Podchraoladh
Fáilte go dtí an leathanach nua podchraolta Met Éireann.
Anseo thíos tá na podchraoltaí míosúla is déanaí i mBéarla agus i nGaeilge.
Is féidir leat éisteacht le an podchraoladh thíos nó é a leanúint ar do “app” is fearr leat.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an bhfoireann Podchraolta ag podcast@met.ie nó #MetEireannPodcast a úsáid ar Twitter
Téigh síos go dtí “Clár 11- Aimsir agus Aeráid : Firicí agus Miotas” chun tuilleadh a fháil amach…
Láithreoir Podchraoltaí Met Éireann - Beathaisnéis
Ferdia McCrann
Is é Ferdia McCrann ár n-oifigeach Gaeilge. Tháinig sé go dtí Met Éireann sa bhlian 2006, tá cúlra aige san eolaíocht agus go háirithe eolaíocht ríomhaireachta agus matamaiticí. Chaith sé cheithre bhlian ag obair i réadlann Dairbhre i gcontae Chiarraí sular bhog sé go dtí an ceanncheathrú i Glasnaíon áit a bhfuil sé ina bhall den rannóg taighde. Déileálann sé le fiosruithe uaidh na meáin agus ón bpobal agus is féidir é a chloisteáil go rialta ar raidió na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna ar gach cineál aimsir. Beidh an podchraoladh nua uaidh Met Éireann á chur i láthair aige.
Clár a h-aon - Athrú Aeráide
Sa chlár seo, breathnóidh muid ar bhuntréithe athrú aeráide. Cad é an éifeacht teach glás? Conas a oibríonn sé? Agus conas a chuidíonn astaíochtaí gáiseannaí teach glás lenár n-athrú
aeráid?
Labhraímid ar ár n-astuithe carbóin agus cad é an gaol idir méadú
dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar agus teochtannaí ag meadú?
Cé mhéad a mhéadóidh teochtaí domhanda faoi dheireadh an chéid seo?
Cé mhéad a mhéadóidh leibhéil na farraige?
Agus cúis imní, cé chomh luath agus a d’fhéadfadh samhradh na hArtach a bheith saor ó oighear?
Tá ceol scríofa den clár ag Donal Black Met Éireann agus tá cór Met Éireann mar chuid de
– Na Isobars – a sheinneann amach le leagáin álainn de Samhradh Samhradh.
Clár a Dó - Cad is cúis le Aimsir na hÉireann
Clár a dó, cuir síos
Bíonn tionchar ollmhór ag an aimsir ar shaol laethúil na hÉireann. Mar sin féin, cad a spreagann an aimsir agus an aeráid a bhíonn againn sa tír seo? Sa chlár seo, beidh muid ag freagairt na ceiste ‘Cad is cúis le Aimsir na hÉireann?’.
Ar an gcéad dul síos, cén fáth a bhfuil aimsir againn ar chor ar bith?
Tosóimid leis na bunphróisis dhomhanda agus ansin díreoidh muid isteach ar Éirinn.
Cén tionchar a bhíonn ag cruth, uainíocht agus ais an domhain ar ár n-aeráid? Cad é “brú aeir “? Cén fáth a bhfuil foraoisí báistí agus fásaigh le feiceáil i mbandaí domhanleitheadacha comhchosúla ar fud na cruinne? Cén fáth go mbíonn brú íseal ag Éirinn go minic agus brú ard ag limistéir eile?
Cén chaoi a mbíonn tionchar ag na rudaí atá ag tarlú san atmaisféar cúig nó deich gciliméadar os cionn ár gceann ar ár drochaimsir?
Cad é an scaird-sruth agus cén fáth a bhfuil sé níos láidre sa gheimhreadh ná an samhradh? Cad é an fronta polar agus cén taobh de ar mhaith linn a bheith ann? Cén fáth go bhfaigheann muid na stoirmeacha is dian san fhómhar agus sa gheimhreadh de ghnáth.
Tá Edmonton i gCeanada ar an domhanleithead céanna le Baile Átha Cliath, ach is é meánteocht íosta Edmonton i mí Eanáir ná -15 ° C agus i mBaile Átha Cliath tá sé + 2.4 ° C. Cén fáth?
