Tuar Uimhriúil Aimsire

Déanann an Rannóg Taighde, Comhshaoil agus Feidhme samhlacha oibríochtúla gearr-raoin Tuartha Uimhriúil Aimsire (TUA) a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tugann sé faoi thaighde ar TUA i gcomhoibriú le Cuibhreannas na Samhla Limistéir Theoranta Ardtaifigh (HiRLAM).

Tá roinnt cuibhreannais TUA ann san Eoraip:

Tá Met Éireann mar chuid de ghrúpa HiRLAM (Samhail Limistéir Theoranta Ardtaifigh). Cuireadh tús leis an gcomhoibriú seo idir deich Seirbhís Mheitreolaíochta Náisiúnta i 1985. Ghlac Met Éireann le ballraíocht den ghrúpa i 1986. Comhoibríonn grúpa HiRLAM le Météo na Fraince agus cuibhreannas TUA ALADIN. Cuireann Met Éireann acmhainní foirne ar fáil gach bliain chun taighde a dhéanamh ar TUA i ngrúpa HiRLAM.

Is é samhail TUA Harmonie (TUA Oibríochtúil Méiseascála Réigiúnach Aladin HiRLAM san Eoraip) a fhorbairt ar a ndíríonn cuibhreannas HiRLAM go príomha. Tugann sé faoi fhorbairt agus taighde ar an méid seo a leanas:

  • Sonraí Atmaisféaracha a Chomhshamhlú
  • Samhail Réamhaisnéise Atmaisféaraí
  • Anailís agus Samhaltú Dromchla
  • Córas Tuartha Olltionóil
  • Dearbhú Cáilíochta

Comhshamhlú Sonraí Atmaisféaracha

Is bunchuid de thuar uimhriúil aimsire (NWP) é cur amach cruinn ar staid an atmaisféir ag tús réamhaisnéis na haimsire. Déantar breathnóireachtaí ar an atmaisféar agus na hearráidí measta a bhaineann leo a chónascadh le faisnéis ó réamhaisnéis NWP roimhe sin chun anailís ar an atmaisféar a chur ar fáil. Glaoitear comhshamhlú sonraí ar an bpróiseas seo.

An-chuid de na córais NWP chomhaimseartha, úsáideann siad teicnící athrúchánacha chun staid féideartha an atmaisféir aon uair ar leith a mheas. Úsáideann an córas ALADIN-HIRLAM NWP, ar córas feidhmiúil NWP Met Éireann é, 3D-Var (comhshamhlú tríthoiseach sonraí athrúchánacha) chun anailísí ar an atmaisféar a chur i bhfeidhm.

Múnla Réamhaisnéise Atmaisféaraí

Glaoitear an dinimic agus an fhisic ar an dá phríomhchuid d’aon mhúnla atmaisféarach. I gcás na dinimice, déanaimid ár réigiún réamhaisnéise a scoilt ina ghreille agus bainimid úsáid as algartaim matamaiticiúla chun na cothromóidí a réiteach a rialaíonn gluaisne an atmaisféir ag gach pointe den ghreille. Tá taifeach 2.5 km ag an ngreille seo faoi láthair. I gcás fhisic an mhúnla, cuirtear na príomh-phróisis san áireamh a tharlaíonn ag scálaí níos lú ná seo, agus nach bhfuil an ghreille in ann iad a “fheiceáil”. Áirítear leo seo grianradaíocht agus suaiteacht.

Tá tuilleadh sonraí le fáil ar láithreán gréasáin HiRLAM agus sa pháipéar a scríobh Bengtsson et al., Monthly Weather Review, Bealtaine 2017.

Anailís & Múnlú Dromchla

Chomh maith leis an dinimic agus an fhisic aeir uachtaraigh i múnla atmaisféarach, cuimsíonn múnla fisic agus tuairiscí dromchla, agus glaoitear múnla dromchla orthu seo i dteannta a chéile. Baineann an múnla réamhaisnéise HARMONIE-AROME, a úsáideann agus a d’fhorbair foireann Met Éireann, an múnla dromchla SURFEX.

