Imshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh (IIUFA)

Éabhlóid an Imshruthaithe Iompaithe Uisce Feadh an Atlantaigh (IIUFA)

Cúlra

Tugann taighde a rinneadh le déanaí léargas ar chinniúint an Imshruthaithe Iompaithe Uisce Feadh an Atlantaigh (IIUFA), a bhfuil ról suntasach aige i múnlú aeráid na hÉireann. Níor tomhaiseadh an IIUFA go díreach ach ó 2004. Léiríonn na tomhais seo athraitheacht láidir nádúrtha agus, ar a mhéad, gan ach laghdú beag i neart an IIUFA (RAPID). Tá breathnuithe ar an sreabhadh trí Chaolas Florida, príomhghné den IIUFA, ar fáil le thart ar 40 bliain agus ní léiríonn siad aon athrú fadtéarmach ar neart an tsrutha1.

Le déanaí, tá aird tarraingthe ag clúdach sna meáin ar staidéir a thugann le fios go bhféadfadh an IIUFA lagú go suntasach sna blianta beaga amach romhainn, rud a thugann le fios go mbeidh aeráid i bhfad níos fuaire in Éirinn ná mar atá inniu ann2,3,4. Mar sin féin, tá cáineadh déanta ar na staidéir seo mar gheall ar úsáid modhanna simplithe nó trí bhrath ar shamhlacha idéalaithe. Tugann saineolaithe faoi deara, dá dtarlódh scor den IIUFA, go dtógfadh sé roinnt blianta fada nó fiú céadta bliain5, mar gheall ar fhreagairt mhall an aigéin.

Leagann staidéar6 le déanaí a rinne meastóireacht ar ionsamhlúcháin aeráide tar éis 2100 béim ar an bhféidearthacht go bhféadfaí an pointe claochlaithe le haghaidh múchadh dosheachanta AMOC a bhaint amach laistigh de na scórtha bliain atá romhainn. D’fhéadfadh nach dtarlódh an titim féin, áfach, ar feadh 50 go 100 bliain eile. Cé go bhféadfadh an tionchar trom gaolmhar teacht chun cinn i gceann céad bliain mar gheall ar an aistriú de réir a chéile chuig stát gan AMOC, leagann an staidéar béim ar an ngá práinneach le laghduithe tapa domhanda ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun an baol go dtrasnófar an pointe claochlaithe seo a laghdú.

Tá todhchaí AMOC nasctha go dlúth le raon athruithe domhanda, lena n-áirítear leá oighir farraige Artach 7 agus oighearchlúid na Graonlainne8, chomh maith le dálaí chomh fada i gcéin leis na dálaí san Antartaice9 agus san Aigéan Indiach10. Léiríonn staidéir pailéiclíoma a shíneann thar na céadta mílte agus fiú na milliúin bliain torthaí éagsúla maidir le cobhsaíocht an IIUFA, agus tugann roinnt fianaise le fios gur fhan sé cobhsaí fiú le linn tréimhsí ionchur fionnuisce suntasach ó oighear a bhí ag leá san am atá thart.

Tuar samhlacha aeráide reatha moilliú 34% go 45% ar an IIUFA faoi dheireadh na haoise. Cé go meastar go maolóidh sé seo ráta an téimh timpeall na hÉireann, níltear ag súil go mbeidh fuarú mar thoradh air (Fíor 1a, c, d, e, f). Mar sin féin, tugann roinnt samhlacha le fios go bhféadfadh an moilliú seo fuarú beag a bheith mar thoradh air timpeall na hÉireann (Fíor 1b). Is minic a thugtar “poll téimh” an Atlantaigh Thuaidh ar an bhfuarú suntasach ó dheas ón nGraonlainn i bhFíor 1b agus tá sé nasctha le moilliú an IIUFA. Déanta na fírinne, tá an fuarú sin le feiceáil i mbreathnuithe fadtéarmacha ar chion teasa an aigéin ar fud na 2000 m is uachtaraí (Fíor 2). Mar sin féin, bhí teochtaí dromchla na farraige san Atlantach Thuaidh agus ar fud an domhain níos airde ná riamh in 2023 agus 2024 (Climate Reanalyzer) rud a léiríonn go bhfuil an treocht anuas i dteocht dhromchla na farraige modhnaithe ag athraitheacht. Tá na cúiseanna atá leis na teochtaí thar a bheith ard seo fós á n-imscrúdú.

6 images of earth coverage showing surface temperature changes for a variety of warming models between best estimate and very high warming in 2081–2100 relative to 1995–2014, represented by colour scale -8 to +8 degC. Read also caption

Fíor 1 (tógtha ón achoimre theicniúil ar an Séú Tuarascáil Measúnaithe den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide11, a mBosca TS3, Fíor 1): An meastachán is fearr de Chéim 6 den Tionscadal Idirchomparáide Múnla Cúpláilte (CMIP6) ar athrú teochta dromchla do 2081–2100 i gcomparáid le 1995–2014 faoi chás luathghníomhaíochta (astaíochtaí ísle) (a); athrú teochta dromchla i gcás luathghníomhaíochta ó shamhlacha a réamh-mheasann leibhéil arda méadaithe teochta, (b) agus athrú teochta dromchla ó shamhlacha téimh fíor-ard, faoi luathghíomhaíocht freisin (c). Is ionann (d–f) agus (a–c), ach taispeánann sé réamh-mheastacháin faoi chás gníomhaíochta déanach (astaíochtaí arda). Tabhair faoi deara na barraí daite difriúla idir (a–c) agus (d–f).

 

one image of the earth showing the colour scale trend in ocean heat content of the upper 2,000 m, 1958–2023. Scale included. Read caption and article text

Fíor 2 (Íomhá le caoinchead ó: Lijing Cheng, athchruthaithe ó Rahmstorf, 202412): treocht i gcion teasa an aigéin sna 2,000m uachtaracha, 1958–2023

Faoi láthair, níl aon staidéir shonracha dírithe ar an tionchar díreach a bheadh ag moilliú nó ag scor den IIUFA ar aeráid na hÉireann. Mar sin féin, rinneadh staidéir ag baint úsáid as samhlacha aeráide aonair chun iniúchadh a dhéanamh ar éifeachtaí meath láidir IUFA ar an Eoraip13,14. Léiríonn na torthaí go bhféadfadh laghdú teochta 2 go 4°C a bheith i ndán d’Éirinn, go háirithe i rith an gheimhridh, in éineacht le dálaí samhraidh níos tirime (Fíor 3a, 3b). D’fhéadfadh geimhrí níos fliche a bheith in iarthar na hÉireann mar thoradh ar ghníomhaíocht stoirme níos láidre. D’fhéadfadh cás níos foircní, lena n-áirítear titim iomlán an AMOC, tionchar díobhálach a imirt ar an earnáil talmhaíochta sa Ríocht Aontaithe 15. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gcuireann na staidéir seo san áireamh treocht fhoriomlán an téimh dhomhanda, rud a d’fhéadfadh cuid den fhuarú réamh-mheasta a fhritháireamh, go háirithe i rith míonna an tsamhraidh. Braitheann na staidéir seo freisin ar shamhlacha aeráide domhanda atá sách garbh, rud a chiallaíonn go bhfuil taifigh spásúla íseal acu.

Toisc thábhachtach eile is ea tionchar “phoill téimh” an Atlantaigh Thuaidh mar a thugtar air, ar aeráid na hÉireann. D’fhéadfadh athruithe sa scairdsruth agus laghdú ar ghníomhaíocht stoirmeacha aniar, mar gheall ar laghdú ar an difríocht teochta idir an Artach atá ag téamh go tapa agus na domhanleithid mheánacha atá ag téamh níos measartha, an tionchar seo a laghdú. Mar shampla, in ainneoin dálaí fuara san Atlantach Thuaidh16, bhí tonn teasa san Eoraip in 2015.

2 images of EU map showing Impact of an AMOC slowdown on the European climate. 2 m temperature change in summer (left) and in winter (right). Read caption for source

Fíor 3a (tógtha ó Jackson et al., 2015): Tionchar moilliú IIUFA ar aeráid na hEorpa. Athrú teochta 2 m sa samhradh (ar chlé) agus sa gheimhreadh (ar dheis). Taispeántar i mbán na haimhrialtachtaí nach bhfuil suntasach i gcomparáid leis an athraitheacht rialaithe.

 

2 images of EU map showing Impact of an AMOC slowdown on the European climate. Precipitation as a relative or fractional change in summer (left) and in winter (right). Read caption for source and further details

Fíor 3b (tógtha ó Jackson et al., 2015): Tionchar moilliú IIUFA ar aeráid na hEorpa. Taispeántar frasaíocht mar athrú coibhneasta nó codánach don samhradh (ar chlé) agus don gheimhreadh (ar dheis). Taispeántar i mbán na haimhrialtachtaí nach bhfuil suntasach i gcomparáid leis an athraitheacht rialaithe.