Má tá Éire ar an domhanleithead céanna le Edmonton i gCeanada, in Alasca sna Stáit Aontaithe agus i Moscó cén fáth nach bhfuil aeráide chomhchosúla againn?
Conas a dhéanann an tAigéan Atlantach maolú ar ár n-aeráid?
Cad is mais aer ann? Cén chaoi a gcruthaíonn sé agus cén tionchair a bhíonn aige ar an cineál aimsire is féidir linn a bheith ag súil leis?
Tá Edmonton i gCeanada ar an domhanleithead céanna le Baile Átha Cliath, ach is é meánteocht íosta Edmonton i mí Eanáir ná -15 ° C agus i mBaile Átha Cliath tá sé + 2.4 ° C. Cén fáth?
Má tá Éire ar an domhanleithead céanna le Edmonton i gCeanada, in Alasca sna Stáit Aontaithe agus i Moscó cén fáth nach bhfuil aeráide chomhchosúla againn?
Conas a dhéanann an tAigéan Atlantach maolú ar ár n-aeráid?
Cad is mais Aer ann? Cén chaoi a gcruthaíonn sé agus cén tionchar a bhíonn aige ar an chineál aimsir is féidir linn a bheith ag súil leis?
Déanaimid na heachtraí a dhúnadh amach anois le cór Met Éireann – Na Isobars – agus a n-athdhéanamh ar braon báistí ag titim ar mo cheann.
Clár a Trí - Spéirligí
Maireann séasúr na Spéirligí i Meiriceá Thuaidh ó Mheitheamh go Samhain, mar sin an mhí seo beidh muid ag foghlaim faoi spéirlingí.
An raibh a fhios agat gur ón Afraic a thagann thart ar 70% de na spéirlingí a théann i bhfeidhm ar na Stáit Aontaithe ó dheas agus in oirthear na hAfraice, nó nach iad na gaotha láidre an chuid is contúirtí de?
Sa chlár seo gheobhaidh tú amach níos mó faoi seo, chomh maith leis na comhábhair a caitheadh bheith ann le haghaidh Spéirling a fhoirmiú, áit a bhfaigheann tú na gaotha is láidre i spéirling, cén fáth a n-eitiltíonn eitleáin isteach i spéirlingí san Ionad Náisiúnta Spéirling agus cad é an bhagairt is mó uaidh(ní gaoithe agus ní báisteach é).
Déanaimid tagairt freisin air spéirlingí Katrina, agus Ophelia, déanaimid plé ar cén bhealach a féidir spéirlingí dul i bhfeidhm ar Éirinn agus ar an gcaoi a dtéann athrú aeráide i bhfeidhm ar ár n-aeráid anois agus amach anseo.
Clár a Ceathair - Anord agus Ríomhaireacht i Réamhaisnéis na hAimsire
Is é an Tuar Uimhriúil Aimsire (NWP) go bunúsach an bealach a úsáideann muid ríomhairí chun cuidiú leis an aimsir a thuar. Sa lá atá inniu ann tá cuid de na ríomhairí is cumhachtaí ar domhan tiomanta do réamhaisnéis na haimsire agus d’fheidhmeanna aeráide. Sa chlár seo, labhraímid faoi na coincheapa atá taobh thiar de ríomhairí a úsáid chun an aimsir a thuar, cé chomh cruinn is atá siad agus céard iad na constaicí i dtéarmaí scála agus fhad an réamhaisnéis. An féidir leo a rá linn an bhfaighidh muid Nollag bhán i mbliana?
Déanaimid plé ar an éifeacht féileacán agus ar an gcaoi a dtéann anord san atmaisféar i bhfeidhm ar ár réamhaisnéisí, agus labhraímid faoi chórais tuartha “ensemble” agus an bealach a bhfuil siad ag athrú ár dtuairimí agus ár réamhaisnéisí aimsire.
Mar is gnáth, déanann cór Met Éireann – Na Isobars – an chlár a dhúnadh amach. An mhí seo déanann siad leagain amach ar an Amhrán Snámha.
Clár a Cuig - Dhairbhre
Sa chlár seo insíonn Ferdia McCrann dúinn faoi stair réadlann Dhairbhre agus cá bhfuil sé ag dul amach anseo.
