Gaoth agus Teocht an Aeir Uachtair

Tomhais

Sa mhéid go bhfuil an t-atmaisféar tríthoiseach, is gá freisin léamha a thógáil de na hathróga riachtanacha os cionn an dromchla. Tá tomhais san atmaisféar uachtarach tábhachtach sa mhéid go gcuireann siad eolas ríthábhachtach ar fáil faoi phróifílí ingearacha gaoithe agus teochta san atmaisféar. Tá na sonraí sin riachtanach ar fud raon leathan d’úsáidí lena n-áirítear taighde agus monatóireacht ar Aeráid agus Comhshaol, réamhaisnéis na haimsire agus don tionscal eitlíochta. Tá i bhfad níos lú áit ina nglactar tomhais den aer uachtarach, ná mar atá ag glacadh tomhais dromchla, rud a chuireann leis an tábhacht a bhaineann leis na háiteanna a thomhaiseann an t-aer uachtarach.

Bhí tomhais den aer uachtarach á dtógáil i Réadlann Dhairbhre ó 1943 i leith trí úsáid a bhaint as raidió sondála, seo balún atá líonta le hidrigin a bhfuil ionstraimí ceangailte leis. Scaoiltear an balún seo isteach san atmaisféar agus de réir mar a théann sé ina airde glacann sé léamha, a tharchuirtear ar ais chuig an stáisiún ar an dromchla. De réir mar a ardaíonn an balún, méadaíonn sé go dtí go bpléascann sé ar deireadh thiar.

Valentia Upper Air Sounding

Déanann na hionstraimí brú, luas na gaoithe agus treo na gaoithe a thomhas, teochtaí fliuchbholgáin agus tirimbholgáin dhá uair sa lá, ag meán lae agus meán oíche. Glactar na léamha ag leibhéil chaighdeánacha san atmaisféar, de ghnáth ag leibhéil shainithe brú, dála 850, 700, 500 agus300 hPa. Cumasaíonn seo cruthú teifigram, ‘grianghraif’ de struchtúr ingearach an atmaisféir.

Amshraitheanna agus Treochtaí:

Tá sonraí digiteacha ar fáil ó 1980, breacadh de mheáin bhliantúla luas na gaoithe ag roinnt leibhéal brú mar atá léirithe anseo.

Valentia Upper Air Wind Speed and Temperature

Príomhthreo na gaoithe ná ón rannóg thiar, mar atá léirithe sa léaráid gaothróis do ghaotha ag an leibhéal brú 500hPa.

Valentia 500 hPa windrose