Muirí

Cuireann Met Éireann réamhaisnéisí speisialaithe amach d’uiscí chósta na hÉireann agus do na lochanna intíre. Oibríonn sé go dlúth leis an nGarda Cósta agus le gníomhaireachtaí eile chun beatha agus maoin a chosaint. Tá roinnt tuarascálacha

“Aeráid Toinne na hÉireann: Ó Mheáin go Déine”

Tá ceann de na haeráidí is mó fuinnimh sa domhan ag Éirinn mar gheall ar a suíomh in Oirthuaisceart an Atlantaigh. Nuair a thógtar córais lagbhrú san Atlantach Thuaidh, séideann gaotha thar an dromchla ag giniúint tonnta nó suaill. Forleathnaíonn suaillí óna córais sin soir i dtreo chóstaí na hÉireann, agus is minic go gcruthaíonn siad stáit mhóra farraige. Bíonn ról tábhachtach ag gaotha áitiúla in aeráid toinne na hÉireann, go háirithe i Muir Éireann, rud a dhéanann an aeráid toinne timpeall chósta na hÉireann sách ilghnéitheach.

Bheadh fáilte roimh fhaisnéis ar aeráid toinne na hÉireann a bheadh cothrom le dáta i leith imeachtaí mara agus pobail cois cósta. Chomh maith le tomhais bhaoi toinne, is féidir le hiaraisnéisí fadtéarmacha le hidirdhealú ardspásúil, atá coigeartaithe i gceart i leith uirlisí tomhais, faisnéis thábhachtach a chur ar fáil i dtaobh meáin aeráide thonnta faoi láthair, i dtaobh déine agus athraitheacht.

Meáin Shéasúracha Airdí Thonnta Suntasacha

Léiríonn meáin airdí thonnta suntasacha athrú spásúil soiléir timpeall an chósta: ó 3 m amach ón gcósta thiar go dtí faoi 1.2 m i Muir Éireann. Bíonn na luachanna is airde le feiceáil amach ón gcósta thiar sa gheimhreadh (gar do 4-5 m). I gcodarsnacht leis seo, ní théann meáin airde thonnta suntasacha i Muir Éireann thar 2 m in aon séasúr [1].

Beidh cuimhne ar an ngeimhreadh 2013/2014 mar gheall ar na tonnta cumhachtacha a bhí san Atlantach Thuaidh agus go háirithe in Éirinn. Ar an 6 Eanáir 2014 rinneadh taifeadadh ar thonn ábhalmhor le tomhas 23.4 m (ó log go caipín) ag baoi M4 (le hairde shuntasach toinne de 14.65 m). Faoi láthair tá an tonn seo ar an gceann is mó a ndearna líonra Baoi Aimsire Mara na hÉireann taifeadadh uirthi. Go gairid ina dhiaidh sin lean tonn ollmhór eile 25 m é, a ndearna Seastán Gáis Fhuinnimh Chionn tSáile taifeadadh air ar an 12 Feabhra 2014.

Ós rud é go bhfuil meicníocht ghiniúna thonnta dhromchla an aigéin déanta as gaotha dromchla: bíonn ceangal dlúth idir patrúin imshruthaithe atmaisféaracha domhanda agus saintréithe aeráide toinne. Is féidir athraitheacht idir-bhliantúil láidir aeráid thoinne na hÉireann a cheangal le patrúin imshruthaithe atmaisféaracha ar scála níos mó. Tá sainaithint tugtha ag roinnt staidéir ar na comhchoibhneasa láidre atá idir aeráid toinne an Atlantaigh agus innéacsanna teilicheangail éagsúla [1],[2], go háirithe Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (NAO) [3].

Is é an chéad chéim chun cinn é sainaithint a dhéanamh ar an aeráid toinne thar na deich de bhlianta seo caite chun cainníochtú a dhéanamh ar an mbealach a mbeidh tionchar ag athrú aeráide domhanda ar aeráid toinne sa todhchaí. Tá múnlaí aeráide domhanda ag réamh-mheas go mbeidh téamh ar an atmaisféar agus ar aigéan an Domhain araon a mbeidh tionchar aige ar mheánleibhéal farraige, ar airde toinne aigéin agus ar mhinicíocht agus dhéine imeachtaí troma aimsire [4]. Tugann taighde a rinne Met Éireann le gairid le tuiscint go mb’fhéidir go dtiocfadh laghdú ar mheán choinníollacha aeráide toinne bliantúla don samhradh agus don gheimhreadh ag teannadh le deireadh an chéid, cé go bhfuil an t-uafás neamhchinnteacht fós sna meastacháin a bhaineann le cúrsaí stoirmeacha geimhridh san Atlantach Thuaidh, agus dá thoradh ar sin ar ghaotha dromchla a bhíonn ag giniúint suaillí [5].

Naisc agus Tagairtí Breise

  1. Gallagher, S., R. Tiron, and F. Dias. “A Long-Term Nearshore Wave Hindcast for Ireland: Atlantic and Irish Sea Coasts (1979–2012).” Ocean Dynamics 64, no. 8 (2014): 1163–1180. doi: 10.1007/s10236-014-0728-3
  2. Gleeson, E., S. Gallagher, C. Clancy, and F. Dias. “NAO and Extreme Ocean States in the Northeast Atlantic Ocean.” Advances in Science and Research 14 (2017): 23–33. doi: 10.5194/asr-14-23-2017
  3. Climate Prediction Centre North Atlantic Oscillation (NAO) http://www.cpc.ncep.noaa.gov/data/teledoc/nao.shtml
  4. Intergovernmental Panel on Climate Change (IPCC) 2013: available at https://www.ipcc.ch/
  5. Gallagher, S., E. Gleeson, R. Tiron, R. McGrath, and F. Dias. “Wave Climate Projections for Ireland for the End of the 21st Century Including Analysis of EC-Earth Winds over the North Atlantic Ocean.” International Journal of Climatology 36 (2016): 4592-4607. doi: 10.1002/joc.4656.