Faireachlann Dhairbhre

Réadlann Dhairbhre

Réadlann Dhairbhre

Tá Faireachlann Dhairbhre suite aon chiliméadar siar ó bhaile Chathair Saidhbhín i gCo. Chiarraí. Tógann an faireachlann tomhais meitéareolaíochta ar dhromchla agus aer uachtarach chomh maith le raon leathan tomhas eile ar nós monatóireacht ózóin, monatóireacht seismeolaíochta agus comhshaoil. Is é an fáth go dtugtar Dairbhre air mar go raibh sé suite ar dtús ar Oileán Dhairbhre.

Tarchuireadh an chéad bhreathnóireacht ‘fíor-ama’ aimsire ó Oileán Dairbhre i gCo. Chiarraí ar an 8ú lá de Dheireadh Fómhair 1860 faoi choimirce Choiste Meitéareolaíochta Bhord Tráchtála na Breataine. Bhí an suíomh tábhachtach ó thaobh na meitéareolaíochta de mar go raibh sé ar chosán chuid mhór de na córais aimsire a bhíonn ag gluaiseacht isteach ón Atlantach. Socraíodh suas an Faireachlann i dteach a bhí ligthe ó Ridire Chiarraí ag an Revenue ar Oileán Dhairbhre, i Lúnasa 1868. Bhí an Faireachlann ar an Oileán go dtí Márta 1892 nuair a aistríodh é go dtí an suíomh a bhfuil sí ann faoi láthair.

Westwood House a tugadh ar an bpríomhfhoirgneamh Faireachlainne agus tógadh é in 1866. Lean Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ag cur foirne agus maoiniú ar fáil don Fhaireachlann go Nollaig 1936 nuair a socraíodh suas Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann. Lean Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ag rith na Faireachlainne ar bhonn gníomhaireachta do Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann go dtí deireadh Mheán Fómhair 1937, nuair a bhí foireann Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann traenáilte chun oibriú sa tSeirbhís nua. D’aistrigh go leor den fhoireann a bhí fostaithe ag Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ag an bhFaireachlann go dtí Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann.

Chomh maith lena ról náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh laistigh de Met Éireann tá sí rannpháirteach freisin i gcuid mhaith tionscadal le comhlachtai eolaíochta eile in Éirinn agus thar lear ar nós Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS), Faire Atmaisféarach Domhanda an WMO (WMO-GAW) agus Clár Monatóireachta agus Measúnaithe na hEorpa (EMEP).

Dúnadh an stáisiún aimsire láimhe ag Dairbhre ar an 1 Aibreán 2012 agus cuireadh Stáisiún Aimsire Uathoibríoch ina ionad ag an suíomh céanna ón 2 Aibreán 2012. Laghduigh an líon ard raidió sondála laethúil ar an lá céanna ó 4 go dtí 2.