Feineolaíocht

Tá breathnóireachta feineolaíocha ar na táscairí is íogairí ar thionchair aeráide. Bíonn gach speiceas in ár ngairdín ach amháin bheith faoi dhuilliúr níos luaithe ná mar a bhí i 1970. Bunaíodh an Gairdín Idirnáisiúnta Feineolaíoch ag Faireachlann Dhairbhre i 1964 mar chuid de líonra de ghairdíní mar sin ar fud na hEorpa.

Eolaíocht Feineolaíochta

Is é atá i Feineolaíocht ná staidéar ar imeachtaí saolré thréimhsiúil phlandaí agus ainmhithe agus an bealach a bhfuil tionchar ag éagsúlachtaí séasúracha agus idirbhliantúil in aeráid orthu, chomh maith le cúinsí gnáthóg (ar nós airde).

Is ar dhátaí a mBíonn an chéad tarlú ar imeachtaí bitheolaíochta ina gcúrsa bliantúil is mó a bhíonn aird ag feineolaíocht. Ar na samplaí tá an dáta a dtagann duilleoga agus bláthanna amach don chéad uair, an chéad eitilt ag féileacáin agus an chéad amharc ar éin imirce, an dáta a dtagann dath ar dhuilleoga agus a dtiteann siad de chrainn dhuillsilteacha, an dáta a mbeireann éin uibheacha etc.

Feineolaíocht agus athrú aeráide Ós rud é go bhfuil go leor tarluinte mar sin an-leochaileach maidir le héagsúlachtaí beaga san aeráid, go háirithe sa teocht, bheadh taifid feineolaiocha ina n-ionadaithe úsáideacha i dtaobh teochta i gclíomeolaiocht stairiúil, go háirithe maidir le staidéar ar athrú aeráide agus téamh domhanda.

 

Duilliúr Fagus Sylvatica Har laistigh den bhliain 2011