 

Tá an IIUFA casta, ina bhfuil sruthanna éagsúla aigéin (Fíor 4) agus guairneáin (Fíor 5) a chuireann leis an iompar teasa. Tá brainsí éagsúla den IIUFA ann i dtuaisceart an Atlantaigh Thuaidh, agus tá a bhforbairt amach anseo ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh aeráid na hÉireann athrú. Léiríonn ionsamhlúcháin aeráide ardtaifigh le déanaí faoi chás ard-astaíochtaí go bhféadfadh brainse thoir den IIUFA neartú, rud a d’fhéadfadh téamh suntasach a bheith mar thoradh air sa limistéar sin17. Tá sé ríthábhachtach na dinimic seo a thuiscint chun dálaí aeráide amach anseo in Éirinn a thuar.

Map of northern North Atlantic and the Nordic Seas indicating the Different branches of the ocean circulation there. Image source in caption

Fíor 4 (mionathraithe ó R. Curry agus C. Mauritzen © Woods Hole Oceanographic Institution, tógtha ó Rahmstorf, 2024): Brainsí éagsúla de chúrsaíocht aigéanach i dtuaisceart an Atlantaigh Thuaidh agus sna farraigí Nordacha. Léiríonn línte neamhbhriste sreabhadh dromchla, agus léiríonn línte briste sreabhadh domhain aigéin.

 

Image of northern section of the earth with Ocean eddies, based on satellite measurements, highlighted with colours indicating sea surface temperatures

Fíor 5 (Foinse: Stiúideo Léirshamhlaithe Eolaíochta NASA/GSFC): Guairneáin aigéin bunaithe ar thomhais satailíte le dathanna a léiríonn teochtaí dhromchla na farraige.

Obair Met Éireann i leith Samhaltú Aeráide

Agus tábhacht an IIUFA agus a thionchar ar aeráid na hÉireann á aithint acu, tá Met Éireann ag maoiniú agus ag déanamh taighde mar chuid den tionscadal maidir le hInsamhaltú Aeráide Feabhsaithe an Atlantaigh Thuaidh. (IAFAT), i gcomhar le hIonad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (IÉRA) agus comhpháirtithe taighde idirnáisiúnta. Tá ardmhodhanna á bhforbairt chun tuiscint níos fearr a fháil ar fheachtaí cúnga aigéin agus chun ionchuir fionnuisce ó oighear atá ag leá sa Ghraonlainn agus san Antartaice a ionchorprú i samhlacha aeráide.

Mar gheall ar an taighde teoranta atá déanta ar an gcaoi a bhféadfadh scor IIUFA difear a dhéanamh d’aeráid na hÉireann, tá roinnt príomhréimsí fócais sainaitheanta ag Met Éireann:

  1. Cásanna a fhorbairt le haghaidh meath suntasach san IIUFA faoi dheireadh na haoise agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair ghaolmhara ar aeráid na hÉireann.
  2. Cruinneas réamh-mheastacháin IIUFA a fheabhsú trí shamhlacha aeráide a bheachtú.
  3. Ag staidéar ar an gcaoi a bhfreagraíonn cioclóin domhanleithid meánaigh ar athraithe sa scairsruth.

Mar fhocal scoir, tá an dóchúlacht go scoirfidh IIUFA íseal, ach is cás dóchúlachta íseal, ardtionchair é. D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag scor iomlán ar an phláinéid agus ar shochaí na hÉireann, lena n-áirítear cur isteach ar éiceachórais talún agus mhuirí agus ar bhithéagsúlacht, chomh maith le dúshláin socheacnamaíocha a bhaineann le hathléimneacht ó thaobh na haeráide de agus freagairtí ar eachtraí adhaimsire.

Mar atá le gach gné den athrú aeráide, caithfimid oibriú ar mhaolú agus ar oiriúnú araon. Ar thaobh amháin, tugann taighde tiomanta deis dúinn na rioscaí a bhaineann le cásanna éagsúla éabhlóid AMOC a mheas agus tacú le straitéisí oiriúnaithe, agus ar an taobh eile, is féidir le hiarrachtaí domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú cabhrú leis na rioscaí seo a mhaolú.

