Inrochtaineacht

Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin

The Met Éireann website has achieved the international Web Accessibility standard WCAG 2.0 Level AA.

Rochtain ar an Léitheoir Scáileáin

Is féidir bogearraí a íoslódáil lena chur ar chumas do ríomhaire nó ghléis na focail agus sonraí áirithe a léamh amach ‘os ard’ ar ár láithreán gréasáin. Déanann do ríomhaire na focail a léamh amach ‘os ard’ ansin. Tá seo áisiúil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta acu agus atá faoi mhíchumas éadrom amhairc nó arb é an Béarla an dara teanga atá acu.

Mar gheall gur faisnéis amhairc atá san fhaisnéis atá ar ár Léarscáil Aimsire ag barr ár leathanaigh bhaile, chuireamar réiteach inrochtana ar fáil chun na sonraí faoi thuair sna híomhánna a chur in iúl, ach bunaítear é ar láthair sheasta. Cuireann an leagan seo dár leathanach baile rochtain gan stró ar fáil don úsáideoir ar réamhaisnéis céanna téacs na haimsire agus an tuar uimhriúil aimsire a phróiseáiltear ina dhiaidh sin. Tá an leathanach gréasáin seo ar fáil ag https://www.met.ie/forecasts/accessible-forecast/

Nuair a iontrálann an t-úsáideoir an leathanach baile ag www.met.ie, cuirfear an rogha ‘Leagan eile inrochtana ar fáil’ ar fáil ar bhogearraí léitheora an scáileáin. Roghnaigh é seo, le do thoil. Tugann sé an rogha ansin chun ‘leanúint ar aghaidh go dtí an príomhábhar’.

Mura leanann tú ar aghaidh, léifidh an léitheoir ábhair cheanntásc an láithreáin ghréasáin amach. B’fhéidir go ndearna do ghléas geoshuí cheana féin agus ginfidh sé réamhaisnéis na haimsire don áit sin. Mura ndearna, úsáid an leid Iontráil an Láthair sa cheanntásc chun teacht ar thuar do láthair is féidir a roghnú ón liosta moltaí nuair a thosaíonn tú ag clóscríobh*. Liostófar roghanna roghchláir an láithreáin ghréasáin ar léitheoir scáileáin, chomh maith. Ansin lean ar aghaidh chuig an bpríomhábhar. Nó lean ar aghaidh chuig an bpríomhábhar. Beidh téacs an Tuair Réigiúnaigh agus Náisiúnta ar leathanach an Tuair Inrochtana agus déanfar tuar na haimsire ‘Láthair – Tuar 7 lá’, faoi mar a ndéantar cur síos air sa ghluais faoina bhun. Roghnaigh lá chun leathanach thuar na haimsire gach uair an chloig a oscailt. Léifidh an léitheoir scáileáin an t-ábhar seo.

Is féidir leat teacht ar ár dtáirgí agus tuarascálacha tuair eile tríd an roghchlár. Tá na leathanaigh seo comhoiriúnach do bhogearraí an léitheora scáileáin.

*Mura bhfuil do láthair roghnaithe ar fáil ar an liosta láithreacha, seol ar aghaidh an iarraidh ar láthair, le do thoil, chuig digitial.queries@met.ie.

Leithead Banda Íseal

Ina theannta sin, cuirtear réiteach leithead banda íseal ar fáil ar an leathanach Tuar Inrochtana do na húsáideoirí siúd.

Léarscáileanna Aimsire an Leathanaigh Bhaile

Feidhmeoidh Léarscáileanna Aimsire an leathanaigh bhaile ar na leaganacha seo a leanas de bhrabhsálaí, córais oibriúcháin agus leaganacha ina ndiaidh:

  • Chrome – Leagan 40 agus leaganacha ina ndiaidh
  • Firefox – Leagan 37 agus leaganacha ina ndiaidh
  • Edge – gach leaganach
  • Internet Explorer – Leagan 10 agus leaganacha ina ndiaidh
  • Safari – Leagan 10.7 (Mac OS)

Tá an tacaíocht riachtanach do Thásc Ainm Freastalaí (SNI) ag na brabhsálaithe seo chun amharc ar an láithreán gréasáin.

Leagan Furasta le Priontáil

Tá leathanaigh an Tuair Inrochtana agus an tuair gach uair furasta le priontáil.

Teacht ar na físeáin, íomhánna agus cáipéisí

Cuirfidh do bhrabhsálaí ar an eolas thú más gá duit bogearraí nó breiseán a íoslódáil chun amharc ar an saghas seo ábhair. Mar shampla, teastaíonn Adobe Reader chun amhairc ar chomhaid PDF ar an láithreán seo. Is féidir cóip saor in aisce a íoslódáil ó láithreán gréasáin Adobe. Is féidir ár dtuarascálacha a íoslódáil i bhformáid .csv, ar féidir é a oscailt i scarbhileog nó eagarthóir téacs. Osclaítear tuarascálacha eile i leathanach HTML. Is féidir bulcshonraí áirithe a íoslódáil i zipchomhad. Tá tuairiscí fotheidil ag na híomhánna go léir, murach gurb íomhánna maisiúla iad, agus bíonn luachanna neamhnitheacha acu sa chás sin. D’fhorbraíomar treoir maidir le húsáid a bhaint as an láithreán gréasáin agus aip.

Leagan Aip iOS.

Chun an Aip Guthán Póca a úsáid ar ghléasanna iOS, caithfidh leagan 10 nó leaganacha ina dhiaidh sin den chóras oibriúcháin a bheith suiteáilte.