Cad a thomhasimid

Líonra Breathnóireachta Aimsire Met Éireann

Tá líonra breathnóireachta ag Met Éireann a bhailíonn sonraí aimsire trasna na tíre le húsáid i réamhaisnéisí aimsire, eitlíocht, imeachtaí mara, talmhaíocht, anailís aeráide, fíorú réamhaisnéise agus taighde meitéareolaíochta. Déanann gach breathnóireacht aimsire taifeadadh ar athruithe san atmaisféar ó lá go lá agus tá siad faoi rialú cáilíochta agus déantar iad a chartlannú i mbunachar sonraí Met Éireann chun taifid aeráide fadtéarmacha a fhoirmliú.

Tagann na sonraí sin i bhfoirmeacha éagsúla agus faightear iad ó fhoinsí difriúla: tuairiscí daonna, uirlisí in situ agus braiteoirí iargúlta. Baineann Met Éireann úsáid faoi láthair as ceithre chineál stáisiún aimsire difriúil chun sonraí a thaifeadadh, iad ar fad difreáilte de réir an raon uirlisí agus eatramh tomhais. Tugtar míníú níos sonraithe ar gach ceann díobh sin thíos: