Ár Stair

Tarchuireadh an chéad bhreathnóireacht ‘fíor-ama’ aimsire ó Oileán Dairbhre i gCo. Chiarraí ar an 8ú lá de Dheireadh Fómhair 1860 faoi choimirce Choiste Meitéareolaíochta Bhord Tráchtála na Breataine. Go deimhin bhí Oifig Mheitéareolaíochta na Breataine ag freastal ar ghnóthaí aimsire ar feadh blianta tar éis Neamhspleáchais na tíre. Níor bunaíodh Seirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann go dtí 1936 chun eolas aimsire cruinn a chur ar fáil i gcomhair eitlíocht thrasatlantach.

Réadlann Dhairbhre

Réadlann Dhairbhre

B’é an príomhchúram a bhí ar an tSeirbhís Meitéareolaíochta nuabhunaithe ná réamhaisnéis a chur ar fáil don eitlíocht. Lean sin go dtí 1948 nuair a ghlac sí an cúram le réamhaisnéisí aimsire a chraoladh do Raidió Éireann. Thosaigh sí ag soláthar réamhaisnéisí do na nuachtáin laethúla i 1952 agus osclaíodh an Oifig Lárnach Anailíse agus Réamhaisnéise i 1961 ag 44 Sráid Uí Chonaill Uachtarach. An bhliain dár gcionn rinneadh craoladh beo ar Teilifís Éireann. Aistríodh an cheanncheathrú go Glas Naíon, Baile Átha Cliath i 1979.

Tá go leor rudaí athraithe idir dhá linn; ar nós córais radair aimsire ardtaifigh a shuiteáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort na Sionainne i 1990 agus i 1996 faoi sheach. I Márta 1996, ar a 60ú bliain oibriúcháin ghlac an tSeirbhís Meitéareolaíochta le teideal nua Met Éireann. Sheol Met Éireann a láithreán gréasáin in 2001 agus tugadh isteach seirbhís speisialaithe Féin-Threorach gréasánbhunaithe Met in 2008 chun sonraí eitlíochta a chur ar fáil do phíolótaí agus do chustaiméirí eitlíochta. Sheol Met Éireann feidhmchlár soghluaiste d’úsáideoirí iOS agus Android in 2012. Tá an-tóir ar an aip seo agus tá na céadta mílte íoslódáil déanta. Thosaigh Met Éireann ag baint úsáide as cainéil nua ar nós Twitter agus Facebook chun a chuid rabhadh agus réamhaisnéisí a scaipeadh.

Met Éireann website in 2002

Comhoibriú

Bhí ról ghníomhach ag an tSeirbhís Meitéareolaíochta agus ag an bhfoireann an t-am ar fad i bhforbairt na meitéareolaíochta ar an láthair idirnáisiúnta. Tháinig Éire isteach mar chomhalta iomlán den Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta go gairid tar éis a bunaithe i dtús na 1950í agus bhí sí mar chomhalta bunaithe den Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF) agus d’Eagraíocht Satailíte Meitéareolaíochta na hEorpa (EUMETSAT) níos déanaí. Bhí an tSeirbhís gníomhach le gairid i bhfoirmiú gníomhaireachtaí comhoibríocha eile ar nós EUMETNET agus ECOMET. Tá tairbhe ar leith faighte ag an eagraíocht óna ballraíocht ó 1989 le HIRLAM, fiontar comhoibríoch idir na tíortha Lochlannacha agus roinnt Seirbhísí Meitéareolaíochta Eorpacha eile chun múnla uimhriúil do réamhaisnéis ghearrthréimhseach a fhorbairt.

Ag breathnú chun cinn

Tá Met Éireann bródúil as a taifead seirbhíse poiblí, a forbairt ar an mbonneagar náisiúnta meitéareolaíochta agus as a cion don eolaíocht mheitéareolaíochta agus tá sí ag breathnú chun cinn le muinín agus dóchas le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá amach roimpi.

Stiúrthóirí Met Éireann, 1936-faoi láthair

  • 1936-1948 Austen H. Nagle
  • 1948-1964 Mariano Doporto
  • 1965-1978 P.M. Austin Bourke
  • 1978-1981 P. Kilian Rohan
  • 1981-1988 Donal L. Linehan
  • 1989-2009 Declan J. Murphy
  • 2009-2016: Liam Campbell
  • 2016-Present: Eoin Moran