Cuimsíonn SURFEX an fhisic a bhaineann le dromchlaí talún nádúrtha a mhúnlú, lena n-áirítear ithir agus fásra, limistéir uirbeacha, lochanna, farraigí agus aigéin, mar aon le próisis cheimice agus aerasóil, féach anseo.

SURFEX Schema

SURFEX Schema

Córas Tuair Ensemble

Baintear leas as ríomhmhúnlaí den atmaisféar chun réamhaisnéisí aimsire a chur ar fáil. Tá na múnlaí seo bunaithe ar bhreathnóireachtaí cúinsí atmaisféaracha ag tráth ama ar leith, agus ar chothromóidí a chuireann síos ar cén chaoi a mbíonn codanna difriúla den atmaisféar ag idirghníomhú lena chéile. D’fhéadfadh earráidí agus neamhchinnteachtaí sleamhnú isteach sna réamhaisnéisí seo ó an-chuid foinsí, áfach. I dtús báire, d’fhéadfadh líon mór breathnóireachtaí aimsire a bheith ar fáil, ach an taifeach spásúil a theastaíonn le gur féidir gach feiniméan meitéareolaíochta a ghabháil, tá sin in easnamh i limistéir áirithe. Go hidéalach, bheadh breathnóireacht ag teastáil gach cúpla méadar thar muir is thar tír chun go mbeadh cur síos iomlán ar an staid atmaisféarach atá ann aon uair ar leith. Sa dara háit, ionas gur féidir próisis chasta fhisiciúla an atmaisféir a mhúnlú, ní mór toimhdí a dhéanamh maidir leis na próisis seo. Mar thoradh ar na toimhdí dosheachanta seo, d’fhéadfadh go mbeadh earráidí sa ríomh-mhúnla, agus ciallaíonn sin go bhféadfadh neamhchinnteacht sleamhnú isteach sa réamhaisnéis. Sa tríú háit, agus seo b’fhéidir an fhadhb is lú is féidir a sheachaint i dtaca le réamhaisnéisí a dhéanamh, caithfear nádúr an atmaisféir a chur san áireamh, atá anordúil go nádúrtha. Fiú má tá miondifríocht ann i mbunú tosaigh an mhúnla réamhaisnéise, d’fhéadfadh réamhaisnéisí bun os cionn difriúla a bheith mar thoradh air seo.

Chun na fadhbanna seo a mhaolú, d’fhorbair eolaithe uirlis a nglaoitear Córas Tuair Ensemble (EPS) uirthi, agus an ceann is fearr aithne orthu seo ná EPS Lárionaid Eorpaigh do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF). Is é aidhm na gcóras seo ná na foinsí éagsúla neamhchinnteachta sin a chur san áireamh trí a lán réamhaisnéisí a úsáid (nó i bhfocail eile, a lán suiteálacha múnla éagsúla). Is é toradh a leithéid seo de chóras ná an-chuid réamhaisnéisí ná leathadh an-chuid féidearthachtaí réamhaisnéise sa todhchaí. Éascaíonn seo tuiscint i bhfad níos fearr don réamhaisnéisneoir ar an neamhchinnteacht a bhaineann le haon chúinse meitéareolaíochta agus cabhraíonn leis/léi cinneadh a dhéanamh maidir le haimsir na todhchaí.

Ophelia Wind-Speed Probabilities

Dearbhú Cáilíochta

Ní mór i gcónaí cruinneas aon réamhaisnéise a dearbhú. Is féidir torthaí múnlaí a chur i gcomparáid le breathnóireachtaí ó stáisiúin shionoptacha, próifílí balúin srl. Is féidir méadracht de chineálacha éagsúla a úsáid chun feidhmíocht an mhúnla a mheas agus chun láidreachtaí agus laigí áirithe a aithint: mar shampla, cibé an ndéanann ná nach ndéanann an múnla méideanna báistí a thuar go cruinn.

Evolution of the root-mean-square error (RMSE) and bias in 10 m
wind-speed forecasts from the HARMONIE-AROME model, averaged over all of
September 2018