Monatóireacht ózóin

Rinneadh an chéad thomhas ar ózón i nDairbhre i 1926. Tar éis fáil amach faoi na poill Ózóin os cionn na bpol sna naoi déag ochtóidí agus mar fhreagra ar an ngá leis an ídiú ar na leibhéil ózóin a mheas, tá Faireachlann Dhairbhre ag déanamh tomhas ar ózón ag leibhéal na talún, colún iomlán agus straitisféarach ó 1993, ag cur amach sonraí leanúnacha le os cionn fiche bliain.

Cad é Ózón?

Is cineál speisialta ocsaigin é ózón le foirmle cheimiceach O3. Is é cineál O2é an t-ocsaigin a análann muid agus atá chomh riachtanach don bheatha ar an domhan. Is cuid an-bheag den atmaisféar é an t-ozón, ach tá sé ríthábhachtach d’fholláine daonna mar sin féin. Is go hard san atmaisféar atá an chuid is mó den ózón, idir 10 agus 40km os cionn dromchla an domhain. Is strataisféar a thugtar ar an réigiún sin agus is ann atá thart ar 90% den ózón atá san atmaisféar.

Cén chaoi a gcosnaíonn ózón muid?

Súnn ózón sa strataisféar cuid de radaíocht ultraivialait dhíobhalach bhitheolaíoch na Gréine. Mar gheall ar an ról tairbheach seo, breathnaítear ar ózón strataisféarach mar ózón “maith”. I gcodarsnacht, breathnaítear ar an iomarca ózóin a bhailíonn ar dhromchla an Domhain agus a thagann de bharr truailleáin mar ózón “dona”, mar go bhféadfadh sé a bheith díobhálach do dhaoine agus d’ainmhithe. Tá an t-ozón a tharlaíonn go nádúrtha in aice leis an dromchla agus san atmaisféar íochtair tairbheach freisin mar cabhraíonn ózón le truailleáin a bhaint as an atmaisféar.

Fearas Tomhais Ózóin i nDairbhre

Speictreafótaiméadar Brewer
Is uirlis eolaíochta é Speictreafótaiméadar Brewer a thomhaiseann radaíocht Ultraivialait, nó radaíocht Sofheicthe sa speictream gréine. Trí scrúdú a dhéanamh ar sú difreálach thonnfhaid den chéad rogha sa chuid UVB den speictream déantar infeiriú ar dhearbhuithe Ózóin Colúin Iomláin agus Déocsaíd Sulfair Cholún Iomlán.

Tomhais Ózóin agus Dáileadh Sonraí

Déantar monatóireacht leanúnach ar Ózón ar leibhéal na talún (GLO) iagus seoltar é i bhfíor-am chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an dream a bhainistíonn líonra náisiúnta monatóireachta cháilíocht aeir comhthimpeallaí. Dá mba rud é go n-ardódh leibhéil ózóin os cionn 90 ppb chuirfeadh an EPA rabhadh sláinte amach don phobal i gcoitinne.

Ózón Cholún Iomlán cuirtear tomhais sonraí isteach chuig Ionad Mapála Ózóin Leathsféar Thuaidh an WMO a chuireann mapaí ózóin iomlán gar den fhíor-am agus mapaí fágála ar fáil agus a bhfuil an Saotharlann Fhisice Atmaisféaraí ag Ollscoil Aristotle, i Thessaloniki, sa Ghréig á hoibriú agus ag déanamh óstáil uirthi.

Is balúin iad Ózón sondála are ‘balloons’ a thomhaiseann méideanna ózóin strataisféaracha. Seoltar iad gach mí ó Bhealtaine go Samhain agus uair sa tseachtain ó Nollaig go hAibreán.

Táirgí Shonraí Ózóin

Is é an meán leibhéal ózóin ar an talamh ag Faireachlann Dhairbhre ná 35ppb mar sin féin, is in aonaid micreagraim de réir an mhéadair chiúbaí (µg/m3) a dhéantar tuairisciú air go minic, le measúchán garbh de dhúbailt shimplí ar an luach ppb.

Full ground Ozone

Sonraí iomlán ózóintalún do sheachtain amháin i nDairbhre

Go hiondúil bheadh leibhéil ózóin de thart ar 20 – 45 ppb ag ‘láthair glan’, cé go bhfuil leibhéil ar an taobh eile ar fad de d’os cionn 300ppb le fáil i gCathair Mheicsiceo. Rialaíonn reachtaíocht leibhéil inghlactha ózóin san Eoraip, go háirithe Treoir 2008/50/CE a deir nár chóir de mheán uasmhéid laethúil 8 n-uaire dul thar 120µg/m3 le linn 25 lá i mbliain féilire thar 3 bliana.

Socraíonn an treoir freisin na leibhéil ag ar chóir saoránaigh a chur ar an eolas agus ar an airdeall, 180µg/m3 agus 240µg/m3 faoi sheach,faoi chontúirtí ózóin talún. Ar deireadh socraíonn sé sprioc fadtéarmach go mbeadh uasmheán laethúil ag leibhéil ózóin talún faoin mbliain 2020 faoi 120µg/m3. Ós rud é nach mbeadh an chuid is mó den phobal eolach ar na luachanna sin, go hiondúil tuairiscítear stádas na cáilíochta aeir i dtéarmaí tuairisciúla ar nós maith, réasúnta, dona etc. Tugtar ‘Innéacs Cháilíocht Aeir’ ar seo agus déantar é a chinneadh ón bhfíor-leibhéal ózóin talún reatha agus tríd an tábla a thaispeántar thíosa úsáid.

Innéacs Cáilíochta Aeir O3 in: µg/m3 (1 uair ar an meán) ppb (1 uair ar an meán)
An-mhaith 0 – 39 0 – 19
Go maith 40 – 119 20 – 59
Réasúnta 120 – 179 60 – 89
Go dona 180 – 239 90 – 119
An-dona ≥ 240 ≥ 120

 

Tábla: Innéacs Cáilíochta Aeir