WorldWeather

Soláthraíonn an tSeirbhís Faisnéise Aimsire Domhanda (WWIS) réamhaisnéisí agus eolas clíomeolaíochta (gnáthluachanna aimsire míosúla) le haghaidh breis is 1,300 áit ar fud an domhain.

Céard atá speisialta faoin WWIS? Is iad réamhaisnéiseoirí a bhfuil cur amach acu ar a n-aimsir “áitiúil” a ullmhaíonn réamhaisnéis ar leith, ar bhonn tír ar thír, i ngach ceann den 132 tír atá rannpháirteach.

Mar sin, tiomsaíonn an WWIS taithí agus saineolas phríomhréamhaisnéiseoirí an domhain le chéile ar aon láithreán gréasáin amháin. Déantar na réamhaisnéisí seo a chomhordú agus a bhailiú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta, agus cuirtear na réamhaisnéisí ar fáil do chách ar láithreán gréasáin an WWIS.
Tá an láithreán gréasáin ar fáil i réimse teangacha, ar a n-áirítear Iodáilis, Fraincis, Sínis, Spáinnis agus Arabach srl.
Faisnéis Aimsire Domhanda; ná fág an baile gan amharc uirthi!!