Éist Le Tuar Na Haimsire

An maith leat éisteacht le réamhaisnéis na haimsire?

Tá réamhaisnéis fuaime na haimsire ar fáil go laethúil ó Met Éireann anois mar phodchraoladh, arna thaifeadadh ag ár réamhaisnéiseoirí aimsire i  Lár-Oifig Anailíse agus Réamhaisnéise Met Éireann (LOAR/CAFO). Féach Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann ar d’imreoir podchraolta – tá sé ar fáil anois ar Apple PodcastsGoogle PodcastsSpotify, Stitcher agus ar go leor seinnteoirí eile.

Is bealach éasca ar ardrochtain é an podchraoladh seo chun réamhaisnéis na haimsire a fháil amach agus tú i mbun taistil. Agus má tá cainteoir cliste agat sa bhaile, cuir ar bun é chun nasc a dhéanamh le Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann agus glaoigh air ag am ar bith chun an réamhaisnéis is déanaí a cloisint

Déantar an réamhaisnéis a huasdátú 3 huair sa lá – ag thart ar 6rn, 1in agus 6in – le mion-réamhaisnéis na haimsire don lá inniu agus anocht, an t-ionchas don tseachtain amach agus sonraí faoi aon rabhaidh aimsire a eisíodh.

Is féidir leat brú-fhógra a fháil fiú chun a chur in iúl duit aon uair a eisítear an podchraoladh is déanaí – cuir a leithéid ar bun trí na socruithe ar d’aip podchraolta.

Siad na réamhaisnéiseoirí aimsire de chuid Met Éireann ná Gerry Murphy, Deirdre Lowe, Joanna Donnelly, Michelle Dillon, Siobhán Ryan, Liz Walsh, Elizabeth Coleman, Matthew Martin, Gavin Gallagher, Linda Hughes, Andrew Doran-Sherlock, Paul Downes, Emer Flood, Aoife Kealy agus Mark Bowe.

Nó éist leis an imreoir thíos.

Tá dhá shraith podchraolta eile ar fáil freisin ar gach seinnteoir podchraolta:

Réamhaisnéiseoirí Aimsire Met Éireann


Gerry Murphy

photo of Gerry Murphy

Gerry Murphy

Is meitéareolaí as Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin é Gerry Murphy.

Rinne sé staidéar ar an Eolaíocht i COBÁC agus bhain sé céim Onóracha amach san Fhisic Thurgnamhach. Thosaigh sé le Met Éireann i 1992 agus bhí sé ina Phríomh-Eolaí ag Réadlann Dhairbhre i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí go dtí 1999. Ansin, chríochnaigh sé céim Mháistir i dtomhas speictreach na radaíochta Ultraivialait-B. Tar éis dó bogadh go Baile Átha Cliath, d’oibrigh sé mar agraimeitéareolaí le Met Éireann go dtí 2001. Ba é an taithí is suntasaí a bhí aige sa ról seo ná oibriú ar ghnéithe meitéareolaíochta den Ghéarchéim Crúibe is Béil.

Tá sé ina réamhaisnéiseoir aimsire ó 2001 agus tá sé ag craoladh réamhaisnéisí aimsire ar raidió RTÉ a hAon agus ar Theilifís RTE a hAon le breis agus 20 bliain. Is breá leis ‘scéalta aimsire’ na ndaoine a chloisteáil agus is breá leis cúrsaí aimsire a phlé le feirmeoirí gach bliain ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.

Tá suim mhór ag Gerry sa spórt. D’imir sé peil Ghaelach go hiomaíoch ar feadh blianta fada agus chuidigh sé le foirne Peil Ghaelach a bhainistiú agus a chóitseáil. Is breá leis a bheith amuigh faoin aer agus coimeádann sé aclaí agus gníomhach ag rith, ag siúl agus ag rothaíocht. Taitníonn taisteal, ag freastail ar ceolchoirmeacha agus dul chuig an bpictiúrlann leis freisin. Is é U2 an banna ceoil is fearr leis. D’fhoghlaim sé conas giotár a sheinm in 2020 agus is caitheamh aimsire an-suaimhneach agus taitneamhach é.


Linda Hughes

Linda Hughes

Linda Hughes

Thosaigh Linda Hughes ag obair ina meitéareolaí le Met Éireann sa bhliain 2019 agus tá sí ag obair le cúrsaí eitlíochta agus réamhaisnéisiú go ginearálta araon ó shin. Is éard atá mar chuid den ról atá aici ná podchraoladh réamhaisnéise aimsire Met Éireann a chur i láthair gach lá agus réamhaisnéisí aimsire ar theilifís agus raidió RTÉ a ullmhú agus a chur i láthair freisin. Thosaigh Linda a gairm i réamhaisnéisiú na haimsire sa bhliain 2013, ag obair ina réamhaisnéiseoir mara agus ina hanailísí bealaigh long in Albain. Tá creidiúnú RMet aici a bhronn an Cumann Ríoga Meitéareolaíochta uirthi. Is as Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe í Linda agus rinne sí staidéar ar an Eolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus rinne sí speisialtóireacht san Fhisic Thurgnamhach, sular chríochnaigh sí Céim Máistir sa Mheitéareolaíocht Fheidhmeach in Ollscoil Reading. Nuair a bhí sí óg, bhí an ceol lárnach i saol Linda. Casann sí an pianó agus an veidhlín agus tá sí ina ball de Cheolfhoireann Chontae Chill Dara, grúpa ceoil thraidisiúnta Met Éireann, ‘Ceo’ agus cór Met Éireann, ‘The Isobars’.  


Siobhán Ryan

Siobhán Ryan

Siobhán Ryan

Thosaigh Siobhán ag réamhaisnéisiú le Met Éireann sa bhliain 2006 agus tá sí ar theilifís na hÉireann ó bhí samhradh na bliana 2011 ann. Roimhe seo bhí sí ag obair ina Breathnóir Meitéareolaíochta in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ina hOifigeach Meitéareolaíochta san Oifig Réamhaisnéise Anailíse Lárnaí.
Rinne sí staidéar ar an bhFisic i gColáiste na Tríonóide lena bunchéim a bhaint amach. Thaitin na healaíona go mór léi chomh maith leis an Eolaíocht, agus mar gheall air sin rinne sí Máistreacht sa Teoiric Scannánaíochta agus Léiriúchán in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Bhí an Eolaíocht á mealladh agus thug sí faoi thuilleadh staidéir a dhéanamh agus an uair seo chríochnaigh sí máistreacht sa Mheitéareolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ag an am céanna bhí sí ag coinneáil súil ghéar ar an aimsir ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus tá sí ina ball faoi láthair d’Fhoirne Saineolaithe éagsúla laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta. Tá an obair sin fíorthairbheach le béim ar dhea-chleachtas i Seirbhísí Rabhaidh & Réamhaisnéise ar scála domhanda. Is breá le Siobhán an chaoi a n-airíonn muid leis an aimsir go mór mór agus an méid atá an aimsir in ann cur i gcuimhneamh dúinn. Is í aimsir cheobhránach an aimsir is fearr léi.
‘Is maith liom lántairbhe a bhaint as mo chuid ama agus taitneamh a bhaint as réimse leathan suimeanna, tá ióga, damhsa, grianghrafadóireacht, ceol agus fiadhúlra i measc cuid de na suimeanna sin. Tá mé i mo chónaí gar don chathair agus taitníonn sé liom a bheith ag spaisteoireacht sa bhaile mór agus a bheith ag casadh le mo theaghlach agus cairde liom. Is breá liom freisin bailiú liom sna cnoic agus ar an gcósta, agus dul ag snámh anois is arís san fharraige nuair a bhíonn an aimsir go breá. Is é an t-amhrán ‘Riders on the Storm’ an cleas cóisire atá agam.’


Brandon Creagh

Brandon Creagh

Brandon Creagh

Thosaigh Brandon Creagh ag obair le Met Éireann i mí Mheán Fómhair na bliana 2020 agus chaith sé bliain ag obair ina mheitéareolaí sa rannán Breathnuithe, áit a raibh sé ag déanamh taighde ar mhodhanna maidir le haimsiú aimhrialtachta agus sonraí aeráide rialaithe cáilíochta.
Bhog sé go dtí rannán réamhaisnéise Met Éireann i mí Mheán Fómhair 2021, agus taitníonn an cineál dinimiciúil a bhaineann leis an aimsir a réamhaisnéisiú in Éirinn leis.
Sular thosaigh sé ag obair le Met Éireann, bhí sé ag staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sé céim onóracha baitsiléara amach san Eolaíocht Mhatamaiticiúil sa bhliain 2019. Chaith sé tamall freisin ag taisteal go dtí Hong Cong agus an Astráil, agus bhí sé ag obair i dtionscal an airgeadais. Ábhair Spéise Eile: Snámh san fharraige, cadhcáil, surfáil.

 


Joanna Donnelly

Joanna Donnelly

Joanna Donnelly
Is as Baile Átha Cliath í Joanna Donnelly agus tá sí pósta lena comhréamhaisnéiseoir, Harm Luijkx, as an Ísiltír. Tá triúr clainne acu, iníon amháin, Nicci, agus beirt mhac, Tobias agus Casper.
Rinne Joanna staidéar ar an Matamaitic Fheidhmeach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus bhain sí céim onóracha amach. I ndiaidh na hollscoile bhí sí ag obair i gcoláiste príobháideach i mBaile Átha Cliath sular thosaigh sí ag obair ina hoifigeach meitéareolaíochta le Met Éireann sa bhliain 1995, go dtí gur ceapadh í ina meitéareolaí sa bhliain 2000. Nuair a fuair sí an t-ardú céime sin, seoladh í chuig an gColáiste Oifige Met sa Ríocht Aontaithe chun oiliúint a chur uirthi le bheith ina réamhaisnéiseoir agus is san áit sin ar casadh Harm uirthi, a bhí tagtha ann ó Oifig Met na hÍsiltíre. Tá sí ag obair ina réamhaisnéiseoir agus ag craoladh ar RTÉ Raidió 1 ó bhí Feabhra 2002 ann agus ag craoladh ar an teilifís ó bhí 2015.
Tá na suimeanna atá aici leathan agus éagsúil agus is minic a bhíonn ionadh ar dhaoine nuair a fhaigheann siad amach gur cniotálaí agus bean fuála cumasach í. Is duine aclaí agus gníomhach í, a bhíonn ag rothaíocht chun na hoibre agus a bhfuil gnáthamh laethúil ióga aici, a bhíonn ag snámh san fharraige, ag rith agus ag glacadh páirt i dtrí-atlan agus a chríochnaigh Maratón Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2015. Is breá léi an phictiúrlann agus ceolamharclannaíocht agus bíonn sí ag seónna in Amharclann Bhord Gáis Energy go rialta – Is é ‘Top Hat’ an seó is fearr léi go dtí seo! Is breá léi a bheith ag léamh agus a bheith ag éisteacht le ceol freisin. Thosaigh sí ag foghlaim an phianó le déanaí agus d’fhill sí ar an oideachas foirmiúil chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

 


Mark Bowe

Mark Bowe

Mark Bowe

Forléargas Gairmiúil: Meitéareolaí idirnáisiúnta a bhfuil go leor taithí aige agus a bhfuil cúlra aige i réamhaisnéisiú mara, eitlíochta, tráchtála, poiblí agus na meáin chomh maith le bheith ag obair in Ionad Comhairleach an Luaithreamháin Bholcánaigh in Wellington agus i Londain araon sular tháinig sé abhaile faoi dheireadh go Met Éireann i mBaile Átha Cliath.
Gairm go dtí seo:Chuir Mark tús lena ghairim sa Nua-Shéalainn ar dtús, áit ar cuireadh oiliúint air agus ar oibrigh sé in éineacht le réamhaisnéiseoirí éagsúla idirnáisiúnta laistigh de Sheirbhís Met na Nua-Shéalainne. Chuir sé réamhaisnéisí ar fáil do na hearnálacha eitlíochta, mara agus poiblí chomh maith le go leor cliaint tráchtála lena n-áirítear Fórsa Ríoga Aeir na Nua-Shéalainne agus NASA. Bhí sé ag obair freisin laistigh d’Ionad Comhairleach an Luaithreamháin Bholcánaigh in Wellington ag déanamh monatóireacht ar ghníomhaíocht luaithreamháin bolcáin i mbolcáin an Aigéin Chiúin Theas.
Bhog Mark ansin ina mheitéareolaí sinsearach oibriúcháin le hOifig Met na Ríochta Aontaithe in Exeter sa Ríocht Aontaithe, áit a raibh sé ag obair san eitlíocht agus san iompar de mhuir is tír sular ghlac sé páirt sna foirne Guaiseacha Comhshaoil agus Luaithreamháin Bolcáin.
Thug an chéim is deireanaí ina ghairm chuig Met Éireann é, áit a mbíonn sé ag obair ar na codanna Ginearálta agus Eitlíochta araon agus áirítear sa ról sin réimse leathan réamhaisnéisí a chur ar fáil do phobal na hÉireann agus do chliaint Met Éireann ar fud na tíre.

Caithimh Aimsire: Taisteal ar fud an domhain a oiread agus is féidir agus iarracht aithne a chur ar go leor daoine suimiúla ar an mbealach. Agus iarracht caife maolbhán sách maith a aimsiú atá in ann dul in iomaíocht le caighdeán an chaife a d’fhág sé ina dhiaidh sa Nua-Shéalainn.


Deirdre Lowe

Deirdre Lowe

Deirdre Lowe

Is réamhaisnéiseoir le Met Éireann a bhfuil neart taithí aici í Deirdre. Is as Béal Feirste ó dhúchas í agus tá céim onóracha sa mhatamaitic aici ó Ollscoil na Banríona. I ndiaidh di an chéim a bhaint amach, mhúin sí ar feadh bliana agus ghlac sí le post ansin le hOifig Met na Ríochta Aontaithe, áit ar cuireadh oiliúint uirthi le bheith ina meitéareolaí agus réamhaisnéiseoir. Bhí sí i mbun taighde in Bracknell ar feadh blianta aoibhne agus ansin bhí sí ag obair ina réamhaisnéiseoir ag Ionad Aimsire Londan, a bhí suite i gcroílár Londan ag an am agus a bhí iontach ar fad. Mar sin féin, cosúil leo siúd a chuaigh roimpi, bhuail fonn í dul ar ais go hÉirinn agus obair ina réamhaisnéiseoir le Met Éireann agus tá sí ag obair ansin ó shin i leith. Cé go bhfuil Deirdre ag iarraidh a bheith ina cónaí gar do lár na cathrach agus a bheith gar do chaiféanna, bialanna agus ionaid cheoil, is maith léi freisin dul amach faoin tuath agus is breá léi dul go Binn Éadair agus Oileán an Bhull chun aer na farraige a fháil. Is é Dahab san Éigipt an áit is fearr léi thar lear le dul ag taisteal agus d’fhoghlaim sí conas tumadóireacht scúba a dhéanamh ansin.

