Glao ar Thaighde 2024

Glao ar Thaighde Met Éireann 2024

Funding opportunities for data scientists, climate scientists, hydrologists, modellers, etc.

For more information, please see the webinar video and supporting documents below.

Ceisteanna Coitianta

Ábhar 1: Clár AISTRIGH – Eolas

Ábhar 2: Réamhaisnéis tuilte ilghuaiseach – Eolas

Ábhar 3: Feidhmchláir radair aimsire- Eolas

Met Éireann logo and plain title graphic announcing Research Call 2024

Is glao iomaíoch taighde é Glao ar Thaighde Met Éireann 2024 ar iarratais, faoi Chlár Aimsire agus Aeráide Met Éireann, atá oscailte d’Institiúidí Ardoideachais uile na hÉireann. Is díol spéise ar leith iad na trí ábhar taighde agus déantar cur síos orthu thíos.

Príomhdhátaí

  • Glao ar oscailt: Dé Máirt an 12 Samhain 2024.
  • Spriocdháta an Ghlao: Dé hAoine an 10 Eanáir 2025 ar 17:00.
  • Cuirfear cosc leis an gcóras go huathoibríoch ar iarratas a chur isteach tar éis an spriocdháta.
  • Spriocdháta formheasa na heagraíochta: Dé hAoine an 17 Eanáir 2025 ar 17:00.
  • Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo: R1 2025.

 

Ábhar 1: Clár AISTRIGH

Tá iarratas á lorg ag Met Éireann chun tacú leis an tríú leagan den Chlár AISTRIGH. Tá an tÁbhar seo dírithe ar réamh-mheastacháin náisiúnta aeráide d’Éirinn a chaighdeánú agus a phríomhshruthú ar fud amscálaí agus cásanna agus ar sheirbhísí aeráide a fhorbairt chun athléimneacht na hÉireann i leith an athraithe aeráide a fheabhsú trí thacú le riachtanais faisnéise aeráide earnáil oiriúnaithe na hÉireann agus na gcinnteoirí in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an gClár AISTRIGH na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

  1. Tacar sonraí caighdeánaithe náisiúnta i dtaca le réamh-mheastachán aeráide a fhorbairt ó amscálaí bliantúla go hamscálaí aeráide.
  2. Seirbhísí aeráide inscálaithe agus in-atáirgthe a fhorbairt atá dírithe ar fhaisnéis aeráide a chur i ngníomh chun tacú le cinnteoireacht éifeachtach rioscabhunaithe faoi neamhchinnteacht.
  3. Feabhas a chur ar líon na ndaoine a úsáideann faisnéis aeráide agus seirbhísí aeráide le haghaidh cinnteoireachta trí thaighde ar sheirbhísí aeráide a aistriú go héifeachtach.
  4. Feabhas a chur ar an gcumarsáid ar fud an phobail go léir ionas gur féidir leis an tsochaí dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an neamhchinnteacht a bhaineann leis ar bhealach níos fearr.
  5. Tacú leis an gCreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide (CNSA) chun an pobal seirbhísí aeráide náisiúnta a neartú ar fud an chomhéadain taighdeora – cleachtóra – lucht ceaptha beartas.

Tá an Clár AISTRIGH mar bhonn faoi go leor treoracha aeráide bunriachtanacha náisiúnta agus áitiúla. Cuireann sé go díreach leis an gCreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide (CNSA) chun tacú le forbairt, comhordú agus caighdeánú seirbhísí aeráide ar fud na tíre. Tá sé mar bhonn ag réamh-mheastacháin le haghaidh Aeráid Éireann, an tairseach náisiúnta maidir le hoiriúnú don aeráid. Tá sé leabaithe sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe (CNO) agus sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide (MRNAA) agus mar thoradh air sin tacaíonn sé le pleananna áitiúla gníomhaithe ar son na haeráide agus le pleananna oiriúnaithe earnála atá sainordaithe ag an Rialtas. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfuil faisnéis agus seirbhísí ón gclár ábhartha agus láidir fós chun a chinntiú go mbeidh beartas agus cinntí bunaithe ar an bhfaisnéis aeráide is cruinne agus is déanaí, chomh maith lena chinntiú go bhfuil rochtain ag cinnteoirí ar shonraí aeráide den chaighdeán is airde nuair is gá agus go bhfuil comhsheasmhacht sna timthriallta pleanála.

