Tacair Sonraí Fhadtéarmacha

Amshraith báistí ó 1850-2010 d’Éirinn.

Homaiginiú agus anailísiú líonra báistí leathnaithe míosúla fadtéarmaigh d’Oileán na hÉireann (1850-2010)

Tá sraith frasaíochta Oileán na hÉireann (IIP), a chuimsíonn an tréimhse 1850 – 2010, curtha ar bun do 25 láthair ag taighdeoirí de chuid Ollscoil Mhá Nuad agus Met Éireann. Tá sraitheanna den chineál seo ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar na hathruithe atá tagtha ar an réimeas frasaíochta agus ar an timthriall hidreolaíochta go dtí seo, agus ar aon athruithe atá ag teacht chun cinn. An tacar sonraí atá ann dá bharr seo, is é an dara cartlann frasaíochta réigiúnaí is faide é de chuid na Breataine agus na hÉireann.

Agus an tacar sonraí á fhorbairt acu, ghabh taighdeoirí sonraí ó na cartlanna i leabharlann Met Éireann agus rinne siad iad a chomhcheangal le taifid fhadtéarmacha a bhain le stáisiúin ar an oileán agus a bhí ann roimhe sin. Tugadh aird freisin ar mheiteashonraí a thiomsú le haghaidh gach stáisiún. Tar éis nascadh agus uasdátú na stáisiún, úsáideadh na bogearraí homaiginithe HOMER chun bristeacha a bhrath i sraitheanna aonair agus chun na sraitheanna uile a leathnú ionas go mbeadh tréimhse choiteann taifead ann. Ní dhearnadh coigeartú ach amháin i gcás bristeacha arna ndeimhniú ag meiteashonraí.

Is léir ón measúnú ar athraitheacht agus athruithe sna taifid frasaíochta homaiginithe breisithe go raibh treochtaí dearfacha (geimhreadh) agus diúltacha (samhradh) ann le linn na tréimhse 1850-2010. Ní dhéanann treochtaí i dtaifid a chlúdaíonn an ghnáth-thréimhse dhigitithe (1941 ar aghaidh) ionadaíocht i gcónaí ar thaifid níos faide, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le taifid fhadtéarmacha. Anuas air sin, athraíonn treochtaí i sraitheanna iar-homaiginithe ó thaobh méid agus fiú ó thaobh treo de i stáisiúin áirithe. Cé go moltar a bheith cúramach i gcás sraitheanna áirithe, tá níos mó muinín ag daoine as an líonra nuachruthaithe anois, i bhfianaise an aird a thugtar ar mheiteashonraí agus an tsoiléire iompair feadh an líonra, agus ar an mbonn go bhfuil na torthaí ag teacht le sraitheanna aeráide fadtéarmacha eile amhail sraith frasaíochta Shasana agus na Breataine Bige.

Foilsíodh an taighde seo ar na mallaibh san International Journal of Climatology:

Tá na sonraí homagainithe agus breisithe don 25 stáisiún sa líonra, mar aon le sraith ilchodach Oileán na hÉireann agus na meiteashonraí tacaíochta, ar fáil anseo

Luaigh an bunpháipéar le do thoil má úsáideann tú an tacar sonraí seo.

Amshraith Ilchodach Báistí d’Éirinn ó 1711-2016.

Baineadh feidhm as an dá phríomhfhoinse sonraí seo a leanas chun sraith báistí míosúla leanúnach 305 bliain (1711-2016) a chur ar bun d’Oileán na hÉireann: i) Nóta ó Oifig Meitéareolaíochta an Ríochta Aontaithe nár foilsíodh riamh, ina bhfuil aimhrialtachtaí báistí bliantúla agus na hiomláin mhíosúla chomhréireacha bhainteacha, agus iad bunaithe ar dhialanna aimsire agus ar luath-thaifid bhreathnaitheacha don tréimhse 1711-1977, agus ii) sraith báistí mhíosúil homaiginithe fhadteármach don oileán i ndáil leis an tréimhse 1850-2016.

Úsáideadh meastacháin den mheán-fhrasaíocht fhadtéarmach, agus iad sin sampláilte ón tsraith homaiginithe, chun an taifead 305 bliain a athbhunú, agus fuarthas léargais nua maidir le hadhaimsir shuntasach, agus athraitheacht is athrú aeráide. Rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na sraithe trí bhíthin breathnóireachtaí fadtéarmacha agus athchruthú innéacsanna frasaíochta, teochta, cúrsaíochta agus Ascalú an Atlantaigh Thuaidh. Tiomsíodh na foinsí uile ó ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire, agus rinneadh mionscagadh ar a gciorclaíocht.

Tá comhsheasmhacht láidir dheichbhliantúil le sonrú sa taifead ina iomláine i measc na sraitheanna uile san earrach, sa samhradh agus san fhómhar. Tá an taifead ag teacht go láidir le taifid eile, agus tá méadú muiníne ann ó 1790 i leith dá bharr seo, cé go bhfuil an tsraith geimhridh ró-thirim, b’fhéidir, ó lár na 1740í go dtí na 1780í. Nochtann an tsraith nua treochtaí atá suntasach ó thaobh staitistice de don gheimhreadh (ag méadú) agus don samhradh (ag laghdú). I bhfianaise neamhchinnteachtaí sa taifead luath-gheimhridh, áfach, ba chóir go n-áireofaí an treocht geimhridh sin mar threocht thrialach. Maidir leis an tréimhse 1940 i leith, ós í seo an ghnáth-thréimhse le haghaidh a bhfuil ann de thaifid digitithe, léirímid go háirithe nach ndéanann an tréimhse seo ionadaíocht ar na hathruithe fadtéarmacha i ngach séasúr. Cé gur aithníodh neamhchinnteachtaí sa luath-thaifead, táthar fós den tuairim go soláthraíonn an tsraith nuachruthaithe léargais luachmhara a chuirfidh ar ár gcumas, athraitheacht báistí ildeichiúla in Éirinn a thuiscint, ós rud é go bhfuil an tír suite in áit faire in iarthuaisceart na hEorpa, agus gur bunchloch í le haghaidh cur i bhfeidhm tagarmharcála ar thaifid fhadtéarmacha agus ar bhearta athchruthaithe eile amach anseo.

Tá páipéar faoin obair seo curtha faoi bhráid na hirise, Climate of the Past, tacar sonraí ar fáil anseo.