Eolas Fúinn

Is rannóg líne den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta í Seirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann, Met Éireann agus is í an príomh-sholáthróir sa Stát í ar eolas i dtaobh na haimsire agus ar sheirbhísí gaolmhara. Is é an misean atá aici ná aimsir agus aeráid na hÉireann a thuar agus monatóíreacht agus anailís a dhéanamh orthu agus raon eolais meitéareolaíochta agus eolas a bhaineann leis ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal agus do chustaiméirí ar leith, mar shampla, do na hearnálacha eitlíochta agus talmhaíochta. Déanann sí iarracht mar eagraíocht eolaíochta agus theicniúil úsáid a bhaint as an dul chun cinn teicneolaíochta agus eolaíochta is déanaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar inniúlacht agus ar chruinneas a cuid tuartha.