Ionad Réamhaisnéise Tuile

An tSeirbhís Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile

Tá Ionad Réamhaisnéise Tuile Met Éireann á fhorbairt mar chuid de chur chuige uile-rialtais i leith tuilte i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta. Is próiseas ilchéime leanúnach é forbairt Ionad Réamhaisnéise Tuile Met Éireann agus is cuid lárnach í den tSeirbhís Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile níos leithne, faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP).
Tá céim tosaigh pleanála agus tástála na Seirbhíse Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile críochnaithe (Céim 1), agus mar chuid lárnach de seo, tá Ionad Réamhaisnéise Tuile Met Éireann ag feidhmiú ó thús 2024. Faoi láthair, cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile treoir agus comhairle ar fáil do pháirtithe leasmhara bainistíochta éigeandála agus d’Údaráis Áitiúla.

Cé go n-athróidh ról an Ionaid Réamhaisnéise Tuile chun tacú leis an tSeirbhís Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile, soláthraíonn sé seirbhísí réamhaisnéise tuile oibríochtúla saincheaptha agus treoir ghaolmhar faoi láthair do na hÚdaráis Áitiúla in Éirinn agus do fhreagróirí éigeandála stáit.

Táthar ag súil go gcuirfidh an tSeirbhís Náisiúnta Réamhaisnéise agus Rabhaidh Tuile seirbhísí rabhaidh tuile ar fáil de réir mar a aibíonn an tseirbhís trí phróiseas forbartha comhoibríoch il-pháirithe leasmhara lena mbaineann Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus Met Éireann.

Obair reatha an Ionaid Réamhaisnéise Tuile

Oibríonn foireann hidriméitéareolaithe ag Ionad Réamhaisnéise Tuile Met Éireann ag anailísiú faisnéise hidreolaíoch, aigéaneolaíoch agus meitéareolaíochta chun réamhaisnéisí tuile agus treoir a tháirgeadh go sonrach d’Údaráis Áitiúla agus do fhreagróirí éigeandála stáit.

Cuireann an tIonad Réamhaisnéise Tuile faisnéis threorach saincheaptha ar fáil bunaithe ar shonraí breathnóireachta agus ar shamhlacha réamhaisnéise tuile Met Éireann chun tacú le cinnteoireacht ag bainistíocht éigeandála agus Údaráis Áitiúla a bhaineann le freagairtí comhordaithe a chur i bhfeidhm ar thuilte ar leibhéal áitiúil.

Tríd is tríd, áirítear ar an obair reatha atá ar bun ag an Ionad Réamhaisnéise Tuile;

  • Réamhaisnéisí tuile a tháirgeadh bunaithe ar anailís ar aschuir na samhla
  • Réamhaisnéisí tuile, treoir agus eolas a chur ar fáil don the Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála , d’údaráis áitiúla agus do fhreagróirí éigeandála chun tacú lena n-ullmhacht agus a bhfreagairt ar imeachtaí tuile féideartha. Soláthraíonn an tIonad Réamhaisnéise Tuile seirbhísí do phríomhpháirtithe leasmhara amhail oiliúint ar anailís tuilte, eolas agus tacaíocht dhíreach do chinnteoirí roimh agus le linn teagmhais a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu, chun sábháilteacht agus cosaint an phobail a uasmhéadú
  • Réamhaisnéisí tuile a sholáthar do thuilte cósta agus abhann ar an scála náisiúnta agus trasna príomh-dhobharcheantar abhann, bunaithe ar léirmhíniú agus anailís saineolaithe ar aschuir na samhla
Map of Ireland with <a href=" https://www.met.ie/about-us/specialised-services/flood-forecasting-centre/flood-forecasting-centre-river-model-catchments-list/">River Catchments</a> currently used in Met Éireann's broad-scale river modelling.

Fíor 1: Dobharcheantair abhann atá in úsáid faoi láthair i samhaltú abhann leathan-scála Met Éireann.

  • Samhlacha réamhaisnéise tuilte a fhorbairt, a chothabháil agus a bharrfheabhsú d’aibhneacha agus do cheantair chósta na hÉireann. Tá 36 samhail dobharcheantair abhann forbartha ag Met Éireann faoi láthair do phríomh-dobharcheantair abhann na hÉireann, (seachas na trí dhobharcheantar atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann). Tá forbairt ar siúl chun an cumas samhaltaithe seo a bheachtú agus a fheabhsú trí bhreathnuithe hidriméadracha a leathnú, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe san OOP agus sna hÚdaráis Áitiúla
  • Anailís agus monatóireacht a dhéanamh ar shonraí meitéareolaíochta agus sonraí breathnóireachta hidriméadracha Met Éireann ó aibhneacha agus ón aigéan ó roinnt líonraí atá á reáchtáil ag eagraíochtaí comhpháirtíochta ar fud na hÉireann, lena n-áirítear OOP, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), Foras na Mara, Coimisinéirí Soilse na hÉireann, Transport for Ireland, Údaráis Áitiúla, BSL agus an Roinn Bonneagair (Tuaisceart Éireann)

Faisnéis úsáideach a bhaineann le tuilte

  • Cuireann suíomh gréasáin flooding.ie an OOP faisnéis ar fáil a bhfuil sé mar aidhm aici feasacht a ardú maidir leis na contúirtí a bhaineann le tuilte agus bearta is féidir a dhéanamh chun an damáiste a d’fhéadfadh tarlú le linn teagmhais a íoslaghdú
  • floodinfo.ie de chuid an OPW – cuireann sé léarscáileanna tuilte ar fáil a thaispeánann limistéir atá i mbaol tuilte
  • Cuireann an Oifig Pleanála Éigeandála @emergencyIE @emergencyIE (ar X) treoir sábháilteachta ar fáil le linn teagmhais adhaimsire
  • Cuireann feachtas na hOifige Pleanála Éigeandála, Bí Ullamh don Gheimhreadh, comhairle phraiticiúil ar fáil ó roinnt foinsí stáit chun “Bí Ullamh, Fan Sábháilte agus bí eolach ar conas cúnamh a fháil más rud é go dteastaíonn sé sin uait”. Tá cuid shonrach ann maidir le comhairle tuilte

Má tá aon cheist agat, le do thoil téigh i dteagmháil le flood.queries@met.ie