Galuisce

Tá galuisce ina chomhpháirt ghásach den aer agus, cosúil le haon cheann de na gáis atmaisféaracha, cruthaíonn sé brú. Go deimhin, is ionann suim a mbrúnna indibhidiúla agus brú an atmaisféir. Tá uasmhéid de ghaluisce ar féidir leis an t-aer é a choinneáil. Ag an bpointe sin tugtar an galbhrú sáithiúcháin ar an ngalbhrú. Is ionann bogthaise choibhneasta an aeir agus an cóimheas galbhrú iarbhír le galbhrú sáithiúcháin, agus an cóimheas sin scríofa mar chéatadán.

Déantar galbhrú a ríomh ag stáisiúin shionoptacha aimsire gach uair an chloig a nglactar breathnóireacht. Sa léaráid thíos taispeántar an meán-ghalbhrú bliantúil os cionn na hÉireann agus an meángalbhrú míosúil ag Réadlann Dhairbhre.

Water Vapour Pressure over Ireland 1940 – 2010

Water Vapour Pressure over Ireland 1940 – 2010