Stair rannpháirtíocht Met Éireann le hEitlíocht Éireann

Tá baint ag Met Éireann le hEitlíocht in Éirinn le fada an lá; go deimhin ba i 1936 a bunaíodh Seirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann chun faisnéis chruinn aimsire a chur ar fáil i gcomhair eitlíocht thrasatlantach.

Coinníonn Met Éireann láithreacht i roinnt aerfort agus aeradróm ar fud na tíre. Tá Met Éireann ag tabhairt faoi na córais breathnóireachta eitlíochta a uasghrádú trí thionscadal ar a dtugtar Tionscadal Nuachóirithe agus Uathoibrithe Eitlíochta (“AMAP”).

Déanfaidh an tionscadal nuachóiriú ar líonra breathnóireachta dhromchla eitlíochta Met Éireann, agus déanfaidh sé uathoibriú ar bhreathnóireacht dhromchla eitlíochta, ach amháin Baile Átha Cliath. Is é an riachtanas le breathnóireacht shábháilte agus éifeachtach a chur ar fáil chun gach caighdeán de chuid na hEagraíochta Sibhialta Eitlíochta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh atá ag tiomáint na sprice seo.