Na Gealáin Thuaidh

Is torthaí ar imbhuailtí idir cáithníní gáis inár n-atmaisféar agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na gréine iad na Gealáin Thuaidh (nó ‘Aurora borealis’ sa leathsféar thuaidh).

Athróidh dath na nGealán Thuaidh mar gheall ar na cineálacha cáithníní gáis atá ag imbhualadh. Bíonn dath glas-bhuí ar mhóilíní ocsaigin ag thart ar 100 km os cionn an domhain, agus feictear aurora dearg nuair atá móilíní ocsaigin ag leibhéal ard i gceist. Cuireann dath gorm agus corcra in iúl go bhfuil móilíní nítrigin i láthair.

Na Gealáin Thuaidh

Cén chaoi a sroicheann cáithníní ón ngrian an domhan?

Mar atá a fhios againn ar fad tá an ghrian an-te; tá an teocht ar an dromchla os cionn 5000°C ach suimiúil go leor tá atmaisféar seachtrach na gréine nó an choróin, na milliúin céim níos teo ná an dromchla. Ó theo atá sé is ea is mó fuinnimh atá ar fáil; bíonn imbhuailte idir móilíní gáis mar thoradh ar seo. Ag teochtaí chomh hard sin is féidir le himbhuailte a bheith pléascach. De réir mar a chasann an Ghrian, eisteilgtear cáithníní trí phoill ina réimse maighnéadach. Is iad na cáithníní luchtaithe sin a dhéanann suas an ghaoth gréine agus iompraíonn an ghaoth seo na cáithníní saora i dtreo atmaisféar an domhain.

Tríd is tríd cuireann réimse maighnéadach an Domhain na cáithníní luchtaithe seo dá dtreo, ach tá réimse maighnéadach níos laige ag na poil, agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in atmaisféar an domhain agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn solas mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.

Cén áit is fearr in Éirinn leis na Gealáin Thuaidh a fheiceáil?

Is i láithreacha nach bhfuil ach fíor-bheagán truailliú aeir is fearr le breathnú ar na Gealáin Thuaidh. Is i gcuideanna de chósta an iarthair agus an tuaiscirt is fearr a bheadh seans leis an taispeántas a fheiceáil.

Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidh tagann seirbhís amháin mar sin ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Chuir sé seo réamhaisnéis tríocha nóiméad ar fáil don Aurora.