Tá iarratais á lorg ag Met Éireann chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar thrí théama taighde a ndéantar cur síos orthu mar Fho-ábhar 1.1, Fo-ábhar 1.2 agus Fo-ábhar 1.3 thíos.

Fo-ábhar 1.1: Sonraí atá mar Bhuntaca

measc na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo tá:

1) Cásanna náisiúnta nuashonraithe de chuid AISTRIGH maidir leis an athrú aeráide.

2) Tacar sonraí caighdeánaithe náisiúnta ar bhonn bliantúil go gach deich mbliana a fhorbairt i gcomhréir le ensemble agus modheolaíocht AISTRIGH atá ann cheana féin i gcás inar iomchuí.

3) Seirbhísí aeráide in-atáirgthe agus inscálaithe ábhartha a fhorbairt ón dá thacar sonraí.
Maidir le Fo-ábhar 1.1, lorgaítear tograí a mhairfidh 48 mí ar a mhéid agus le buiséad uasta €600k.

 

Fo-ábhar 1.2: An riosca a bhaineann le hadhaeráid a thuiscint

I measc na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo tá:
1) Athbhreithniú foilsithe ar dhálaí athraitheacha adhaeráide in Éirinn thar thréimhsí ama agus thar chásanna.

2) Catalóg de theagmhais adhaimsire san am a chuaigh thart agus conas a d’fhéadfaidís sin athrú sa todhchaí.

3) Cás-staidéir maidir le teagmhais iolracha nó meascán de theagmhais – (teagmhais fhoircneacha nó teagmhais as a dtagann iarmhairtí foircneacha).

4) Cás-staidéir maidir le hathrú riosca.

5) Forbairt scéalta aeráide in-atáirgthe bunaithe ar theagmhais atá ag tógáil ar an gclár AISTRIGH.

Maidir le Fo-ábhar 1.2, lorgaítear tograí a mhairfidh 48 mí ar a mhéid agus le buiséad uasta €600k.

 

Fo-ábhar 1.3: Seirbhísí Aeráide

Ag tógáil ar aschuir ó Chlár AISTRIGH, lorgaítear seirbhísí aeráide inscálaithe agus in-atáirgthe atá dírithe ar fhaisnéis aeráide a chur i ngníomh chun tacú le cinnteoireacht rioscabhunaithe. Ba cheart go ndíreodh príomhghnéithe gach seirbhíse aeráide ar fhaisnéis agus neamhchinnteacht aeráide a chur in iúl agus a chomhtháthú trí scéalta aeráide nó ar shlí eile. Ba cheart gach cineál pobail a chur san áireamh, (i.e. an óige, an pobal, cinnteoirí, lucht ceaptha beartas etc.). Beidh gach seirbhís aeráide a fhorbrófar bunaithe ar réamh-mheastacháin chaighdeánaithe mar a shainmhínítear i bhfo-ábhair atá luaite cheana.

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas ar na seirbhísí aeráide atá le breithniú:

  1. Seirbhísí aeráide ilearnála.
  2. Seirbhísí aeráide ilghuaiseacha/cumaisc.
  3. Seirbhísí aeráide a bhaineann le hearnáil shonrach.
  4. Cur chuige córais i leith seirbhísí aeráide.

Maidir le Fo-ábhar 1.3, lorgaítear tograí a mhairfidh 24 mí ar a mhéid agus le buiséad uasta €300k.

 

Sineirgí agus comhoibriú a bhaint amach

Iarrtar ar iarratasóirí cur isteach ar gach Fo-ábhar ar leithligh.

Applications will be reviewed and considered independently. It is not mandatory to apply for more than one Sub-topic. Synergies and collaborations across the whole TRANSLATE Programme are however strongly encouraged. Should an applicant (and their possible collaborators) apply for more than one Sub-topic, proposals should indicate their relationship with one another. Applicants should demonstrate how synergies between Sub-topics could be achieved. Successful applicants will be expected to collaborate closely with other Sub-topics across the programme and with Met Éireann. For a more detailed description of the TRANSLATE Programme and Sub-topics, please contact researchfunding@met.ie.

