Folúntais

Folúntais:

Tá Met Éireann, rannán líne de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag lorg léirithe spéise i gcomhaltacht taighde, a gcuirfear tús léi a luaithe is féidir. Seo a leanas cur síos ar an ról a bhfuiltear ag earcú ina leith.

Comórtas do Phost Taighde Iardhochtúireachta RazorEge: Zúmáil ar Réigiúin Aigéin, Forfheabhsú agus Modhanna Hibrideacha maidir le hAnchásanna Aeráide agus a dTorthaí ar an Scála Domhanda agus an Scála Áitiúil
(Conradh ar théarma seasta)

Leagtar de chúram ar Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil i ndáil le cúrsaí aimsire, aeráide agus tuilte d’fhonn cuidiú leis an mbeatha agus le maoin a chosaint agus caoi mhaith ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta a chur chun cinn. Déantar fónamh d’earnálacha éagsúla, ina measc iompar san aer agus ar dhroim talún, earnáil na mara agus earnáil na talmhaíochta. Bíonn ról tábhachtach leis freisin maidir le feidhmeanna pleanála agus bainistíochta an Stáit do chásanna éigeandála agus trí fholáireamh maidir le cineálacha aimsire is cásanna guaise a chur le chéile agus a chur in iúl.

Is é atá de mhisean ag Met Éireann, faoi mar a leagtar amach sa Phlean Straitéise 2024 – 2034 “Réidh le hAthrú – Éire a ullmhú le haghaidh na n-athruithe ar an aimsir agus ar an aeráid” seirbhísí den scoth maidir leis an aimsir, an aeráid, agus tuilte a chur ar fáil do shochaí na hÉireann agus do lucht cinnteoireachta d’fhonn beatha agus maoin a chosaint, agus caoi mhaith ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta a chur chun cinn.

Tá 260 fostaí ar fhoireann Met Éireann faoi láthair i naoi gcinn de rannóga. Bíonn mórchuid na foirne lonnaithe ag ceanncheathrú i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath agus bíonn roinnt den fhoireann lonnaithe ag aerfoirt ar fud na tíre agus in Ionad Breathnóireachta Dhairbhre a ritheann Met Éireann i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.

Is mian le Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, taighdeoir díograiseach sárchumasach a earcú sa Rannóg Feidhmeanna Taighde (RAD) chun cur le tionscadal RazorEge faoi Chlár Fhís Eorpach an AE (Zúmáil ar Réigiúin Aigéin, Forfheabhsú agus Modhanna Hibrideacha maidir le hAnchásanna Aeráide agus a dTorthaí ar an Scála Domhanda agus an Scála Áitiúil).

Cur síos ar an bpost agus na réimsí cúraim

Téann deis faoi leith leis an bpost seo oibriú ar thús cadhnaíochta san fhorbairt ar Réamhshamhail na gCóras Domhanda, mar chuid de chuibhreannas mór le rá idirnáisiúnta taighde faoi chúrsaí aeráide. Is beart Taighde agus Nuálaíochta (RIA) ceithre bliana RazorEge faoi Chlár Fhís Eorpach an AE atá á chomhordú ag Met Office na Ríochta Aontaithe agus lena mbaineann forais den chuid is fearr maidir le réamhshamhlú aeráide ar fud na hEorpa, san Aifric Theas, sa Chóiré Theas, sa tSín agus sa Téaváin.
Is léir go bhfuil gá práinneach le meastacháin ar féidir brath orthu maidir le hathruithe de chineálacha éagsúla a d’fhéadfadh teacht ar chúrsaí aimsire agus aeráide i réigiúin faoi leith. Bíonn faisnéis iontaofa faoi aeráid réigiúin mar bhonn faoi bheartas náisiúnta oiriúnaithe agus maolúcháin, le baol tuillte a mheas, le pleanáil in earnáil na mara agus le hullmhú na hÉireann d’aeráid athraitheach. Bíonn gá, chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil, le Samhaltáin Chóras an Domhain (ESM) ar féidir na siocracha réigiúnacha le hathraitheacht agus hanchásanna aeráide a chur i gceist leo chomh maith leis an tionchar dá réir sin ar chóras an domhain agus nach dtéann, an tráth céanna, thar acmhainn ó thaobh ríomhaireachta maidir le samhaltú ilchianta, ilghnéithe den sórt a theastaíonn maidir le measúnacht an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
Tá, mar a tharlaíonn, réamhchlaonadh leanúnach le sonrú ar na samhaltáin ESM atá ar fáil go dtí seo, a fhágann nach bhfuil siad chomh hiontaofa sin maidir le tuartha réigiúnacha aeráide, go háirithe i ndáil leis an Eoraip. Roinnt de na príomhdheacrachtaí atá le sárú:

