AERÁID BAISTÍ NA HÉIREANN

Aeráid Baistí Na Héireann

Is príomh tháscaire ar athruithe san aeráid í an bháisteach. Tá tomhais agus anailís ar bháisteach riachtanach chun tionchair athrú aeráide ar thimthriall uisce, ar chóimheá uisce agus ar mhaolú tuile a mheas.

TNí féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach breathnóireachta ardcháilíochta do na pobail eolaíochta meitéareolaíochta agus clíomeolaíochta. Tá luach ar leith ar bhreathnóireachta stairiúla mar nach féidir breathnóireacht atá tógtha cheana a thógáil arís agus mura dtógtar breathnóireachta ní bheidh aon bhealach díreach againn le fios a bheith againn cén chaoi a raibh an aimsir agus an aeráid san am atá caite. Téann stair bhreathnóireachta aimsire eagraithe in Éirinn siar go dtí deireadh na 1700í agus bhí Faireachlanna ag Dún Sinche (1787) agus Ard Mhacha (1790). Sa chéad leath den 19ú haois tógadh léamha ag Caisleán Bhiorra (1845), ag Caisleán Mharcréidh (1824) ag Páirc an Fhionnuisce (1829) agus ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1838). Tháinig ardú ar an líon stáisiún ó lár na 19ú haoise agus rinneadh caighdeánú de chineál ar bhreathnóireachta le teacht le forbairtí idirnáisiúnta. Bhí os cionn 100 láthair ag tomhais báistí i dtús na 20ú haoise agus faoin am ar bunaíodh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann i 1936 bhí os cionn 200 tomhsaire báistí ann. Tá an líonra leathnaithe tuilleadh ó shin agus anois tá beagán faoi bhun 500 láthair tomhsaire báistí sa tír.

Tá taifead déanta ag Met Éireann ar bheagnach 9.5 milliún tomhas báistí uaire aonair ó na tomhsairí báistí sin idir 1939 agus 2017 agus tá siad stóráilte acu sa Bhunachar Sonraí Náisiúnta Aeráide. Tugtar anailís chun críche ón tacar sonraí breathnóireachta seo agus ó chinn eile chun mionsonraí a thabhairt ar Aeráid Báistí na hÉireann. Mar shampla, is é an tuairim ginearálta ná go mbíonn sé ag báisteach cuid mhór den am in Éirinn, ach ní thugann ach aon bhreathnóireacht uaire amháin as chúig cinn tuairisc ar aon bháisteach intomhaiste. Mar sin féin, tá éagsúlacht idir láithreacha ar ndóigh, mar shampla ag stáisiúin ar thalamh níos airde ( sé sin, na cinn is airde i gcontaetha Chiarraí agus Chill Mhantáin) déantar taifeadadh ar bháisteach uair as gach 3.5 go 4 huaire.