Is glao iomaíoch taighde ar iarratais é Glao ar Thaighde 2023 de chuid Met Éireann, atá oscailte d’Institiúidí Ardoideachais uile na hÉireann. Déantar cur síos ar dhá ábhar taighde atá ina ndíol spéise ar leith: Glao AISTRIGH 2023 agus Glao ar Fheidhmíocht Chóid 2023 :
1. Met Éireann – Glao AISTRIGH 2023
Is éard atá i seirbhísí aeráide ná faisnéis agus táirgí atá bunaithe ar an eolaíocht a fheabhsaíonn eolas agus tuiscint na n-úsáideoirí ar thionchair na haeráide ar a gcinntí agus a ngníomhartha. Tá na seirbhísí sin chomh héifeachtach agus is féidir mar gheall ar chomhoibriú idir soláthraithe agus úsáideoirí.
Tá an topaic seo dírithe ar thógáil ar aschuir an tionscadail AISTRIGH chun réamh-mheastacháin aeráide a chaighdeánú agus chun táirgí náisiúnta seirbhíse aeráide a fhorbairt (a chuirfear ar fáil do na hiarratasóirí), le béim níos mó ar tháirgí a forbraíodh cheana féin a chur ar fáil, ábhar oiliúna/cumarsáide a fhorbairt agus tacú le fiosruithe ó pháirtithe leasmhara agus le riachtanais na bpáirtithe leasmhara.
Tá iarratais tionscadalbhunaithe á lorg ó fhoirne taighde laistigh d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann.
Tá comhoibriú idirnáisiúnta inmhianaithe (tabharfar marcanna breise as comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta a léiriú).
Buiséad uasta iomlán: €800k
Líon iomlán míonna: 24
I measc na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo tá:
A. Na réamh-mheastacháin chaighdeánaithe aeráide d’Éirinn a fhorbairt tuilleadh
Cur leis na haschuir ó AISTRIGH, rud a chuidíonn leis an tacar sonraí sin atá ann a dhéanamh níos inúsáidte. Áirítear leis na réimsí spéise:
- An tacar sonraí réamh-mheastacháin caighdeánaithe a forbraíodh faoi AISTRIGH a chothabháil agus an bhallraíocht ensemble a mhéadú chun réamh-mheastacháin aeráide oiriúnacha CMIP6 agus HCLIM a chuimsíonn Éire a chur san áireamh.
- Paraiméadair aeráideolaíochta chaighdeánaithe a fhorbairt agus a sholáthar lena n-áirítear gaoth, radaíocht na gréine, bogthaise coibhneasta agus níos mó.
- Tacair sonraí réamh-mheastacháin chaighdeánaithe a chomhtháthú le bonneagair na seirbhíse aeráide náisiúnta (e.g. Aeráid Éireann, Met Éireann).
- Cúrsa oiliúna a fhorbairt chun oiliúint a chur ar fhorbróirí seirbhísí aeráide náisiúnta maidir le húsáid na réamh-mheastachán aeráide caighdeánaithe sin d’Éirinn.
- Tacaíocht a thabhairt do cheisteanna lena n-áirítear ceisteanna aisghabhála sonraí maidir leis an tacar sonraí réamh-mheastacháin caighdeánaithe.
B. Cás-staidéir a fhorbairt agus a chur i dtoll a chéile a thaispeánann timthriall forbartha na seirbhíse aeráide
- Riachtanas seirbhíse aeráide tosaíochta a shainaithint ó riachtanais úsáideoirí.
- Seirbhís aeráide a fhorbairt trí úsáide a bhaint as na réamh-mheastacháin áeráide náisiúnta chaighdeánaithe agus as dea-chleachtas idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (EDM).
- Aschur a chomhtháthú sa Chreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide agus é a oibríochtú de réir mar is cuí.
- Páipéar piarmheasúnaithe, tuarascáil tionscadail agus ábhar promóisin/oideachais a fhoilsiú
C. Seirbhísí aeráide a bhaineann go sonrach le hearnáil a fhorbairt
- Modheolaíochtaí a forbraíodh faoi AISTRIGH a leanúint chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar innéacsanna agus ar tháirgí bunaithe ar riosca aeráide.