 


Paul Downes

Paul Downes

Paul Downes
Gairm go dtí seo
• Meitéareolaí Oibriúcháin ag Met Éireann Bhaile Átha Cliath ó mhí Feabhra 2020 go dtí anois.
• Oifigeach meitéareolaíochta don Aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta, An Roinn Taighde, Met Éireann Bhaile Átha Cliath, mí an Mhárta 2018 go mí Feabhra 2020.
• Cumarsáidí riosca / bainisteoir cuntas seirbhíse/ ceann foirne loingseoireacht coimeádáin na hEorpa, Weathernews Inc. Cóbanhávan, An Danmhairg 2015 go mí na Nollag 2017.
• Cumarsáidí riosca maidir le turas a phleanáil, Weathernews Inc. Norman, Oklahoma, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2014 go 2015
• Mac Léinn Anailísí Radair, Saotharlann Náisiúnta Stoirmeacha Diana / Cooperative Institute of Mesoscale Meteorological Studies, Norman, Oklahoma, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2013 go 2014.

Gníomhaíochtaí Gairmiúla
Faighteoir ar Ghradam Weathernews Golden Glove le haghaidh ceannaireachta agus gaisce barr feabhais bainistíochta.
Comhalta boird ar choiste Idirnáisiúnta Chumainn Mheitéareolaíochta Mheiriceá maidir leis an aimsir agus straitéisí aeráide (ICWCS) 2013-2016
Ábhair Spéise Eile:
Grianghrafadóireacht aimsire/ tírdhreacha
Amhránaíocht
Snámh
Cócaireacht
Aisteoireacht amaitéarach


Andrew Doran-Sherlock

Andrew Doran-Sherlock

Andrew Doran-Sherlock
Gairm go dtí seo: Obair i dtionscail airgeadais agus chógaisíochta roimhe seo
Tosaithe ag obair le Met Éireann sa bhliain 2017 ina Oifigeach Meitéareolaíochta mar an tOifigeach Idirchaidrimh do Chustaiméirí agus na stáisiúin Aeráide Uathoibríocha atá ar fud na tíre a chur ar bun, a shuiteáil agus cothabháil a dhéanamh orthu
I láthair ag oiliúint meitéareolaí a reáchtáil KNMI (Seirbhís Náisiúnta Met na hÍsiltíre)
Obair ina réamhaisnéiseoir aimsire in Oifig Réamhaisnéise Anailíse Lárnaí ó bhí an bhliain 2020 ann
Gníomhaíochtaí Gairmiúla Comhalta de Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann
Ábhair Spéise Eile: Siúlóireacht, folláine, léitheoireacht

 

 


Aoife Kealy

D’oibrigh Aoife mar mheitéareolaí le Met Éireann le breis agus dhá bhliain. Thosaigh sí leis an eagraíocht den chéad uair i mí an Mhárta 2020, agus rinneadh í ina réamhaisnéiseoir ginearálta oibriúcháin iomlán i ngeimhreadh 2020.

Tógadh Aoife ar fheirm inar spreag a suim san aimsir ar dtús. Thosaigh sí ar a haistear chun a bheith ina meitéareolaí trí BA sa Mhatamaitic agus sa Tíreolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad sular chríochnaigh sí MSc san Athrú Aeráide.


Matthew Martin

An-tugtha leis an aimsir ó aois óg, Thosaigh Matthew Martin le Met Éireann go déanach in 2016 agus thosaigh sé ag obair mar Mheitéareolaí Oibriúcháin ar an urlár réamhaisnéise. Tar éis oiliúint ar an bpost á dhéanamh aige sa Réamhaisnéis Ghinearálta agus sa Réamhaisnéis Eitlíochta i nGlas Naíon, chríochnaigh Matthew a oiliúint réamhaisnéise ag an KNMI san Ísiltír. Sular thosaigh sé le Met Éireann, d’oibrigh Matthew mar Réamhaisnéiseoir Oibriúcháin do MeteoGroup i Londain.

Is as Port Mearnóg i gContae Bhaile Átha Cliath ó dhúchas Matthew agus bhain sé BA amach sna hEolaíochtaí Nádúrtha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sular bhain sé Máistreacht sa Mheitéareolaíocht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ina chuid ama saor, is maith le Matthew a bheith ag féachaint ar spórt, ag imirt gailf, ag déanamh a dhícheall dul chuig an ionad aclaíochta agus ag taisteal.