 

Ábhar 2: Réamhaisnéis tuilte ilghuaiseach

Is guais nádúrtha ríthábhachtach iad tuilte in Éirinn, agus tá rioscaí méadaitheacha ann mar gheall ar an athrú aeráide agus ar theagmhais adhaimsire. Go stairiúil, rinneadh staidéar ar leithligh ar thuilte cósta agus abhann, ach tá réigiúin ina dtagann na córais sin le chéile, ar nós limistéir inbhir, i mbaol ó mheascán de na guaiseacha tuilte sin. Tá sé mar aidhm ag an ábhar seo samhail réamhaisnéisithe ilghuaisí comhtháite a fhorbairt ina dtugtar dinimic tuilte cósta agus abhann le chéile. Trí dhíriú ar phríomhinbhir na hÉireann, tá sé mar aidhm ag an ábhar ár dtuiscint ar an idirghníomhú idir sceitheadh abhann, taoide agus borradh stoirme a fheabhsú, rud a sholáthródh léargais luachmhara le haghaidh bainistíocht riosca tuilte.
Seo thíos cur síos ar roinnt de na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón Ábhar seo:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chuir chuige reatha agus dea-chleachtais maidir le samhaltú abhann-chósta.
  • Ceanglais sonraí maidir le samhaltú cúpláilte agus bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sna líonraí breathnóireachta reatha.
  • Forbairt ar shamhlacha tuilte cúpláilte ina gcomhtháthaítear córais chósta agus abhann.
  • Ionsamhlú ar chásanna tuilte éagsúla (e.g. báisteach throm ag an am céanna le taoidí lána).
  • Samhlacha a thástáil agus a bhailíochtú i réigiúin atá i mbaol tuilte cósta agus abhann araon go stairiúil.
  • Moltaí le haghaidh straitéisí réamhaisnéise tuilte.
  • Samhail abhann-chósta chúpláilte a d’fhéadfaí a úsáid i suíomh oibriúcháin.
  • Ceanglais maidir le sonraí breathnóireachta agus comhshaoil a shainaithint lena chinntiú go ndéanfar forbairt leanúnach ar chórais samhaltaithe chúpláilte amach anseo ar aon dul leis na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr.

Áirítear le raon feidhme an ábhair bailiú sonraí, forbairt samhla, tástáil agus ionsamhlú i gcásanna tuilte éagsúla.

Maidir le hÁbhar 2, lorgaítear tograí a mhairfidh 24 mí ar a mhéid agus le buiséad uasta €400k.

Ábhar 3: Feidhmchláir radair aimsire (Dépholarú)

Soláthraítear le líonra radair aimsire na hÉireann faisnéis ríthábhachtach ar fhrasaíocht fíor-ama ar fud na hÉireann. Is príomh-ionchuir iad sonraí agus táirgí ón líonra le haghaidh na bpróiseas táirgeachta maidir le réamhaisnéis agus rabhadh aimsire i Met Éireann. Tá líonra radair aimsire uasghrádaithe ag a bhfuil radair aimsire dhépholaraithe sa bhreis beartaithe chun seirbhís aimsire fheabhsaithe a sholáthar d’Éirinn agus chun an bonneagar riachtanach sin a thabhairt ar aon dul le noirm Eorpacha. Chun tacú leis an leathnú sin, tá dhá bhearna taighde ina n-ábhar spéise: 1) trasnaíocht a bhaineann le tuirbín gaoithe a shainaithint agus a mhaolú de réir mar a leanann fuinneamh gaoithe de bheith ag fás agus 2) sonraí dépholaraithe a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar chlocha sneachta mar go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar oibríochtaí bóithre.
Seo thíos cur síos ar dhá réimse spéise san ábhar seo.

Fo-ábhar 3.1: Tionchar Tuirbíní Gaoithe ar Shonraí Radair Aimsire Dépholaraithe

I measc cuid de na torthaí a rabhthas ag súil leo anseo bhí:

  • Imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tuirbíní gaoithe ar athróga polaraiméadracha (e.g. ZDR, ΦDP, ρHV) lena n-áirítear an úrscothacht is déanaí.
  • Uirlis bogearraí a fhorbairt is féidir a chur chun feidhme sa slabhra próiseála comharthaí oibriúcháin fíor-ama agus sonraí radair chun éifeacht na dtuirbíní gaoithe a íoslaghdú trí úsáid a bhaint as na sonraí ón radar dépholaraithe nua ag an tSionainn agus radair bhreise sa líonra leathnaithe.