- Iad siúd a chomhtháthú sa Chreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide.
- Tacú leis an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe agus leis na pleananna Oiriúnaithe Earnála a fhorbairt le táirgí seirbhíse aeráide.
D. Forbairt a dhéanamh ar chásanna agus scéalta maidir leis an athrú aeráide in Éirinn
Táthar ag súil go mbeidh obair sa réimse sin dírithe ar roinnt nó níos mó de na hábhair seo a leanas:
- Athbhreithniú a dhéanamh ar shamplaí idirnáisiúnta de chásanna agus de scéalta maidir leis an athrú aeráide.
- Ceardlann a reáchtáil chun cásanna Éireannacha cuí a fhorbairt, lena n-áirítear cásanna ardtionchair (Ard++) nach bhfuil mórán dóchúlachta ann go dtarlóidís, le hábharthacht trasearnála.
- Na cásanna sin a fhorbairt agus anailís á déanamh ar na réamh-mheastacháin chaighdeánacha náisiúnta.
- Straitéis chumarsáide a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena n-áirítear sócmhainní cumarsáide grafacha agus óstáil chuí ar líne a fhorbairt.
Soláthróidh Met Éireann maoiniú ar bhonn roghnach don Deontaí bunaithe ar théarmaí agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i dTéarmaí agus Coinníollacha an Ghlao ar Thaighde chun tabhairt faoi Thionscadal ar feadh 2 bhliain ar a mhéad agus laistigh de bhuiséad uasta €800k.
2. Met Éireann – Glao ar Fheidhmíocht Chóid 2023
Éilítear le gníomhaíochtaí Met Éireann um Thuar Uimhriúil Aimsire (TUA) comhoibriú agus rannpháirtíocht i roinnt cuibhreannais agus tionscadail idirnáisiúnta. Déantar taighde agus forbairt ar an tsamhail oibríochtúil HARMONIE-AROME laistigh den chuibhreannas 26 comhpháirtí ACCORD, a bhfuil baint mhór ag Met Éireann leis. Ón mbliain 2023 ar aghaidh, déanfar comhoibríochtaí a roinnt le lárionaid mheitéareolaíochta náisiúnta UWC-West ar chomhchóras ríomhaireachta ardfheidhmíochta (RA), agus táthar ag súil go mbeidh sé chomhpháirtí eile ag obair leis na ceithre chomhpháirtí sin chun comhchóras cónasctha RA a oibriú faoi dheireadh na ndeich mbliana atá romhainn (UWC).
Le dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíochta, leantar de shamhlacha oibríochtúla TUA a fhorbairt le go n-éireoidh taifigh níos fearr agus níos fearr. Faoi láthair tá suim shuntasach i bhfeidhmíocht agus i gcumas samhlacha limistéir theoranta, ar nós HARMONIE-AROME, a ritheann ag taifigh chothrománacha tuairim is cúpla céad méadar, agus é mar aidhm acu tuar teagmhas adhaimsire a fheabhsú. Tá an tionscadal Ceann Scríbe: an Domhain, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ar cheann de na cinn a spreagann na forbairtí sin. D’ainneoin an dul chun cinn, áfach, tá imní mhór ann faoi inscálaitheacht agus éifeachtúlacht TUA agus samhlacha aeráide amach anseo, agus faoi chumas na gcód reatha an leas is fearr is féidir a bhaint as ailtireachtaí RA atá ag teacht chun cinn.
San ábhar seo, táthar ag lorg iarratais chun cur le taighde agus forbairt idirnáisiúnta ar fheidhmíocht na gcód TUA ar chórais RA atá ag teacht chun cinn.
I gcomhar le foireann TUA ag Met Éireann agus le comhghleacaithe idirnáisiúnta, cuirfidh an fhoireann taighde ar éirigh léi ar chumas bogearraí samhlacha oibriú go héifeachtach ar an teicneolaíocht RA is déanaí, go háirithe breathnú ar ailtireachtaí núíosacha amhail Aonaid Próiseála Grafaice (APGanna) mar aon le Láraonaid Phróiseála (LPanna) thraidisiúnta, agus na hathruithe códaithe a theastaíonn chun iad sin a shaothrú i gceart. Beidh an obair sin nasctha freisin le pacáiste oibre trasnaí ACCORD, SPTR1, “Ag tabhairt aghaidh ar na hathruithe a thiocfaidh ar bhonneagair bogearraí sa todhchaí”.