Litríocht

1 Volkov, D. L., R. H. Smith, R. F. Garcia, D. A. Smeed, B. I. Moat, W. E. Johns, and M. O. Baringer (2024): Florida Current transport observations reveal four decades of steady state. Nature communications, 15, 7780. https://doi.org/10.1038/s41467-024-51879-5

2 Ditlevsen, P., and S. Ditlevsen (2023): Warning of a forthcoming collapse of the Atlantic meridional overturning circulation. Nature Communications, 14, 4254. https://doi.org/10.1038/s41467-023-39810-w

3 Van Westen, R. M., M. Kliphuis, and H. A. Dijkstra (2024): Physics-based early warning signal shows that AMOC is on tipping course. Science Advances, 10, 6, https://doi.org/10.1126/sciadv.adk1189

4 Lohmann, J., H. A. Dijkstra, M. Jochum, V. Lucarini, and P. D. Ditlevsen (2024): Multistability and intermediate tipping of the Atlantic Ocean circulation. Science Advances, 10, 12. https://doi.org/10.1126/sciadv.adi2453

5 Liu, W., S.-P. Xie, Z. Liu, and J. Zhu (2017): Overlooked possibility of a collapsed Atlantic Meridional Overturning Circulation in warming climate. Sci. Adv. 3, e1601666. https://doi.org/10.1126/sciadv.1601666

6 Drijfhout, S., Angevaare, J. R., Mecking, J., van Westen, R. M., & Rahmstorf, S. (2025). Shutdown of northern Atlantic overturning after 2100 following deep mixing collapse in CMIP6 projections. Environmental Research Letters20(9), 094062. https://doi.org/10.1088/1748-9326/adfa3b

7 Haine, T. W., Siddiqui, A. H., & Jiang, W. (2023). Arctic freshwater impact on the Atlantic Meridional Overturning Circulation: status and prospects. Philosophical Transactions of the Royal Society A, 381(2262), 20220185. https://doi.org/10.1098/rsta.2022.0185

8 Devilliers, M., Yang, S., Drews, A. et al. (2024): Ocean response to a century of observation-based freshwater forcing around Greenland in EC-Earth3. Clim Dyn62, 4905–4923. https://doi.org/10.1007/s00382-024-07142-0

9 An, SI., Moon, JY., Dijkstra, H.A. et al. (2024): Antarctic meltwater reduces the Atlantic meridional overturning circulation through oceanic freshwater transport and atmospheric teleconnections. Commun Earth Environ5, 490. https://doi.org/10.1038/s43247-024-01670-7

10 Hu, S., and A. V. Fedorov (2019): Indian Ocean warming can strengthen the Atlantic meridional overturning circulation. Nature climate change 9.10, 747-751. https://doi.org/10.1038/s41558-019-0566-x

11 IPCC (2021): Technical Summary. In Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, A. Pirani, S.L. Connors, C. Péan, S. Berger, N. Caud, Y. Chen, L. Goldfarb, M.I. Gomis, M. Huang, K. Leitzell, E. Lonnoy, J.B.R. Matthews, T.K. Maycock, T. Waterfield, O. Yelekçi, R. Yu, and B. Zhou (eds.)]. Cambridge University Press, Cambridge, United Kingdom and New York, NY, USA, pp. 33−144. doi: 10.1017/9781009157896.002

12 Rahmstorf, S. (2024): Is the Atlantic Overturning Circulation Approaching a Tipping Point? Oceanography, 37, 3, 16-29. https://doi.org/10.5670/oceanog.2024.501

13 Jackson, L.C., Kahana, R., Graham, T. et al. (2015): Global and European climate impacts of a slowdown of the AMOC in a high resolution GCM. Clim Dyn45, 3299–3316. https://doi.org/10.1007/s00382-015-2540-2

14 Bellomo, K., Meccia, V.L., D’Agostino, R. et al. (2023): Impacts of a weakened AMOC on precipitation over the Euro-Atlantic region in the EC-Earth3 climate model. Clim Dyn61, 3397–3416. https://doi.org/10.1007/s00382-023-06754-2

15 Ritchie, P. D. L., G. S. Smith, K. J. Davis, C. Fezzi, S. Halleck-Vega, A. B. Harper, C. A. Boulton, A. R. Binner, B. H. Day, A. V. Gallego-Sala, J. V. Mecking, S. A. Sitch, T. M. Lenton, and I. J. Bateman (2020): Shifts in national land use and food production in Great Britain after a climate tipping point. Nature Food, 1, 76-83. https://doi.org/10.1038/s43016-019-0011-3

16 Duchez, A., E. Frajka-Williams, S. A. Josey, D. G. Evans, J. P. Grist, R. Marsh, G. D. McCarthy, B. Sinha, D. I. Berry, and J. J.-M. Hirschi (2016): Drivers of exceptionally cold North Atlantic Ocean temperatures and their link to the 2015 European heat wave. Environmental Research Letters, 11, 074004. https://doi.org/10.1088/1748-9326/11/7/074004

17 Arthun, M., H. Asbjornsen, L. Chafik, H. L. Johnson, and K Vage (2023): Future strengthening of the Nordic Seas overturning circulation. Nature Communications, 14, 2065. https://doi.org/10.1038/s41467-023-37846-6