabhairt do bheartas agus do ghníomhaíocht an rialtais.

Is é misean Chlár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann ná cur le forbairt acmhainne taighde náisiúnta agus aghaidh a thabhairt ar phríomhcheisteanna eolaíocha, mar fhreagra ar na dúshláin agus na deiseanna atá roimh Éirinn i gcomhthéacs na haimsire foircní agus na haeráide atá ag athrú.

Cuireann Met Éireann fáilte roimh thaighde a dhéantar faoi spiorad na héagsúlachta, na cuimsitheachta, na comhoibríochta, na comhchruthaithe, na comhpháirtíochta, na sonraí oscailte agus an chur chuige ildisciplínigh.

Weather and Climate Research Programme 2023