Teifeagram Réadlann Dhairbhre

Nótaí maidir leis an Teifeagram

Is éard is teifeagram ann ná léiriú grafach ar bhreathnadóireachtaí brú, teochta agus taise a dhéantar trí shondáil ingearach a dhéanamh ar an atmaisféar. Déantar sondálacha ingearacha ach úsáid a bhaint as uirlis ar a dtugtar raidió sondála, ina bhfuil braiteoirí brú, teochta agus taise agus a sheoltar isteach san atmaisféar ceangailte de bhalún.

Tá sraith línte bunúsacha i dteifeagram a úsáidtear chun cur síos ar phróisis éagsúla san atmaisféar. Áirítear i measc na línte sin:

  • Iseabair – línte brúthairisceacha
  • Isiteirmeacha – línte teocht-tairisceacha
  • Aidiabatacha Tirime – ag baint le próisis aidiabatacha tirime (poitéinseal teocht tairiseach)
  • Aidiabatacha Sáithithe – a bhaineann le próisis aidiabatacha sáithithe (poitéinseal bhleib fhliuch teocht tairiseach).

 

Tá dhá chineál eolais léirithe ar an teifeagram:

Na cuair chomhshaoil (gorm) a chuireann síos ar struchtúr an atmaisféir

Na cuair phróiseas (dearg) a chuireann síos ar a dtarlaíonn do dháileacht aeir a bhfuil próiseas áirithe ag tarlú dó. (mar shampla, próiseas aidiabatach).

Chomh maith leis sin, taispeántar ar thaobh na láimhe deise treo agus luas na gaoithe agus airdí ag leibhéil chaighdeánacha. Baintear leas as saighead gaoithe chun gaoth a léiriú agus bíonn ceann na saighde ag pointeáil sa treo ina bhfuil an ghaoth ag gluaiseacht agus léirítear láidreacht na gaoithe leis na cleití ar an tsaighead – is ionann cleite fada agus 10 muirmhíle san uair, agus is ionann cleite gear agus 50 muirmhíle san uair. Suimigh na cleití chun luas na gaoithe a fháil.

Is féidir le réamhaisnéiseoirí úsáid a bhaint as teifeagraim chun na críocha seo a leanas:

– an méid taise san atmaisféar a mheas
– airde na scamall
– gníomhaíocht chomhiomprach an atmaisféir a thuar
– réamhaisnéis a thabhairt maidir le teochtaí uasta agus íosta
– réamhaisnéis a thabhairt maidir le foirmiú ceo agus glanadh ceo