Fo-ábhar 3.2: Monatóireacht agus foláireamh cloch sneachta

I measc cuid de na torthaí a rabhthas ag súil leo anseo bhí:

  • Imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar chás-staidéir ar theagmhais cloch sneachta trí úsáid a bhaint as sonraí radair aimsire dépholaraithe, sonraí ó líonra monatóireachta cloch sneachta Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus samhlacha tuair uimhriúil aimsire.
  • Athbhreithniú litríochta a dhéanamh ar halgartaim aicmithe hidrimeitéir le haghaidh sonraí radair aimsire dépholaraithe.
  • Feidhmchlár a fhorbairt a úsáideann sonraí radair aimsire dépholaraithe, sonraí samhail tuair uimhriúil aimsire agus sonraí ó líonra monatóireachta cloch sneachta BIÉ agus a sholáthraíonn uirlisí do réamhaisnéiseoirí chun monatóireacht agus foláireamh a dhéanamh ar theagmhais cloch sneachta i gceantair ar leith.

Maidir le hÁbhar 3, lorgaítear tograí a mhairfidh 36 mí ar a mhéid agus a bhfuil buiséad uasta €600k acu chun dul i ngleic le Fo-ábhar amháin nó níos mó.

 

Glao ar Thaighde Met Éireann 2024 – Ceanglas

Iarrfar ar iarratasóir tosaigh oibriú i ndlúthchomhar le Met Éireann agus lena pháirtithe leasmhara agus aistriú eolais a chinntiú leo. Cuirtear comhoibriú idirnáisiúnta chun cinn.
Moltar go láidir freisin tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí luathghairme agus moltar taighdeoirí PhD a earcú chun cuid den taighde sin a dhéanamh, nuair is féidir. Ní mór stipinn íosta bhliantúil €25,000 a thabhairt do thaighdeoirí PhD Met Éireann.

Glao ar Thaighde Met Éireann 2024 – Struchtúr Rialachais

Chun a chinntiú go gcuirtear gach Tionscadal chun feidhme de réir an dea-chleachtais, bunófar coistí stiúrtha saineolaithe le haghaidh Tionscadal. Roimhe sin, bunófar boird mheastóireachta an Tionscadail chun na tograí taighde is cuí a roghnú.

Glao ar Thaighde Met Éireann 2024; – Amlínte Táscacha an Tionscadail

Seo a leanas amlíne táscacha Ghlao ar Thaighde Met Éireann 2024:

  • Samhain 2024: Foilseachán Ghlao ar Thaighde 2024
  • Eanáir 2025: Spriocdháta le haghaidh Iarratas
  • Eanáir/Feabhra 2025: Meastóireacht Iarratas
  • R1 2025: Toradh Ghlao ar Thaighde 2024
  • R2/R3 2025: Iarratasóirí Rathúla le tús a chur le Tionscadail

 

Príomhdhátaí

  • Glao ar oscailt: Dé Máirt an 12 Samhain 2024.
  • Spriocdháta an Ghlao: Dé hAoine an 10 Eanáir 2025 ar 17:00.
  • Cuirfear cosc leis an gcóras go huathoibríoch ar iarratas a chur isteach tar éis an spriocdháta.
  • Spriocdháta formheasa na heagraíochta: Dé hAoine an 17 Eanáir 2025 ar 17:00.
  • Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo: R1 2025.

 

Ardán tíolactha

Bain úsáid as ardán deontais Met Éireann le do thoil chun d’iarratas a chur isteach de réir na dtreoracha atá ann: https://meteireann.smartsimple.ie.

Téarmaí agus Coinníollacha
Léigh ár dTéarmaí & ár gCoinníollacha le do thoil sula gcuirfidh tú iarratas isteach.

Próiseas achomhairc
Tá próiseas achomhairc Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fáil anseo.

Cód iompair na n-athbhreithneoirí
Tá cód iompair athbhreithneoirí Chlár Ghlao ar Thaighde Met Éireann ar fáil anseo.

Tacaíocht
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le hOifig Maoinithe Taighde Met Éireann trí ríomhphost a sheoladh chuig researchfunding@met.ie le do thoil.