Tosaíonn scéal Réadlann Dhairbhre i gCo. Chiarraí le longbhriseadh i 1859. Leanann sé ar aghaidh le leagan an chéad chábla teileagrafaigh ó Mheiriceá go dtí an Eoraip, Cogadh Cathartha na hÉireann, gluaiseacht na Réadlainne ó Oileán Dhairbhre go dtí an mórthír ag Cathair Saidhbhín agus éabhlóid mheitéareolaíochta ó bhreathnóireacht uair amháin go dtí taifeadaí leanúnach ón talamh agus spéir.
Clár a Sé : Taobh thiar de dhoirse Met Éireann le linn eachtra drochaimsire
Is féidir le stoirmeacha agus drochaimsir tionchar a imirt ar Éirinn cúpla uair sa bhliain, agus is ról tábhachtach do Met Éireann é a chinntiú go bhfuil an pobal agus a sheirbhísí ar an eolas go maith faoi na himeachtaí seo.
Sa chlár seo, tugann Ferdia léargas dúinn ar na hullmhúcháin agus ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i Met Éireann nuair atá imeacht aimsire ag druidim inár dtreo.
Ina dhiaidh sin, labhairíonn Ferdia faoi feachtas ‘Bí réidh don Gheimhridh’, conas ár follaraimhí a léirmhíniú, agus an fáth a n-ainmimid stoirmeacha. Chun an clár a dhúnadh, tá cór Met Éireann – na Isobars.
Clár a Seacht - Nollag Bán
In eagrán na Nollag de Phodchraoladh Met Éireann, beidh muid ag plé gach rud sneachta. Cloisimid faoi cé chomh minic a bfhaigheann muid Nollag bhán, cé chomh minic is a bhíonn sneachta go ginearálta, agus déanaimid athbhreithniú ar chuid de na himeachtaí móra sneachta a bhí againn in Éirinn. Freisn chloisimid faoi théamh tobann stratospheric.
Clár a hOcht - Tonnta na hÉireann agus eolaíocht an tonnmharcaíocht
Sa chlár an mhí seo beidh muid ag caint faoi tonnta nó maidhmeannaí agus eolaíocht an tonnmharcaíocht nó surfáil.
Cén chaoi a bhfoirmíonn tonnta? Cén fhad is féidir leo taisteal? Céard é todhchaí na dtonnta in Éirinn?
An ról tábhachtach atá ag an ngaoth ar na tonnta agus i surfáil agus go ginearálta .
É seo go léir agus i bfhad níos mó.
Friesin sa gclár an mhí seo beidh an Aoichainteoir agus marcadóir tonnta Greg O Braonáin liom ag caint faoi cad a chiallaíonn sé a bheith ina mharcadóir tonnta sa tír seo.
Clár a Naoi - Fiach Stoirme
Sa chlár an mhí seo foghlaimímid faoin gcaoi a bhfoirmíonn tornádó agus faoi siúd a théann ag fiach iad.
Chuaigh chuid de mo chomhghleacaithe as Met Eireann ar thuras ag fiach stoirme i caolsráid na tornádó le déanaí, agus ba é sin an inspioráid a bhí taobh thiar den chlár seo.
Freisin foghlaimímid go leor faoi tréithe na stoirmeacha ollmhór seo agus cé chomh contúirteach is atá said.
Cé chomh mór is a bhí an cloch shneachta is mó I riamh agus cé chomh te is atá tintreach, chomh maith le go leor fíricí eile.
Clár a Deich - Antartaice Aimsir & Maireachtáil
Is beag áiteannaí ar domhan níos dúshlánaí le maireachtáil na an mór-roinn is tirime, is gaofar, is fuaire agus chomh faide ó dheas ar domhan is sin é an Antartaice.
Tá sé Níos mó ná an Astráil agus an Eoraip le chéile, beagnach gan daonra ar bith agus chomh fada ón tsibhialtacht is féidir leat a fháil.
Gach bhliain téann grúpa beag daoine eolaí den chuid is mó chun cónaí agus obair ar an bpíosa oighir iargúlta seo agus chloiseadh muid beagánín faoi conas a bhfuil an saol acu nuair atá siad ann agus iad ina a chónaí sna bun champaí atá lonnaithe ann.
