Is féidir leat réamhaisnéis aimsire a fháil do gach cnoc agus sliabh in Éirinn ar bhealaí éagsúla – ar ár suíomh gréasáin tríd an mbosca cuardaigh thuas, tríd an ngné chuardaigh san aip Met Éireann, nó ó na giuirléidí anuas thíos.Ní dhéantar réamhaisnéisí teocht an aeir a cheartú de réir airde ach don chéad 48 uair an chloig. Tar éis 48 uair an chloig, laghdaigh an teocht 2 °C do gach 1,000 troigh (304 m) a mhéadaíonn an airde. Úsáid na séideáin ghaoithe seachas an mheánluas gaoithe chun léiriú níos cruinne a fháil ar bhuaicghaoithe sléibhe. Féach ar Happy Hiking.
An Mhumhain
Connacht
Laighin
Uladh
Nó is féidir réamhaisnéis 10 lá a fháil d’áit ar bith in Éirinn ar an leagan deisce de leathanach baile ár suímh idirlín – níl le déanamh ach zúmáil isteach sa Léarscáil Aimsire agus cliceáil ar áit ar bith ar oileán na hÉireann. Athróidh an réamhaisnéis aimsire os a cionn chun réamhaisnéis na háite sin a uasdátú. Tá an fheidhmiúlacht sin le fáil ar bhrabhsálaí Android Chrome chomh maith, ach tic a chur le leagan Deisce den suíomh.
Is é an leibhéal reo an airde (i méadair) ag a bhfuil teocht an aeir cothrom le 0. Os cionn an leibhéil reo, bíonn teocht an aeir faoi bhun an reo-phointe. Faoi bhun an leibhéil reo, bíonn teocht an aeir os cionn an reo-phointe. Ciallaíonn sé seo go mbeidh an deascadh os cionn an leibhéil reo ina fhlichshneachta ar dtús agus ansin ina shneachta, agus go bhfanfaidh sneachta ina luí ar an talamh. D’fhéadfadh ceo reoite tarlú freisin. Teifígram Dhairbhe. Taispeántar teocht an aeir ag leibhéal na talún mar thagairt.
Mar threoir ghinearálta, tá scamall íseal faoi bhun 2 km, tá scamall meánach idir 2 km agus 6 km agus tá scamall ard os cionn 6 km. Is meastacháin iad na hairde seo agus glactar leis go bhfuil ‘atmaisféar caighdeánach’ ann.
Cuireann Sléibhteoireacht Éireann comhairle ar dhaoine chun cabhrú leo sult a bhaint as sléibhte na hÉireann ar bhealach atá sábháilte agus freagrach. Téigh chuig: Ag siúl sa Gheimhreadh. Bí réidh chun an tslí a athrú chun freastal ar riachtanais is ar leas an ghrúpa agus ar na dálaí aimsire. Cuimhnigh go méadaíonn luas na gaoithe is go laghdaíonn an teocht de réir mar a théann tú in éadan an chnoic.
Gaotha Láidre sna Sléibhte agus an Tionchar ar Shiúlóirí
Is féidir le gaotha láidre sna sléibhte an difríocht ar fad a dhéanamh agus tionchar suntasach a bheith acu ar shábháilteacht agus ar mheanma. Féadann siad an aimsir a dhéanamh i bhfad níos fuaire ná mar atá sí i ndáiríre (mar gheall ar éifeacht an fhuachta ghaoithe), agus is féidir leis an ngaoth a bheith an-athraitheach ó thaobh treo agus luais de.
-Tá an sliocht thuas agus an tábla thíos bunaithe ar shaothar: Russell Mills. Tá an t-alt iomlán ar fáil ar Mountaintrails.ie
| Luas na gaoithe (km/u) | An tionchar ort | Cad ba cheart duit a dhéanamh? |
|---|---|---|
| Faoi bhun 20 | Tionchar neamhshuntasach | Lean ar aghaidh mar a bhí beartaithe |
| 20-30 | Ní dócha go gcuirfidh sé isteach ar do chothromaíocht ná ar do smacht. Sa gheimhreadh, beidh teocht 0C cosúil le timpeall -10C de bharr fuacht gaoithe. | Caith sraith bhreise éadaigh the. Daingnigh rudaí beaga ionas nach séidfear iad. Beidh spéaclaí cosanta úsáideach i ndálaí geimhridh. |
| 30-40 | Tosóidh tú ag mothú brú na gaoithe. Beidh sé níos deacra dul chun cinn a dhéanamh agus tú ag siúl i gcoinne na gaoithe. Beidh sé níos deacra freisin do chothromaíocht a choinneáil agus tú ag siúl. | Seachain iomairí géara nochta. Daingnigh do léarscáil agus d’éadaí scaoilte, agus ceangail na strapaí agus na ceanglóirí go daingean chun iad a chosc ó bheith ag luascadh leis an ngaoth. |
| 40-50 | Beidh siúl níos deacra. Méadóidh an fuinneamh a bheidh ag teastáil go suntasach. Beidh baol níos mó ann go séidfear ar leataobh thú agus go gcaillfidh tú do chothromaíocht. | Smaoinigh ar do bhealach a athrú chun gaoth chinn nó trasghaoth a sheachaint. Bí réidh chun an lá a ghiorrú. Seiceáil do chomrádaithe le haghaidh comharthaí hipiteirme agus siocdhóite, go háirithe sa gheimhreadh. Beidh loingseoireacht níos deacra. |
| 50-60 | Beidh siúl thar a bheith dúshlánach. Tá seans láidir ann go séidfear den talamh thú. | Téigh lámh ar lámh leis na baill is laige den ghrúpa. Déan iarracht bogadh idir na séideáin is láidre. Fág an sliabh ar an mbealach is sábháilte agus is éasca, agus seachain aillte géara atá os comhair na gaoithe. |
| 60-70 | Mar thuas. | Más gá duit dul amach sna dálaí seo, fan ar urlár an ghleanna. |


