Special Collections

Déan Taighde sna Bailiúcháin Speisialta

I Leabharlann Met Éireann tá sraith thábhachtach de leabhair agus d’irisí stairiúla, a d’fhág R.H. Scott le huacht don leabharlann. Chomh maith leis sin, tá bailiúchán lámhscríbhinní ann, lena n-áirítear bearthnóireachtaí lámhscríofa a breacadh síos ag stáisiúin éagsúla mheitéareolaíochta ar fud na hÉireann ó lár an naoú haois déag.

Samplaí dena bhfuil inár stoc sa Bhailiúchán Speisialta

  • Tuairiscí seachtainiúla aimsire d’Éirinn ó 1878
  • Cláir de bhreathnóireachtaí meitéareolaíochta do thuairim is 40 suíomh in Éirinn, ag dul siar chomh fada le 1855. Sna breathnóireachtaí sin áiríodh teocht, gaoth, báisteach, grianradaíocht, sneachta agus grian.
  • Cláir laethúla báistí in Éirinn, ag dul siar chomh fada leis na 1870í.
  • Roinnt dialann d’aimsir luath
  • Íomhánna stairiúla

 

Bailiúcháin Lámhscríbhinní

Tá roinnt mhaith lámhscríbhinní meitéareolaíochta againn ó 1855. Tá sonraí luachmhara eolaíochta iontu ó áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi na bailiúcháin lámhscríbhinní:

 

Sraith Póstaer sa Bhailiúchán Speisialta

Is é aidhm na sraithe póstaer seo béim a leagan ar roinnt de na gnéithe ar leith a bhaineann leis an mbailiúchán lámhscríbhinní. Go dtí seo, tá trí phóstaer sa tsraith, agus gach ceann a insíonn scéal faoi ghníomhaíocht mheitéareolaíocht ag áit éagsúil sa tír; Réadlann Mhacréidh, Co. Shligigh, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Cearnóg Mhic Liam Baile Átha Cliath.

Cliceáil ar na naisc thíos chun amharc ar phóstaeir i bhformáid PDF.

 

Taispeántas digiteach: Breá seasta le linn na stoirme

Déanann an taispeántas gearr seo cur síos ar fhorbairt na meitéareolaíochta in Éirinn ó na 1800í luatha go dtí 1936, nuair a bunaíodh an tSeirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann. Tarraingíonn an taispeántas aird ar oidhreacht shaibhir sonraí meitéareolaíochta agus cuireann sé béim ar ár breathnóirí aimsire a d’fhan tiomanta lena iarracht eolaíochta laethúil i rith na mblianta, uaireanta in aghaidh gach rud.

Is é seo compánach digiteach chuig taispeántas speisialta a bhí ar oscailt don phobal ag Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim ó 17 Márta – 3 Aibreán 2016 mar chuid den chlár 1916 comórtha.

Cliceáil anseo chun an leagan digiteach den taispeántas a léamh.