Clár 11- Aimsir agus Aeráid : Firicí agus Miotas
Tá na seanfhocailí aimsire á bhfiosrú againn sa chlár an mhí seo, chun fíricí a scaradh ó miotas.
Ó spéartha dearga san oíche go bó ina luí, cloisimid faoin gcaoi a d’fhéadfadh na nathanna seo a bheith forbartha agus má tá cos meitéareolaíoch acu le seasamh ar!
Pléann Ferdia freisin cuid de na miotais agus na míthuiscintí coitianta maidir le hathrú aeráide, agus soláthraíonn sé na fíricí atá taobh thiar de théamh ár an bplainéad.
Freisn cloisimid uaidh cóir Met Éireann ag deireadh an chlár.
Spéir dhearg taobh thiar de radar Báistí Aerfort na Sionainne Met Éireann.
An dtaitníonn spéir dhearg san oíche le haoirí i ndáiríre? ‘Nuair a bhíonn fáinleoga ag eitilt go hard a mbeidh an aimsir tirim?.
Baineadh úsáid as roinnt córais radair báistí chun iompar saithí éan agus feithidí a aithint i coinnialachaí aimsire áirithe. Déantar imscrúdú ar na nathanna cainte seo agus go leor eile san gclár seo.
Cór Met Éireann – 'The Isobars'
Met Éireann choir – The Isobars
Á Stiúradh ag Aoife Murray.
Le tionlacan ó Dhónal Dubh ar an bpianó agus Linda Hughes ar an veidhlín. Bunaíodh cór Met Éireann, ‘The Isobars’ go luath in 2017 agus tá sé bunaithe ag Ceanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Ghlac comhaltaí foirne atá ag fónamh agus atá ar scor ó gach rannán san eagraíocht le ballraíocht den chór. Is éard atá i stór amhrán an chóir amhráin a bhaineann leis an aimsir go príomha. Thaitin iad seo go mór le daoine nuair a chan an cór ag comhdháil bhliantúil Chumann Meitreolaíochta na hEorpa in 2017, ag The Wind the Shakes the Island’, comhdháil ag gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath in 2018, agus ag Comórtas Chór Ionad Oibre na Bliana in 2017 agus 2018. Tá ríméid ar The Isobars a bheith ag cur le podchraoladh nua Met Éireann agus cuirfidh siad deireadh le gach eipeasóid le hamhrán nua.
Sopráin: Sarah Gallagher, Sheila McGuinness, Liz Walsh
Ailt: Elizabeth Coleman, Linda Hughes, Phil Stokes, Laura Zubiate
Teanóir: Colm Clancy, Michael McAuliffe
Doird: Paul Downes, Matt Roberts
Canann The Isobars Samhradh, Samhradh (traidisiúnta, ní heol an cumadóir). Scríobh an bailitheoir ceoil ón 19ú haois, Edward Bunting, gur dóchúil go bhfuil ‘Samhradh, Samhradh’ or ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ “an-ársa.” Léirítear san amhrán traidisiún Lá Bealtaine ina n-iompraítear bábóga na Bealtaine ar fud na tuaithe. Ceaptar gur cumadh an t-amhrán i gCeantar Oiriall ar theorainn Lú/Ard Mhacha. Tá athbheochan déanta ar an amhrán le déanaí i ndiaidh go ndearna The Gloaming taifeadadh ar leagan de.
‘Raindrops Keep Fallin’ on My Head’, Burt Bacharach agus Hal David. Cumadh an t-amhrán sa bhliain 1969 don scannán ‘Butch Cassidy and the Sundance Kid.’ Rinne B.J. Thomas é a thaifeadadh don scannán agus scaoileadh ina dhiaidh sin é mar shingil, agus ba é an chéad amhrán a bhain barr na gcairteacha amach sna 1970idí sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh sé Duais an Acadaimh ina dhiaidh sin don amhrán Bunúil is Fearr. Níorbh ionann an t-amhrán agus na hamhráin eile a bhí á seinm ag an tráth sin mar gheall ar a fhonn álainn agus na liricí dearfacha atá ann. I measc na n-amhrán eile a bhí á seinm, bhí ‘Whole Lotta Love’ le Led Zepplin agus ‘Come Together’ le The Beatles.