Tá iarratais tionscadalbhunaithe á lorg ó fhoirne taighde laistigh d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann.
Tá comhoibriú idirnáisiúnta inmhianaithe (tabharfar marcanna breise as comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta a léiriú).
Buiséad uasta iomlán: €600k
Líon iomlán míonna: 24
I measc na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo tá:
a) Cód HARMONIE-AROME a fhorbairt i raon réimsí féideartha
Lena n-áirítear:
- Cód a athfhachtóiriú agus timthriallta samhlacha a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn mar APGanna, agus barrfheabhsú a dhéanamh ar ardáin RA atá ann cheana
- Creat Atlas an Lárionaid Eorpaigh do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (LERAM) a chur chun feidhme agus a mheas i gcóras limistéir theoranta HARMONIE-AROME
- Slabhraí uirlisí a bhaineann le teangacha réimse-shonracha (TRS) a úsáid chun cód éifeachtúil a bhaineann go sonrach le crua-earraí a ghiniúint
b) Comhoibriú le cuibhreannais idirnáisiúnta TUA agus rannchuidiú le gníomhaíochtaí a bhaineann leo
c) Torthaí a chur in iúl do phobail agus pháirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear tuarascálacha nó páipéir eolaíocha a fhoilsiú de réir mar is iomchuí
Soláthróidh Met Éireann maoiniú ar bhonn roghnach don Deontaí bunaithe ar théarmaí agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i dTéarmaí agus Coinníollacha an Ghlao ar Thaighde chun tabhairt faoi Thionscadal ar feadh 2 bhliain ar a mhéad agus laistigh de bhuiséad uasta €600k.
Glao ar Thaighde Met Éireann 2023 – Struchtúr Rialachais
Iarrfar ar iarratasóir tosaigh oibriú i ndlúthchomhar le Met Éireann agus lena pháirtithe leasmhara agus aistriú eolais a chinntiú leo.
Glao ar Thaighde Met Éireann 2023 – Struchtúr Rialachais
Chun a chinntiú go gcuirtear gach Tionscadal chun feidhme de réir an dea-chleachtais, bunófar coistí stiúrtha saineolaithe le haghaidh Tionscadal. Roimhe sin, bunófar boird mheastóireachta an Tionscadail chun na tograí taighde is cuí a roghnú.
Glao ar Thaighde Met Éireann 2023 – Amlínte Táscacha an Tionscadail.
Seo a leanas amlíne táscacha Ghlao ar Thaighde Met Éireann 2023:
Eanáir 2023 Glao ar Thaighde 2023 a Fhoilsiú
Márta 2023 Spriocdháta le haghaidh Iarratas
Márta/Aibreán 2023 Tograí a mheas
R2 2023 Conarthaí a dhámhachtain
R2/R3 2023 Tús curtha le Tionscadail ag iarratasóirí rathúla
R2/3 2023 – R2/3 2025 Tionscadail ar siúl
Dátaí
- Glao ar oscailt: Dé Máirt an 24 Eanáir 2023
- Spriocdháta an Ghlao: Dé hAoine an 3 Márta 2023 ar 17:00
- Cuirfear cosc leis an gcóras go huathoibríoch ar iarratas a chur isteach tar éis an spriocdháta
- Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo: R2 2023
Ardán tíolactha
Bain úsáid as ardán deontais Met Éireann le do thoil chun d’iarratas a chur isteach de réir na dtreoracha atá ann: https://meteireann.grantplatform.com/.
Téarmaí agus Coinníollacha
Léigh ár dTéarmaí & ár gCoinníollacha le do thoil sula gcuirfidh tú iarratas isteach.
Próiseas achomhairc
Tá próiseas achomhairc Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fáil anseo.
Cód iompair na n-athbhreithneoirí
Tá cód iompair athbhreithneoirí Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fáil anseo.
Tacaíocht
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le hOifig Maoinithe Taighde Met Éireann trí ríomhphost a sheoladh chuig researchfunding@met.ie le do thoil.