  • Míchruinneas sa samhaltú maidir le mórshrutha teorainneacha aigéin (Sruth na Murascaille, Kuroshio, Agulhas), siocracha le claonadh córais i ndáil le haeráid na hEorpa, bealaí stoirme agus pátrúin frasaíochta.
  • Earráidí le fada maidir le forsceitheadh i ndoimhneacht farraige as an Muir Nordach agus as an Meánmhuir, ní is cúis le cuid mhór éiginnteachta maidir le hImshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh (AMOC), córas sruthlaithe a bhfuil an-tábhacht leis maidir le haeráid na hÉireann.
  • Gannmheastachán maidir le ceapadh carbóin agus teasa san Aigéan Antartach agus an suntas atá lena dtagann dá thoradh sin maidir leis an téamh measta domhanda a thuar.
  • Míléiriú ar ghnéithe maidir le muiroighear sa chrios oighir imeallach a mbíonn tionchar aige ar imshruthú i dtuaisceart an Aigéin Atlantaigh agus earráidí maidir le haeráid an gheimhridh san Eoraip.
  • Samhaltú claonta maidir le hAscalúchán El Niño agus an Aigéin Antartaigh (ENSO) agus ciantorthaí dá réir a fhágann easpa inniúlachta maidir le hanchásanna réigiúnacha a thuar.

Tá RazorEge dírithe ar na deacrachtaí sin le bearta sonracha feabhsúcháin atá éifeachtúil ó thaobh ríomhaireachta: ionadaíocht réigiúnach aigéin déthreoch trí Chaomhchóiriú Comhréire Greille le Fortran (AGRIF), comhordanáidí ingearacha Ilréimseacha (ME) áitiúla, paraiméadrú nua fisice agus modhanna sárshamhaltúcháin a chur in úsáid. Tá de chuspóir dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le hiontaofacht samhaltúcháin gan aon ardú mór ó thaobh costas ríomhaireachta, ionas go dtugtar córais ESM de chineál nua chun cinn ar féidir tuar maidir le haeráid an réigiúin a dhéanamh leo lena mbaineann seasamh maith.
Déanfaidh an t-iarratasóir a roghnaítear tairbhe maidir lena bhfuil de dhualgas ar Met Éireann de réir conartha a dhéanamh do chuibhreannas RazorEge Chlár Fhís Eorpach an AE maidir le ceithre cinn de phacáistí saothair ar feadh ré feidhme an tionscadail.
Is é a bhaineann leis an bpríomhobair eolaíochta: tairbhe a dhéanamh maidir le hanailís ar fud an chuibhreannais ar cheangal idir míchruinneas maidir leis an aeráid réigiúnach agus míchruinneas samhaltúcháin maidir le muiroighear (WP1); acmhainn cúplála fhorfheabhsaithe réigiúnach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le zúmionadaíocht AGRIF chomh maith le gné an atmaisféir in EC-Earth (WP6, Beart 6.3); an ról atá le cúpláil agus imréiteach níos fearr a mheas i ndáil le hanchásanna aeráide san Eoraip a chur in iúl, lena n-áirítear stoirmeacha, tonnta teasa mara agus anchásanna frasaíochta (WP6, Beart 6.4); deiseanna diagnóise maidir le míchruinneas i ndáil le muiroighear a thabhairt i bhfeidhm i bpacáistí measúnachta pobail le saorchead úsáide (WP6, Beart 6.1); bearta cúpláilte samhaltú aeráide de chineál CMIP7 HighResMIP a dhéanamh le córas EC-Earth arna fheabhsú agus a dtorthaí sin a chur le cartlann fhadtéarmach FAIR (WP5, Beart 5.1); páirt a ghlacadh sa mheasúnacht comparáide agus iontaoibh maidir le samhaltáin éagsúla ar fud an chuibhreannais leis na forais is comhpháirtithe (WP5, Beart 5.3); agus tairbhe a dhéanamh maidir le cruinnithe an Chomhthionóil Ghinearálta, foilseacháin saorcheada agus craobhscaoileadh thorthaí saothair an tionscadail (WP7).
Déanfaidh an t-iarrthóir a roghnaítear tairbhe freisin maidir le cóiriú feabhsaithe GOSI i ndáil le muiroighear a chur i bhfeidhm agus lena thástáil go ginearálta taobh istigh de EC-Earth tríd an gcomhar dlúth oibre mar chuid den mheitheal Samhaltú Aeráide i Met Éireann.

Roinn/Údarás
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann).

Earcú
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann) ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.

Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis Fostaíochta
www.met.ie

Láthair
Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi lonnaithe i gCeanncheathrú Met Éireann atá lonnaithe i gCnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9. D’fhéadfadh, nuair is féidir, go gceadófaí dóibh siúd a n-éiríonn leo i gcomórtas, cianoibriú a dhéanamh i gcomhréir le polasaithe aontaithe maidir leis an láthair oibre a fhreastal.

Iarratais
Is é an tráth deiridh a mbeidh glacadh le hiarratas De Aoine; 30 Deireadh Fómhair 2026 ag 5 i.n.

Eolas Breise

An Fhoirm Iarratais

Leabhrán iarrthóra

Ráiteas Príobháideachta

Ba cheart d’iarratasóirí a gcuid foirmeacha iarratais a sheoladh ar aghaidh chuig postdoc.recruitment@met.ie.

Tabhair ar aird: ní bhreithneofar ach iarratais a chuirfear ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais oifigiúil amháin.

Dáta an Fhógra
12/10/2026

An Dáta Deiridh a nGlacfar le hIarratais
30/10/2026 ag 5pm